Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clúiteach famous
" Bhí sé go hiontach dúinne atá ag brú seo ar aghaidh le blianta go raibh Propast na hollscoile John Wanat, Bettina Arnold, Leas-Seansailéir na hollscoile, agus an file clúiteach James Liddy i láthair le tacú linn inár n-iarrachtaí.
Seanchaí cáiliúil famous storyteller
" " Seanchaí cáiliúil a bhí ann a fuair bás i 1965 agus a bhfuil bailiúchán mór scéalta tógtha síos uaidh.
bhoscadóra cháiliúil famous box-player
" Ós ag caint ar thionchar atá mé, tá tionchar an bhoscadóra cháiliúil Johnny O'Leary as Sliabh Luachra le mothú go láidir ar an albam seo.
boscadóir cáiliúil famous box player
" Más fearr leat a bheith ag damhsa caithfidh tú Johnny O'Leary a leanacht, an boscadóir cáiliúil as Sliabh Luachra.
seó iomráiteach famous show
" Balorina atá uirthi agus Ballerina atá inti, nó bhain sí clú agus cáil amach di féin ar fud na cruinne mar bhall den seó iomráiteach ballet, "Puddle Dance".
cáiliúla famous
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
cáiliúla famous
" Ba chuma linn ach dul chuig cluiche agus imreoirí móra, cáiliúla na linne a fheiceáil ag imirt.
a bhfuil clú agus cáil uirthi who is very famous
" Agus tá sí trí bliana déag agus ceithre scór! "Bhí sé d'ádh orm ansin go raibh Caitlín Ní Dhomhnaill, a bhfuil clú agus cáil uirthi sa lá atá inniu ann, sa darna doras domh.
mbailitheoir mór le rá Meiriceánach famous American collector
" Tá an cháil sin tugtha do Charna ag leithéidí Shéamus Ennis, agus ag an mbailitheoir mór le rá Meiriceánach, Alan Lomax.
peileadóir clúiteach famous footballer
" Bhí an peileadóir clúiteach Kevin Moran ar scoil ann ag an am úd agus bhí cónaí air in aice le teach na mBráithre.
contaetha cáiliúla iomána famous hurling counties
" Sna contaetha cáiliúla iomána tá an-tábhacht leis an traidisiún a bhaineann leis an gcluiche.
coláistí cáilúla na hiomána the famous hurling colleges
"coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin.
eachtra cháiliúil famous incident
" In eachtra cháiliúil i gclár sa dara sraith, ghlac sé seilbh ar mhicreafón fógróra in oifig ollmhargaidh in Helsinki na Fionlainne agus d'fhógair sé i nGaeilge go raibh buachaill dána cúig bliana d'aois tar éis micreafón a thógáil agus gur cheart dá mháthair é a thabhairt léi as an siopa láithreach! Nuair a bhuail mé le Hector i nGaillimh le déanaí rith sé liom gur duine é nach gcloíonn le rialacha ar bith, is cuma cé acu na rialacha a bhaineann le cláracha taistil nó rialacha ghramadach na Gaeilge atá i gceist.
cáiliúil famous
" Teastaíonn ó gach duine a bheith cáiliúil agus teastaíonn ó gach duine a bheith ar an teilifís.
iomráiteach famous
" Spreag an áilleacht seo David Lean chun a scannán iomráiteach "Ryan's Daughter" a dhéanamh anseo sna blianta 1968 agus 1969, scannán a tharraingíonn daoine go dtí an gceantar suas go dtí an lá inniu féin.
luibheolaí clúiteach famous herbalist
" An Boylan atá i gceist, dar ndóigh, ná luibheolaí clúiteach Chontae na Mí, Seán Boylan.
cháiliúil famous
" Agus héalacapatair thorannacha ag eitilt os a gcionn, bhailigh na hagóidithe le chéile ag sráideanana 49 agus 50, in aice le hArdeaglais cháiliúil Naomh Pádraig, agus in aice le Saks Fifth Avenue, atá chomh cáiliúil céanna.
an duine is cáiliúla the most famous person
" Daoine cáiliúla ======= Sa lá atá inniu ann is dócha gan dabht gurb é John Kerr an duine is cáiliúla sa cheantar.
mór le rá famous
" Ansin dúirt mé, bhuel b'fhéidir go ndéanfainn MBA i gceann des na scoileanna gnó mór le rá sna Stáit.
