Chuir sé an iontas orm a léamh san Irish Times, thiar sna seascaidí go raibh foirne sacair i nGaeltacht Dhún na nGall a raibh an Ghaeilge á husáid mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc na n-imreoirí! Ag dul ó scil orm a bhí sé, cén chaoi a d’fhéadfá a bheith ag labhairt Ghaeilge agus ag imirt an chluiche ghallda.