Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige
nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann?
Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.