D’aithin file mór na Gàidhlig, Somhairle Mac Gill-Eain, buaine agus tábhacht an ghaoil idir an dá thír nuair a scríobh sé:
*an fhéile, * *an fhéile, *
*Nach do reub an cuan, * *Nár réab an fharraige,*
*Nach do mhill mìle bliadhna;* *Nár mhill míle bliain;*
*Buaidh a’ Ghaidheil buan* *Bua an Ghaeil buan *
Focail fháidhiúla, gan amhras, a chuirfeadh spiorad agus samhlaíocht an taispeántais *An Leabhar Mòr - Great Book of Gaelic*, a seoladh i Músaem Uladh, Béal Feirste ag deireadh na míosa seo caite, i gcuimhne duit.