cáiliúil famous
" Tá go leor imirceach as Éirinn ann freisin nach bhfuil chomh cáiliúil sin.
roinnt poll clúiteach eile some other famous holes
" Tá a fhios ag an saol mór go dtéann cuid rútaí Bhalor siar i bhfad isteach i gceo na staire agus síos go domhain isteach i gcréafóg Thoraí, níos doimhne ná Poll na Raithní ann agus níos doimhne fiú ná roinnt poll clúiteach eile ar an oileán ársa.
séanann an snámhaí clúiteach the famous swimmer denies
" Dar leis an iris *Hustler *gurb é Henry "007" Ó Dónaill an t-aon duine faoin taobh sin tíre a mbeadh sé d'acmhainn aige an long a pholladh le neart a ngéag féin, ach séanann an snámhaí clúiteach gurbh eisean a bhuail an long.
bailitheoirí clúiteacha famous collectors
" Is féidir le CowParade a bheith ag maíomh as bailitheoirí clúiteacha bó a bheith acu, ina measc Elton John, Oprah Winfrey agus Ringo Starr, gan trácht ar Eilís, Banríon Shasana.
imreoirí cáiliúla famous players
" Béim ar dhea-thréithe ======= An ghné eile den chultúr ná go maitear drochimirt nó drochiompar ar an bpáirc d'imreoirí an-éasca, go mór mór i gcás imreoirí cáiliúla.
a bhfuil cáil na grúdaireachta uirthi which is famous for brewing
" Antaine Ó Faracháin: A Stiofáin, cé as thú ó thús agus céard a mheall anall go hÉirinn thú? Steve Chambers: Is as baile beag i gcroílár Shasana mé, áit darb ainm Burton-on-Trent a bhfuil cáil na grúdaireachta uirthi.
damhsóir cáiliúil famous dancer
" Mac eisean leis an damhsóir cáiliúil Paidí Bán Ó Broin.
phianadóir clúiteach famous pianist
" Is múinteoir scoile í Siobhán, bean Neil, agus sé mhí ó shin thug a scoil cuireadh don phianadóir clúiteach Barry Douglas seinm ansin.
an píobaire cáiliúil the famous piper
" Ba é an píobaire cáiliúil Dáithí Page a athair.
is clúití most famous
" An duine stairiúil is clúití atá bainteach leis ná Piaras Feiritéar, an file agus saighdiúir a chroch na Sasanaigh i gCill Áirne sa bhliain 1653.
ag na láithreáin is clúití ar domhan at the most famous sites in the world
" Ní bhíonn aon sluaite ag na láithreáin is clúití ar domhan - Petra mar shampla - agus bíonn rátaí an-réasúnta le fáil sna hóstáin is fearr.
cáiliúil famous
" Chaith siad mar an gcéanna le "Urinal" cáiliúil Marcel Ducamp - "Two Artists Piss on Duchamp's Urinal" (2000) an bhaist siad ar an leagan athchruthaithe.
a bhfuil an-chlú air which is very famous
" Gach tráthnóna thugaimis cuairt ar áiteanna éagsúla, ina measc Séipéilín Ghallarais, a bhfuil an-chlú air.
cáiliúil famous
" Cloisimid go bhfuil sé seo nó é siúd i mbun traenála arís, go bhfacthas imeoir cáiliúil éigin i mbun traenála den chéad uair le trí bliana, ón uair a cailleadh craobh an chontae le cúilín amháin, agus mar sin na ráflaí agus na scéalta a lorgaímid.
sula raibh clú agus cáil orthu before they were famous
" Is cuimhin liom an chéad uair a chonaic mé Oasis, sula raibh clú agus cáil orthu.
an-cháiliúil very famous
" Mar shampla, le tamall anuas tá go leor cloiste agam faoi "fhadhbanna" Manchester United PLC, club sacair an-cháiliúil i Sasana a bhfuil gean ag b'fhéidir leath de mhuintir na hÉireann air agus fuath ag an leath eile dó (seachas an cúpla duine againn gur cuma linn sa mhí-ádh fúthu, bealach amháin nó bealach eile).
an bheoir cháiliúil sin that famous beer
" Chuas go Ceské Budejovice, an áit ina ndéantar an bheoir cháiliúil sin Budvar - agus ónar ghoid na Meiriceánaigh Budweiser, mar a deir na Seicigh ar fad liom i gcónaí! Bhí breis is daichead mac léinn ag Roinn an Bhéarla ansin le héisteacht liomsa agus le mo chomhghleacaí Ondrej Pilný.
is iomráití most famous
" Is leis na focail sin a thosaíonn ceann de na scéalta is iomráití i litríocht Ghaeilge an fichiú haois, "Bullaí Mhártain" le Donncha Ó Céileachair.
