Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i bhfad ar shiúl far away
" Tá an t-achar idir baill na dteaghlach forleathnaithe sa tír ag fás leis, agus cinntíonn na háiteanna seo i bhfad ar shiúl, ina gcónaíonn tuismitheoirí agus seantuismitheoirí, nach mbeidh siad ina gcuid lárnach de shaol laethúil a bpáistí agus a ngarpháistí a thuilleadh.
i bhfad i gcéin far away
" Ón bpríomhdhoras tá tú in ann breathnú amach ar chuan Bhaile Átha Cliath agus ar Dhún Laoghaire i bhfad i gcéin.
i gcéin is i gcóngar far away and nearby
" Tagann na mílte duine agus a gcuid páistí ó áiteacha i gcéin is i gcóngar.
d'imeachtaí i bhfad is i gcéin to events far away
" Is minic a bhíonn tagairtí aige do bhia (ceapairí, fataí, cístí), do dheochanna (*hip flasks*, Southern Comfort, tábhairní), d'fhilí, don stair, d'imeachtaí i bhfad is i gcéin agus gach tagairt fite fuaite go deas néata trí ábhar an ailt.
níos faide ar shiúl ón lámh láidir further away from violence
" Má thig le hAdams agus a chairde bogadh níos faide ar shiúl ón lámh láidir, tá *vista* an-phléisiúrtha rompu, ainneoin iarrachtaí Michael McDowell.
A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt As far away from this place as you can take me
" "A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt, a mhic," arsa Deirdre agus léim sí isteach.
i bhfad ar shiúl far away
" Cuireann sé cathú orainn leis an ghloine fíona atá á síneadh aige inár dtreo ach cuireann Caravaggio in iúl dúinn nach bhfuil an truailliú agus an meath i bhfad ar shiúl.
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Áirítear é fosta ar cheann de na sléibhte is deise sna Beanna Beola, sliabhraon a chuireann eiteoga ar lucht siúl sléibhe agus dreapadóireachta i gcian is i gcóngar.
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Roimh na seascaidí bhí daoine ag brath ar na nuachtáin agus ar an raidió chun léargas a thabhairt dóibh ar chluichí móra agus ar ócáidí spóirt i gcian is i gcóngar.
i gcéin far away
" Ach botún atá éacsa a dhéanamh i gcás an té atá ag foghlaim i gcéin i mo bharúilse ná an iomarca béime a chur ar an teanga scríofa in ionad na teanga labhartha.
i bhfad ar shiúl far away
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den Impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
níos faide i gcéin further away
" Níl sé rófhada siar i stair na tíre seo ó bhí pictiúir le feiceáil ar an teilifís go rialta de dhaoine ag caoineadh agus iad ag dul ar eitleáin, ó Aerfort Chnoc Mhuire go Londain, cuir i gcás, agus níos faide i gcéin.
i bhfad ar shiúl far away
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den Impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
áiteanna iargúlta imigéiniúla remote far-away places
" Cibé faoin na státseirbhísigh is iomaí searbhónta poiblí nach bhfuil sásta teaghlach agus teallach, sólann agus dánlann, bialann agus iarsmalann, parlús suathaireachta agus club *lapdance* a thréigean agus aghaidh a thabhairt ar áiteanna iargúlta imigéiniúla i bhfad amach.
dhíreodh muid ar thailte níos faide i gcéin we would concentrate on lands further away
" Nuair a bheadh dreach Pharthais scriosta as éadan againn dhíreodh muid ar thailte níos faide i gcéin mar Phurgadóir nó Liombó agus bheadh ag na milliúin peacaí ag díol cíosa linn.
i bhfad i gcéin far away
" Tá rún ag an Taisce bailiúcháin thánaisteacha a chur le chéile ina mbeidh ceol traidisiúnta ó thíortha eile, ní hamháin na tíortha is cóngaraí dúinn – Sasana, Alba agus an Bhreatain Bheag – ach tíortha i bhfad i gcéin fosta.
i gcéin is i gcóngar. far away and nearby.
" Cé go bhfuil sé as an bhealach – níl seirbhís traenach go dtí an áit, fiú – téann daoine ansin ó áiteanna i gcéin is i gcóngar.
níos faide i gcéin, farther away,
" Tá an áit lán *multinationals* anois – ón Áis agus ón Rúis agus ón Afraic, agus fiú ó áiteanna níos faide i gcéin, ar nós na hEastóine agus na Polainne, *so it is*.
fiú má bhím píosa maith ar shiúl uaithi. even if I am quite far away from her
" Nuair a bhím thall ansin, déanaim iarracht i gcónaí mo dheirfiúr – atá ina cónaí in Cleveland – a fheiceáil, fiú má bhím píosa maith ar shiúl uaithi.
i bhfad i gcéin uainn. far away from us
" Ní fada uainn Manainn in aon chor ó thaobh na tíreolaíochta – dhá uair an chloig ar an mbád, 35 nóiméad san eitleán – ach is mó ár suim na laethanta seo i gcríocha tarraingteacha carbónbhunaithe i bhfad i gcéin uainn.
Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, Even though it is far away in our minds
" Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, níl Manainn ach ar leic an dorais againn i ndáiríre.
tír atá i bhfad i gcéin uathu a country which is far away from them
" Ba bheag dream a bhí ní ba ghlóraí ag cáineadh na Rúiseach ná ceannairí na Stát Aontaithe agus na Breataine, na tíortha céanna a raibh baint acu le bás na gcéadta míle duine de dheasca an ionraidh a rinneadh ar an Iaráic, tír atá i bhfad i gcéin uathu agus nach raibh ina bagairt ar bith dóibh.
i gcéin far away
" Ach caidé mar atá ag éirí le cultúr na hÉireann a fhréamhacha a shíniú thar sáile? An bhfuil rath le brath ar chultúr na hÉireann i gcéin? Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar gach uile áit a bhfuil rian de chultúr na hÉireann, ach más sampla ar bith é Virginia, áit a bhfuil mé féin faoi láthair, nílimid ag déanamh ródhona thar lear.
i bhfad ar shiúl far away
" 'Cé Chomh Mór is atá an Ghealach': =============== - "Cé chomh mór agus atá an ghealach?" - "An mbíonn an ghealach ar snámh cosúil le scamall?" - "An bhfuil an ghealach i bhfad ar shiúl uainn?" - Bíonn go leor, leor ceisteanna ag Cáit bheag do Mhamaí.
stair oileán i bhfad i gcéin a far away island’s history
" **An duais** ‘Nasc na Fola, Eachtraí na nDálach i bPórtó Ríce’ ==================== Nuair a sheolann na déagóirí Séamas agus Tomás Ó Dálaigh as Gaillimh chun na Spáinne le héalú ó dhaorsmacht na nGall in Éirinn san 18ú céad, is beag a shíleann siad go bhfuil sé i ndán dóibh lorg drámatúil a fhágáil ar stair oileán i bhfad i gcéin, Pórtó Ríce.
na Céine agus na Ciandachta of distance and far away hills
" ” I nDomhnach, Maitiúnas na mBrocanna ================== “Ó a Spéirbhean Chumhachtach na Céine agus na Ciandachta, ní hiad sin a thagann idir mé agus codladh na hoíche.
san imigéin far away
" Bhí a chuid ídéalachais ardaigeanta féin, a chreideamh dobhriste, tacaíocht phobal náisiúnach Éireann, meas an domhain, grá a mhnaoi Muriel is a dheirfiúracha Mary agus Annie – é sin go léir mar sciath chosanta aige ar leaba a bháis i gcillín coimhthíoch san imigéin ar feadh na tréimhse míthrócairí sin dó, fá ghlas mídhleathach ag Gallaibh, i bhFómhar dubh na bliana 1920.
i bhfad uaim far away
" Is breá liom na radharcanna galánta de na Beanna Boirche i bhfad uaim nó de thuaisceart Aontroma sa treo eile, nó de Bheann Mhadagáin, tírdhreach a cruthaíodh “sula dtáinig blianta nó laetha chun an tsaoil as broinn chian cheoch na haimsire,” mar a scríobh Séamus Mac Grianna faoi Ghaeltacht Thír Chonaill in An Druma Mór.
dtír i bhfad i gcéin a country far away
" Bím ag labhairt le cainteoirí Gàidhlige go rialta anseo, agus tá cuid acu ag déanamh iarrachta ar an Ghaeilge a fhoghlaim uaimse fiú! Is iontach an rud é go bhfuil mé anseo i dtír i bhfad i gcéin ach go bhfuil an deis agam comhrá a dhéanamh i mo theanga dhúchais le muintir na háite.
ní bhíonn lámh chúnta i bhfad riamh help is never far away
" “Cathracha iontu féin iad na bruachbhailte bochta, tá siad chomh mór sin – ach bíonn aithne ag gach duine ar a chéile agus ní bhíonn lámh chúnta i bhfad riamh.
i bhfad uainn i spás far away in space
" Cruthaíonn Banks fís réadúil den tsibhialtacht seo i bhfad uainn i spás ach a bheith comhaimseartha linn.
stair thír i bhfad i gcéin history of a country far away
" Croí an Scéil ====== “Sin rud a d'fhoghlaim mé i Kosovo mar thuig mé féin go raibh daoine sa mbaile nach dtuigfeadh mar ní féidir an teagmháil, an comhbhá, an tsuim chéanna a bheith agat i gcás stair thír i bhfad i gcéin ach tá suim ag gach duine sa scéal daonna, scéal duine amháin má tá siad in ann caidreamh a bheith acu le duine ar scáileán agus tuiscint níos leithne a fháil fríd sin.
as tír i bhfad i gcéin from a country so far away
" Chuir muid ceist orainn féin, cad chuige a raibh oiread sin geana ag an bhean seo as tír i bhfad i gcéin ar an bhratach.
níos faide ar shiúl further away
" Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí.
cén tír aineoil i bhfad i gcéin what strange far away country
" Ní bheadh a fhios ag duine cén tír aineoil i bhfad i gcéin as a dtáinig duine éicint de do shinsear.
más fada ó bhaile féin iad even if they’re far away
" Castar na daoine ar uaigheanna agus ar thaibhsí, más fada ó bhaile féin iad.