Is é atá againn in oidhreacht na dtaifeadtaí agus na leathanach de chur síos ar na
faisnéiseoirí a théann leo, a d’fhág tionscnamh Doegen ina dhiaidh agus atá curtha inár láthair ar shlí chomh soiléir sin ag Róise, ná grianghraf, grianghraf a glacadh ag am faoi leith i saol na hÉireann ina dtairgíonn daoine a choinnigh greim – in amanna greim an fhir bháite – ar ar mhair dá gcultúr béil, samplaí de na gnéithe a ba luachmhaire leo féin: seanscéalta agus amhráin, agus, lena chois sin uaireanta, eachtraí as a saol féin.