Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faiseanta fashionable
" "Níl sé faiseanta an corp a léiriú ar bhealach traidisiúnta; tá claonadh láidir ann faoi láthair é a dhéanamh teibí.
faiseanta fashionable
" Bíonn sé faiseanta i measc réaltaí popcheoil drugaí a ghlacadh, agus molann cuid acu iad ina gcuid ceoil.
sorcas faiseanta fashionable circus
" Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo nó an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le rá ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn nó déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt? Tá an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach.
sna tithe breátha faiseanta in all the fine fashionable houses
" Ach ar fhilleadh go Baile Átha Cliath dom dúirt cara liom gur in Coca Cola a cócaráileadh an liamhás sna tithe breátha faiseanta ar fad in Sandymount an bhliain sin freisin.
dhomhan nuaghinte nuafhaiseanta na ríomhaireachta the nascent, newly-fashionable world of computing
" Tá dabht orm nach bhfuil, ach cionn is nach nós linn leas ar bith a bhaint as an aidiacht sin agus sinn ag caint nó ag meabhrú ar ghnáthréaltacht ár saoil laethúil, is fada ó chuir muid ina luí orainn féin nach dtéann an dá fhocal, "réaltacht" agus "fíorúil", nach dtéann siad le chéile taobh amuigh de dhomhan nuaghinte nuafhaiseanta na ríomhaireachta.
faiseanta fashionable
" D’éirigh sé faiseanta cuid de na hainmneacha Fiannaíochta seo a thabhairt ar pháistí san Eoraip, go háirithe sa Ghearmáin, agus is mar sin, blianta níos moille, a tháinig Uncail Oscar Margaret Herrick go Meiriceá.
chomh faiseanta agus galánta how fashionable and posh
" Caithfidh mé a admháil go raibh m’intinn dírithe ar an dreapadóireacht a bhí romhainn, ní ar an áit a raibh muid ag dul, agus bhí dearmad déanta agam ar chomh faiseanta agus galánta atá na siopaí i lár Mhanchain, agus mé gléasta mar Tom Crean, mála droma orm agus dhá phiocóid oighir ar an taobh amuigh.
daoine saibhre faiseanta rich fashionable people
" Chuaigh daoine saibhre faiseanta ann ó chian agus ó chóngar, agus bhí carráistí speisialta don áit ar an traein ó Londain.
dioscúrsa atá san fhaisean. fashionable discourse.
" Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta agus i gcoinne dioscúrsa atá san fhaisean.
lena gcultacha faiseanta in their fashionable clothes
" B’iad Emmet Spiceland an chéad ‘boyband’ Éireannach lena gcultacha faiseanta agus stíl ghruaige.
i measc an aosa óig fhaiseanta amongst the young and fashionable
" Is stíl Airgintíneach é an alpagarta atá an-choitianta i measc an aosa óig fhaiseanta le tamall anuas.