Dálta mórán scéalta béaloidis, bainfidh daoine fásta pléisiúr as an scéal ar leibhéal amháin – téamaí an ghrá agus an teaghlaigh agus scéal faoi dhaoine bheith difriúil óna chéile – agus bainfidh páistí pléisiúr as mar scéal eachtraíochta agus, gan amhras, tuigfidh siad é mar fhabhalscéal fosta.
Tá fabhalscéal ag La Fontaine, An Criogar agus an Seangán1, ina bhfeictear an criogar ar cuairt chuig an seangán ag tús an fhómhair ag lorg cúnaimh go dtí go mbeidh an drochshéasúr thart.