‘Tá an cinneadh seo ag déanamh neamhaird iomlán ar mhothúcháin chustaiméirí le máchail aghaidhe, nó arís, iad siúd a bhfuil ainimh éadain ar pháiste leo.
Deir Paul Richard ón Washington Post go bhfuil níos mó i gceist in An Scread ná scigaithris áfach, agus deir sé go seasann an neach sa phictiúr, atá gan cheannaghaidh, gan ghnéas ná tréithe pearsanta ar bith, mar shamhail don chine daonna- *‘One size fits all’* agus nach portráid ar shaol inmhéanach Munch amháin atá ann ach pictiúr dínn féin chomh maith.