Meas tú céard a cheapfadh an gnáth-Mheiriceánach faoi leithéidí Lieberman, a mhaíonn gurb é an stát Giúdach an comhghuaillí is fearr atá acu, dá mbeadh a fhios aige gur chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954 le heasaontas a chothú idir Nasser agus SAM; gur mharaigh Iosrael 34 Meiriceánach nuair a d’ionsaigh siad an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967; go ndearna spiaireacht na nIosraelach, go háirithe spiaireacht Jonathan Pollard, an-dochar go deo do SAM; go raibh cúigear gníomhairí Mossad ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh ionsaithe 9/11; gurb é Iosrael agus a gcairde i Meiriceá foinse na faisnéise bréagaí i dtaobh na hIaráice; agus faoi go leor gníomhartha fill eile nach iad?
Lena iarracht seo an t-idirlíon a mhúchadh, an é muintir Mheiriceá atá á chosaint ag Lieberman ó sceimhlitheoirí? Sin, nó an iad a leathbhádóirí
fealltacha atá á chosaint aige ó mhuintir Mheiriceá?