Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fadradharcach far-sighted
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
fadbhreathnaitheach far-sighted
" Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann fé, agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin.
an moladh fadradharcach the far-sighted recommendation
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
fadbhreathnaitheach far-sighted
" Bhí an tSeanadóir Pearse Doherty fadbhreathnaitheach, i dtaobh an méid a dúirt sé faoin comhthéacs polaitiúil ina raibh an straitéis á shocrú.