Bhíodh clú agus cáil ar Bhóthar na Seanchille ó thaobh siopadóireacht de the Shankill Road used to be famous for shopping
" Bhíodh clú agus cáil ar Bhóthar na Seanchille ó thaobh siopadóireacht de, agus tá roinnt mhaith siopaí beaga maithe ansin go fóill.
iriseoir cáiliúil famous journalist
" Ionsaí feargach ======= An mhí seo, bígí réidh d'ionsaí feargach eile ar an Eaglais ón iriseoir cáiliúil Gael-Mheiricéanach sin, Jimmy Breslin.
dealbh chlúiteach famous statue
" Le gairid tháinig Dáithí, an dealbh chlúiteach le Michelangelo, amach faoin scáth agus smúit a bhí á chlúdach le beagnach 500 bliain.
léiritheoir cáiliúil famous producer
" Beidh an léiritheoir cáiliúil Bill Schultz, an fear a bhí ina léiritheoir ar shraitheanna iomráiteacha ar nós *The Simpsons *agus *Garfield*, ag obair ar an tionscadal sin.
chlúitigh famous
" I ndiaidh do Chearbhall Coal Woman cur isteach ar an Íochtarán le linn an agallaimh chlúitigh sin, chuir seisean amach uirthise le teann déistine agus bréantais.
cásanna clúiteacha famous cases
" cásanna clúiteacha ======= Tá ceist an chlaonpháirteachais beo beathaíoch go fóill, agus cásanna clúiteacha Pat Finucane agus Rosemary Nelson, ach bhí íospartaigh eile ann nach mbíonn a n-ainmneacha sna páipéir chomh minic sin, leithéidí Loughlin McGinn nó Roseanne Mallon.
bhua cáiliúil famous victory
" " Dúradh sa tuairisc chéanna: "Thosaigh na caismirtí Dé Luain i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste agus fir Oráiste Phrotastúnacha ag máirseáil tríd an cheantar le ceiliúradh a dhéanamh ar bhua cáiliúil ar na Caitlicigh ar an mhachaire catha breis is 300 bliain ó shin.
dhá thúr cháiliúla an Lárionaid Trádála Domhanda the two famous towers of the World Trade Center
" " Nuair a bhreathnaíonn tú ar an saothar, idir phaidríní lonracha agus aghaidheanna ildaite Mhuire agus na naomh éagsúil, agus tú píosa uaidh, cuireann crosanna na ngadaithe rud éicint i gcuimhne duit: dhá thúr cháiliúla an Lárionaid Trádála Domhanda.
An dornálaí is cáiliúla the most famous boxer
" An dornálaí is cáiliúla, dar ndóigh, as an gceantar ná Seán Ó Mainnín a throid i gCraobh an Domhain i Nua-Eabhrac i gcoinne Mike McCallum i 1982.
rócháiliúil too famous
" Ní hiontas, mar sin, go bhfuil earraí a bhaineann le *An Scréach *le fáil go flúirseach - go deimhin tá sraith tábhairní sa Bhreatain, fiú, a úsáideann an t-ainm agus an íomhá mar chomhartha aitheantais! rócháiliúil ======= Níl duine ar bith cinnte cad é a dhéanfaidh na gadaithe leis na pictiúir.
cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha apart from a handful of famous exceptions
" Chomh fada siar agus is cuimhin liom féin, tá lagiarrachtaí na nÉireannach ag na Cluichí Oilimpeacha (cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha ar nós Ronnie Delaney, Michael Carruth, John Treacy, Dr.
clúiteach famous
" Cé go bhfuil neart duaiseanna bainte ag a ghearrscannán clúiteach *Yu Ming is Ainm Dom*, níl an *Merc *aige go fóill.
an colúnaí coimeádach clúiteach the famous conservative columnist
" "Faoi 1965, bhí mé ag canbhasáil ar choirnéil sráide do Bill Buckley," a dúirt Marlin, ag tagairt don am a bhí an colúnaí coimeádach clúiteach mar iarrthóir do mhéaracht Nua-Eabhrac.
