Is cuid de straitéis George gan mórán airde a thabhairt ar rudaí níos faide anonn ná ceithre bliana, rudaí beaga fadtréimhseacha mar "téamh domhanda," agus gan srian dá laghad a chur ar na comhlachtaí móra.
An féidir leis an Fheidhmeannas mairstean má éiríonn sé soiléir nach n-oibreoidh an dá threabh lena chéile go deo na ndeor? Táthar a rá go bhfuil an bhearna idir na páirtithe ag cúngú, ach ní chruthóidh an béarlagair sin muinín go bhfuil socrú fadradharcach, fadtréimhseach i ndán dúinn.