Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin I fell out with the people there
" D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin.
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá that we'd fall out with our friends in America
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
mura n-éireodh eatarthu if they didn't fall out
" Bhí Hannah ag meabhrú anois go mb'fhéidir nach raibh sin ar an chinneadh is céillí a rinne sí ariamh nó bheadh an t-ádh dearg orthu mura n-éireodh eatarthu sula mbeadh an mhaidin istigh.
níor éirigh eatarthu riamh they never fell out
" Toisc teanga, stair, traidisiúin, agus nósanna ólacháin na ndaoine seo bheith mórán mar an gcéanna, réitíodar le chéile den chuid is mó agus níor éirigh eatarthu riamh.
de thitim amach inmheánach of the internal falling out
" Dúnmharú eile mar chuid de thitim amach inmheánach de chuid na bparaimíleatach, dar leat, ach tá an cás seo i bhfad níos tábhachtaí ná sin mar gheall ar fhear amháin, Raymond McCord Sinsearach.
thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol. the bottom totally fell out of his life.
" Timpeall an ama a thit a phósadh le Gael-Mheiriceánach rua-ghruagach, as a chéile, chaill sé a phost agus thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol.
go dtí gur éirigh eatarthu until they fell out
" Réitigh an dá dhrong go maith lena chéile go dtí gur éirigh eatarthu in 2004 agus thosaigh siad ag scaoileadh urchar lena chéile go rialta.
thit an tóin as ansin then the arse fell out of it
" agus thit an tóin as ansin!” Saol an taistil An gcuireann aon ní isteach uirthi, agus luaigh mé rudaí éagsúla go leor sa saol le Cathy ag an phointe seo? Dealaíonn sí an saol ina dhá leath, saol an taistil agus saol an bhaile.
thit an tóin as the bottom fell out
" Nuair ba léir i 2008 nach raibh sa chuid is mó de na hidirbheartanna ach airgead samhailteach, thit an tóin as an tionscal, agus thit an domhan airgeadais leis.
dtitfeadh an tóin as the bottom would fall out of
" Ní thig a shéanadh go dtitfeadh an tóin as an tionscal seo d’uireasa na scéime, tionscal a raibh buntáiste dúbailte leis - teacht isteach maith a thabhairt do na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge i ngnáthláthair a labhartha.
ag titim as is falling out of
" Léiríonn taighde de chuid Fáilte Ireland go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana.
dtitfeadh would fall out
" Nuair ba chosúil go dtitfeadh an tóin as na cainteanna i gCóbanhávan, ba iad na Stáit Aontaithe agus an tSín ba chúis leis.
thit an lug ar an lag orthu the bottom fell out of them
" Ach go tobann thit an lug ar an lag orthu agus ar a lucht leanúna glórach.
thit an tóin as the bottom fell out of
" com>* Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
Thit an tóin as the bottom fell out
" Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.
nach dtitfidh an tóin as the arse won’t fall out of
" Creideann mórchuid na ndaoine go fóill nach dtitfidh an tóin as an €uró, as an dollar, an yen, ná as aon airgeadra 'láidir' eile.
thit an tóin as bottom fell out of
" Nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach fiche bliain ó shin cheap aos eagna an Iarthair go raibh sé ionann is cinnte go leathnódh an córas caipitleachais a bhí acu ar fud an domhain agus go scaipfí an daonlathas dá réir.
thit an tóin as the bottom fell out of it
" I ndiaidh a bhfuil fulaingthe ag an oiread sin daoine ar mhargadh na dtithe in Éirinn nuair a thit an tóin as, ní rud cuibhiúil é a bheith ag déanamh mórtais as an mhéid a chaith tú ar theach.
má tá an tóin le titim as if the arse is about to fall out of
" Más ea, agus má tá an tóin le titim as mórán gach tír agus as gach airgeadra ar domhan, d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann níos oilte i láimseáil saol an leatroim ná go leor dá gcomharsana.
Thitfeadh an tóin as the bottom would fall out of
" Thitfeadh an tóin as tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla, agus is cinnte gur lú ráchairt a bheadh ar leabhair, ar chláracha agus ar irisí Ghaeilge chomh maith.
a thit an lug ar an lag the bottom fell out of
" Is ina dhiaidh sin, áfach, a thit an lug ar an lag ar fhoireann na hÉireann nuair a thosaigh imreoirí ag titim gortaithe ar nós coirce roimh an speil.
gur thit an tóin as géilleagar na dtíortha that the bottom fell out of the countries economies
" Ní léir domsa gur thit an tóin as géilleagar na dtíortha ina labhraítear na teangacha sin nó gur cuireadh beatha othair i mbaol dá bharr.
Níor thit mé amach le I never fell out with
" Níor thit mé amach le haon duine riamh cé gur fhág mé an páirtí.
Nuair a thit an tóin as when the bottom fell out of
" An Deis Tagtha Faoi Dheireadh Thiar ================= Nuair a thit an tóin as an chóras dhomhanda airgeadais sa bhliain 2008, cuireadh ceisteanna bunúsacha faoi chruth, faoi struchtúr, agus faoi chothroime an chórais chaipitlíoch ar fad.
agus an tóin tite as the arse having fallen out of
" I gcás ár dtíre féin tá an-chuid cainte le blianta beaga anuas ar ár gceannasacht geilleagair a bheith caillte againn i ndiaidh teacht na Triarachta i 2010 chun tarrtháil a thabhairt dúinn agus an tóin tite as an ngeilleagar i 2008.
thit sé amach linn we fell out
" Ach, thit sé amach linn agus bhí cásanna ardchúirte á mbagairt ar a chéile.
thit an tóin as the bottom fell out of
" Sé bliana ó thit an tóin as an ngeilleagar domhanda, bíonn na gutháin de shíor ag bualadh in oifig bheag i mBaile Blainséir agus fágtar faoi naonúr treoir a thabhairt maidir leis na roghanna atá ar fáil do dhaoine atá báite i bhfiacha.
thit an tóin as the bottom fell out of
" Bhí fadhbanna eile acu - díobháil foirne, díobháil áiseanna, díobháil taithí - agus ainneoin an dea-thoil, thit an tóin as an ghluaiseacht cé gur ann dó go fóill agus tá Mairéad Corrigan Maguire go mór chun cinn san fheachtas ar son Gháza faoi láthair.