chompántas cáiliúil famous theatre company
" Chomh maith leis an obair a dhein sí le Taibhdhearc na Gaillimhe, ghlac sí páirt i gcéad séasúr chompántas cáiliúil an Druid i 1975.
pearsana cáiliúla famous people
" Tógadh é san 18ú haois agus chónaigh pearsana cáiliúla as an traidisiún náisiúnach agus aontachtach ann i gcaitheamh na mblianta.
staraí cáiliúil famous historian
" In 1833, cheannaigh John Lecky an teach mar áit chónaithe dá theaghlach agus tógadh an staraí cáiliúil William Edward Hartpole Lecky (1838 - 1903) ann.
peileadóir cáiliúil famous footballer
" Imríonn sé féin corrchluiche gailf, agus le linn ár dtimpeall taitneamhach, éachtach, d'inis an mac go mbíonn ar a athair, an peileadóir cáiliúil, cáirín a thiomáint timpeall an chúrsa gailf ar an ábhar nach féidir leis é a shiúl gan pian a fhulaingt.
ó pheann an údair cháiliúil from the pen of the famous author
" Ba é seo an chéad léiriú riamh den dráma seo ó pheann an údair cháiliúil agus bhí an-rath ar an léiriú, i dtéarmaí an lucht féachana agus na léirmheasanna a fuair sé.
láithreáin chlúiteacha famous sites
" Rinneadh tréaniarracht na láithreáin chlúiteacha, ar amharcadh go ceanúil orthu le fada mar chomharthaí cultúrtha i gcroílár Bhaile Atha Cliath, a choinneáil oscailte ach i ndeireadh na dála cailleadh an cath.
ón áit is clúití from the most famous place
" " Níl Hotel Rinascente i bhfad ón áit is clúití i bPisa, an Túr Claonta.
bhailiúcháin cháiliúla famous collections
" Tá mé ag caint (ar ndóigh) faoi bhailiúcháin cháiliúla litreacha ar nós MP3, JPG agus DOC.
a bhfuil clú agus cáil orthu that are famous
" Tá do chéad chruinniú eile le haerlíne mhór ráthúil ionsaitheach, a bhfuil clú agus cáil orthu agus a dhéanann neart bolscaireachta mar gheall ar a bpraghsanna ísle.
cáiliúil famous
" Sé bliana ina dhiaidh sin fuair sé áit sa Slade, an coláiste cáiliúil ealaíne i Londain, agus rinne sé staidéar ansin ar shaothar na seanmháistrí faoi stiúir Henry Tonks.
clúiteacha famous
" Tá sé sin le foghlaim agam féin go fóill!) Tá an Centro Koiné an-chóngarach do roinnt áiteanna clúiteacha suimiúla, Túr Guinigi, Piazza Anfiteatro, agus Séipéal San Frediano ina measc.
pearsanra iomráiteacha famous people
" Labhair pearsanra iomráiteacha amach go láidir faoin masla a tugadh, dar leo, do lucht na hiomána.
stiúrthóirí cáiliúla scannán famous film directors
" Go minic, nuair a léann tú agallaimh le stiúrthóirí cáiliúla scannán, maíonn siad gur spreagadh iad le dul i mbun scannánaíochta tar éis dóibh saothair phríomhstiúrthóirí a linne a fheiceáil.
chlúiteach famous
" Is amhlaidh gur fhreastail sé ar an ócáid chlúiteach seo faoi dhó nuair a aithníodh feabhas a ghearrscannán le hainmniúcháin dá shaothair *Páistí ag Obair *(1973) agus *Conquest of Light *(1975).
an t-údar cáiliúil the famous author
" Tá cónaí ar a dheartháir David – an t-údar cáiliúil - in aice láimhe i Ráth Garbh agus tá seisean pósta le húdar cáiliúil eile, Ita Daly.
namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit a famous enemy of State interference
" Na laethanta seo, agus Iarnród Éireann ag lorg breis airgid ón Rialtais chun a ghréasán féin a fhorbairt i gceart, b’ait an rud é dá bhfaigheadh Ryanair (namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit) fóirdheontas chun dul in iomaíocht leis an traein ar bhealach ionsaitheach, agus chun daoine a spreagadh le modh iompair a roghnú a bhfuil truailliú níos measa ag baint leis ná mar atá ag baint leis an traein.
