Is iomaí uair, áfach, a
chuireas an cheist a leanas orm féinig: an bhfuil a leithéid de rud ann agus cultúr Éireannach ar leith sa lá inniu lena mbreathnaítear amach ar an domhan trí fhuinneog ghlas Ghaelach Éireannach? Má tá, cá bhfuil sé sa diabhal le fáil?
Má shiúiltear síos aon phríomhshráid in aon cheann de na bailte móra nó cathracha timpeall an oileáin, níl ann den chuid is mó ach siopaí nó gnólachtaí a fhaightear ar aon mhórshráid i Sasana nó sna Stáit Aontaithe, leithéidí Marks and Spencer, H&M, Monsoon, Walmart, McDonald’s, KFC agus mar sin de.