Bhí oiread imreoirí á ngortú go raibh ceisteanna á gcur: an é seo an cluiche páirce is brúidiúla ar domhan agus an bhfuil an rugbaí ag éirí níos brúidiúla agus
níos fíochmhaire in aghaidh na bliana?
Ceist í sin le haghaidh lae eile is dóigh ach de bharr gortaithe a bhain d’imreoirí éagsúla agus roghanna a rinne an bainisteoir, d’fhéadfaí a rá gur thit sé ar ghuaillí Bhriain Uí Dhrisceoil foireann na hÉireann a tharrtháil.