imreoirí cáiliúla famous players
" Cheana féin tá lucht gnó ag díriú ar imreoirí cáiliúla CLG sa chaoi chéanna ó thaobh gnó de is a bhreathnaíonn siad ar imreoirí sacair agus rugbaí.
is cáiliúla most famous
" Is cosúil go bhfuil lucht leanta “na nDiabhal Dearg” réidh le Malcolm Glazer, an t-uinéir nua, a thachtadh ar an ábhar go raibh sé de dhánaíocht ann deis mhaith gnó a thapú agus a chuid airgid a infheistiú sa chlub sacair is fearr (?) agus is cáiliúla (b’fhéidir) ar domhan.
ba cháiliúla most famous
" Maidir le lucht leanúna an tsacair in Éirinn, ba cheart dóibh bheith níos buartha faoi staid Ruagairí na Seamróige, an club ab fhearr agus ba cháiliúla sa tír seo tráth agus atá anois ar an trá fholamh agus todhchaí an-éiginnte rompu.
dhaoine cáiliúla famous people
" Ag deireadh na bliana thug siad liosta de dhaoine cáiliúla a cailleadh i rith na bliana.
imreoirí clúiteacha na linne seo famous players of this era
" B’fhéidir gurb é an rud is fearr faoin bhfíseán, agus an diosca DVD atá ar tí a áit a ghlacadh, ná go mbeidh na glúnta atá le theacht fós in ann imreoirí clúiteacha na linne seo mar DJ Carey agus Seán Óg Ó hAilpín a fheiceáil ar an scáileán agus iad i mbarr a réime.
cáiliúil famous
" Gleanntán glas álainn a bhí ann san 18ú haois, sular fhás Learpholl go mór, agus scríobh an file cáiliúil ón chathair, William Roscoe (1753-1831), an dán “The Nymph of Dingle” faoin áit.
a raibh cuma chlúiteach air who looked famous
" ” As go brách arís leis an tSeirbhís i ndiaidh dóibh uilig labhairt isteach ina gcuid muinchillí, agus tháinig siad ’fhad leis an chéad duine eile a raibh cuma chlúiteach air.
iarpheileadóir cáiliúil de chuid an Dúin famous former Down footballer
" Níos mó ná riamh tá gá le ciall agus stuaim i gCLG agus córas atá soiléir agus atá dian ar lucht calaoise, agus, mar a scríobh Joe Lennon, iarpheileadóir cáiliúil de chuid an Dúin, chuideodh sé go mór le feabhas na gcuichí Gaelacha dá nglacfadh imreoirí leis na rialacha agus dá gcuirfeadh réiteoirí i bhfeidhm iad.
aisteoir cáiliúil famous actor
" Tá McBratney tar éis bualadh leis an aisteoir cáiliúil Matt Dillon, atá ag forbairt scannáin faoi Ed Maloney, Gael-Mheiriceánach eile agus comhpháirtí de chuid McBratney.
le himeacht an chluiche iomráitigh úd during the course of that famous match
" (Ceist: An raibh óráid Sheáin Óig i mbliana chomh maith nó níos fearr ná óráid Joe Uí Chonghaile i 1980?) Má bhí dearmad déanta againn air, ní raibh sé i bhfad ár mbualadh arís le himeacht an chluiche iomráitigh úd idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i mí Lúnasa seo thart, cén fáth gurb í an iomáint an cluiche is fearr ar domhan.
ar an chearnóg cháiliúil on the famous square
" Saolaíodh Alison Lapper gan lámha agus le cosa gearra de bharr an druga tailídimíd agus is í a portráid, snoite ó bhloc de mharmar bán Iodálach, atá cúig troithe déag ar airde, a bheas le feiceáil ar an chearnóg cháiliúil go ceann seacht mí dhéag eile.
clúiteach famous
" AÓF: Inis dúinn faoin bhfidléir clúiteach sin, Seán Mag Guidhir.
líne cháiliúil famous line
" Nicholas”, a thosaíonn leis an líne cháiliúil, “Twas the night before Christmas …” Ba é Moore a chruthaigh na hocht réinfhia agus a thug ainmeacha orthu, agus ba é fosta a shamhlaigh den chéad uair Daidí na Nollag ag teacht anuas simléar Oíche Nollag.
