An mairnéalach féasógach, an lógó cáiliúil úd i lár chrios sábhála, íomhá mhistéireach ó m'óige, agus ba dhóigh leat ón ngiolla cráifeach gur á adhradh a bhí sé.
Is iomaí polaiteoir in Éirinn a bheadh in éad leis sin!
Agus ní ina thír féin amháin a bhfuil meas as cuimse ar an bhfear beag féasógach seo a mhúnlaigh cumhacht dhomhanda as tír a bhí, mar a déarfá, ‘ag forbairt’.