Seo chugaibh, scríofa fá mhana cáiliúil na hamharclainne iompaithe
béal fúithi, ‘Scread na Gréisclí, Boladh an Lucht Féachana’!
Chonac trí léiriú suntasach le bliain anuas – *‘Waiting for Godot’* i dTeach an Opera cois chuain i Sydney, ‘Annrai IV Cuid a hAon’ ar bhruach abhainn y Tafwys i Southwark, agus *‘Pretending To Be Me’*, seó aonair Tom Courtenay ar shaol is ar shaothar an fhile Philip Larkin, in Amharclann na Maighdine Mara i mBrí Chualann.