leithinis cháiliúil famous peninsula
" Cuairt eile ar Éirinn ======= Thug mé aghaidh ar Éirinn den dara huair san fhómhar agus chuaigh go dtí an leithinis cháiliúil sin, an Daingean, mar theastaigh uaim cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht.
ceoltóir clúiteach snagcheoil a famous jazz musician
" Tá aird na meán cumarsáide ar an saghas seo ceoil le blianta beaga anuas, i ndiaidh do Willie Ruff, ceoltóir clúiteach snagcheoil a mhúineann ceol in Ollscoil Yale, a rá go ndeachaigh an stíl seo i bhfeidhm ar phobail Afracach-Mheiriceánacha.
is clúití agus is suimiúla most famous and most interesting
" Na rudaí is clúití agus is suimiúla a fuarthas ag Vindolanda ná na tabhaill scríbhneoireachta.
is cáiliúla most famous
" Is dócha gurb iad na cinn is cáiliúla i measc turasóirí ná an Barrio Gotico agus La Rambla, siúlóid mhór fhada a théann síos chuig an bhfarraige.
clúiteacha famous
" Ar na hainmneacha clúiteacha atá luaite leis an chathair seo tá: Jan Van Eyck (c.
an t-iriseoir cáiliúil the famous journalist
" Ní raibh sé ach fiche bliain roimhe sin, sna seascaidí, ó scríobh an t-iriseoir cáiliúil John Healy leabhar faoina chontae féin, Maigh Eo, dar teideal *No One Shouted Stop.
cáiliúil famous
" Ar feadh ceithre huaire is fiche dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir.
is clúití agus is suimiúla most famous and most interesting
" Na rudaí is clúití agus is suimiúla a fuarthas ag Vindolanda ná na tabhaill scríbhneoireachta.
is cáiliúla most famous
" Is dócha gurb iad na cinn is cáiliúla i measc turasóirí ná an Barrio Gotico agus La Rambla, siúlóid mhór fhada a théann síos chuig an bhfarraige.
cáiliúil famous
" Bhí mé i mo chónaí in aice le Tigh Bric (i Riasc, cóngarach do Bhaile an Fheirtéaraigh), teach tábhairne cáiliúil – tá aithne ag go leor daoine air.
samplaí cáiliúla famous examples
" Is samplaí cáiliúla iad Condoleeza Rice, Rúnaí Stáit an Rialtais, a bhí ina propast ar Ollscoil Stanford nuair a glaodh uirthi, agus Donald Rumsfeld, Aire Cosanta Mheiriceá, a bhí ina chathaoirleach ar chomhlacht eolaíochta.
na manaigh is clúití the most famous monks
" Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití.
na manaigh is clúití the most famous monks
" Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití.
cáiliúil famous
" ” Tá an t-úrscéal grafach is déanaí dá chuid, *An Táin*, ar insint nua é ar an scéal cáiliúil miotaseolaíochta, díreach foilsithe ag comhlacht Cholmáin, Cló Mhaigh Eo ((www.
an seanadóir cáiliúil the famous senator
" Thuar Teddy Kennedy, an seanadóir cáiliúil, go mbeadh dhá theach na Comhdhála ar ais i seilbh na nDaonlathaithe roimh i bhfad.
ghníomhaireacht cháiliúil famous agency
" Is é Donovan Wylie as Béal Feirste, a bhfuil saothar leis ar taispeáint chomh maith, an t-aon Éireannach atá ina bhall den ghníomhaireacht cháiliúil seo.
an seanadóir cáiliúil the famous senator
" Thuar Teddy Kennedy, an seanadóir cáiliúil, go mbeadh dhá theach na Comhdhála ar ais i seilbh na nDaonlathaithe roimh i bhfad.
na manaigh is clúití the most famous monks
" Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití.
bhí clú agus cáil ar an cheantar seo this area was famous
" ) Sa 17ú haois, bhí clú agus cáil ar an cheantar seo de bharr na ngarraithe margaidh, na n-úllord agus na dtithe móra.
bhí an-cháil air i rith a shaoil he was very famous during his life
" Ní léann mórán daoine leabhair Carlyle anois, taobh amuigh den ollscoil, ach bhí an-cháil air i rith a shaoil.
an tsráid is clúití seo this most famous street
" Ba ar ghrinneall gainmheach an tsrutháin seo a tógadh an tsráid agus sin an fáth gur *Las Ramblas* a thugtar ar an tsráid is clúití seo de chuid na cathrach.