D’fhéadfaí a rá go bhfuil *ethos* leathrúnda, neamhfhoirmeálta i gCLG a deir:
gur cluichí “
fearúla” iad peil agus iomáint agus is cód é sin a deir “má bhuailtear buille ort, glac leis ach tabhair ceann níos fearr ar ais in am cuí”;
go dtarlaíonn scliúchais ó am go ham de bharr theannas na hócáide ach nach bhfuil aon dochar ansin;
gur féidir an milleán a chur ar an réiteoir de ghnáth toisc (a) nach raibh smacht aige nó (b) gur shéid sé an fheadóg rómhinic agus araile; baineadh leas as (a) go minic i gcomhthéacs eachtraí na hÓmaí;
go bhfuil droch-chaint gháirsiúil inghlactha ag cluichí, ar an taobhlíne, i seomraí gléasta agus araile, go fiú agus mná agus gasúir i láthair.