Leis an trí shórt bídh dob ansa le Fionn Mac Cumhaill luaitear:
Iascach mara muirí
ó chríochaibh Bhaoi is Bhéarra,
Méarán Faoide fíorghlaine,
duileasc ó chuantaibh Chléire.
coicís faoide agus coicís fáidefirst and second fortnights of Febuary
Tá mí na bhFaoilleach buailte linn arís, a chairde – coicís faoide agus coicís fáide romhainn amach, an dá cheann acu ar na coicísí is faide agus is fadtriallaí agus is fadálaí agus is leadránaí dá mbíonn sa bhliain.