Is luí a shúile go stadach ar chosa den uile chineál - cosa ramhra, cosa tanaí, cosa crupacha féitheacha, cosa cama, cosa ataithe, cosa stálaithe maide, cosa míne agus gruagacha, cosa cosúil le cosa boird, cosa le coilm is lorg greamannaí, spotaí dubha is marcanna.
An fonn, a deirim, a thosaíonn ina chuid ladhracha agus a chuireann an sú ag sciurdadh fríd a chuid féitheacha aníos, a chuireann dinglis ar a chraiceann agus crith ina chorp, a chuireann lasair ina shúile agus casacht ina chliabhrach.
Ach is mí fhriseáilte, íocshláinteach, athbhríoch í mí seo na Bealtaine, dar le laoch na litríochta: an t-am a dtagann duilliúr ar na crainn agus bláthanna ar na sceacha, an t-am a dtosaíonn suán na beatha ag sníomh aníos arís fríd a chuid féitheacha.
Tosaíonn an pléisiúr i mo chuid ladhracha agus cuireann sé an sú ag sciurdadh fríd mo chuid féitheacha; cuireann sé dinglis ar mo chraiceann agus crith i mo chorp; cuireann sé lasair i mo shúile agus casacht i mo chliabhrach; osclaíonn sé na píobáin agus cuireann sé mé ar crith; ach is fearr crith maith ná droch-chasacht, a Bhaloir,” a dúirt an Taoiseach tromchaiteach, tromaigeantach, trombhríoch, tromchroíoch.