An dtiocfaidh an lá go mbeidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe táille ar leith a ghearradh ar dhaoine chun íoc as loiscneoir sa gcontae, loiscneoir nár theastaigh ón gcomhairle ná ón bpobal áitiúil ach a tógadh
faoi bhrú ón Rialtas?
An rud atá ag tarlú i nGaillimh, tarlóidh sé ar fud na tíre, mar go bhfuil treoir tugtha ag an Rialtas do chuile údarás áitiúil, faoin Acht Pleanála agus Forbartha 2000, airgead a bhailiú chun íoc as na costaisí caipitil a bhaineann le hinfrastruchtúr agus áiseanna thar tréimhse dhá bhliain déag.