fágtha ar lár
left out
Sa tuarascáil eacnamúil a thug an "solas glas" don mhonarcha nua bhí rud beag amháin
fágtha ar lár: an costas tógála.
iarlais fágtha
a right changeling
Níor seo an rúplach mná a raibh aithne ag Aifric uirthi ach
iarlais fágtha.
anbhann, fágtha
feeble, weak
Mheas sí go raibh cuma cinéal
anbhann, fágtha air go dtí an lá inniu.
fágtha ar lár
left out
(Nó ba cheart go mbeadh!) Má tá aon cheann acu
fágtha ar lár, nó rófhada chun tosaigh, beidh locht agam uirthi.
fágtha gan chosaint
left without protection
Cad é a thiocfadh le hiarbhaill an IRA a dhéanamh? Má eagraíonn siad a bpobal féin le cur in éadan na nOráisteach, cad é na himpleachtaí a bheas ansin do phróiseas úr na síochána? Tá imní ar chuid mhór daoine atá ina gcónaí gar do “líne na síochána” go mbeidh siad
fágtha gan chosaint.
roinntí an méid a bhíodh fágtha
the amount left would be divided
”
An rud a tharlaíodh ná nuair a bhíodh an buiséad go léir a bhain le cúrsaí riaracháin caite,
roinntí an méid a bhíodh fágtha idir cúrsaí teanga agus cúrsaí forbartha pobail.
mo shá spionnaidh fágtha ionam
enough vigour left in me
Ní dóigh liom go bhfuil dóthain ama agam ná
mo shá spionnaidh fágtha ionam timpeall de cheithre chiliméadar a chur orm i mbrothall an lae.
fágtha amuigh sa bhfásach
left out in the desert
Ní raibh rian de Chill Chainnigh, Corcaigh ná Tiobraid Árann le feiceáil agus d’fhéadfá a rá gur
fágtha amuigh sa bhfásach a bhíodar sa tréimhse sin.
tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar
after the pieces of art were left in an old attic
Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe
tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
fágtha ar lár
left out
Locht amháin a gheobhainn air, áfach, ná na rudaí atá
fágtha ar lár – idir dhaoine agus ábhair.
an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne
the bad condition in which the Irish language movement has been left
***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn
an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
Níl puinn den gceol fágtha liom.
None of the music has stayed with me.
Níl puinn den gceol fágtha liom.
tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti.
it is left in tact, uncut
Dúirt Ó Cadhain gur cúinne an ghiorria í an Ghaeltacht, is é sin, go bhfuil sí slán faoi láthair ón spealadóir;
tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti.
gan a bheith fágtha ar an trá fholamh
not to be left destitute or high and dry
Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill
gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
fágtha ar lár
left out
Bhuel, más fíor do Orwell, is bréagadóirí den chéad scoth iad na meáin idirnáisiúnta, mar bhí go leor eolais
fágtha ar lár acu ina gcuid tuairiscí faoin gcogadh a bhí ar siúl sa tSeoirsia i mí Lúnasa seo a chuaigh thart.
ach mí fágtha
just a month left
Níl
ach mí fágtha go mbeidh na toghcháin áitiúla ar siúl in Éirinn le comhaltaí a roghnú do na comhairlí contae, comhairlí cathrach agus do na comhairlí baile.
fágtha
left
Níl pingin rua
fágtha ag duine ar bith, agus is beag sin i gcomparáid leis na scéalta uafáis atá ag teacht chun solais lá i ndiaidh lae.
Fágtha Bocht Dealbh
left with nothing
Fágtha Bocht Dealbh
========
An Luan dar gcion, bheartaigh mé go dtabharfainn faoin scéal.
fágtha in áit na leithphingne
left with the crumbs
”
Agus tá an dearcadh sin láidir i measc dreamanna éagsúla ó thuaidh, go bhfuil an mheánaicme ag baint tairbhe as an Stormont úr agus go bhfuil an aicme oibre
fágtha in áit na leithphingne.
nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici
has only left in its wake
I mbunú an pháirtí úrnua seo, tá cinneadh críochnúil déanta againn scaradh go deo le seanpháirtí na teipe;
nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici ach an tubaiste agus an feall.
dá bhfuil fágtha
all that’s left
B’éigean do Bhalor bocht dul ar líne chun dealbh den dia Rómhánach Janus (fuaim: dhea anus) a cheannach mar bhronntanas
dá bhfuil fágtha den Chomhaontas Glas.
seachtain fágtha
a week left
Gan ach
seachtain fágtha sa dara tréimhse mar uachtarán aige agus mé i mbun méarchláir, tá sé deacair smaoineamh ar pholaiteoir eile a bhfuil oiread measa ag a phobal air agus Luíz Inácio da Silva –nó Lula mar is fearr aithne air.
fágtha
left
Tréigfear an feachtas diaidh ar ndiaidh, go dtí nach mbeidh ach croílár na buíne
fágtha, agus an t-ualach oibre go léir ag titim orthu.
fágtha ina ndiaidh
left behind
Tá Rí an Domhain Thiar agus Banríon an Domhain Thoir ar shiúl chun an bhaile, agus a gcúpla focal Gaeilge
fágtha ina ndiaidh acu.
fágtha ar an ngannchuid
left in want
Ba mhinic Neal óg
fágtha ar an ngannchuid agus é ag cur faoi ar an tsráid in éineacht lena athair.
atá fágtha ar an bhallán chúil
left with the crumbs
Is iad drong an airgid mhóir, an CAI, agus an Banc Ceannais Eorpach, na fíormháistrí agus níl sa chóras daonlathais agus sna pobail a thoghann teachtaí chuige i ndáiríre ach na bómáin
atá fágtha ar an bhallán chúil.
ach foirgneamh amháin fágtha ar an tsráid
just one building left on the street
Shocraigh muid ar leac chuimhneacháin ach ní raibh
ach foirgneamh amháin fágtha ar an tsráid: teach tábhairne The Globe agus ar ndóigh bhí cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí.
fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht
something left behind for the next generation
Má chuirfimid le chéilí, tiocfaidh rud éicint as ar deireadh agus go mbeadh rud éicint
fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht.
Ceisteanna sábháilteachta fágtha de leataobh
leaving matters of security aside
Ceisteanna sábháilteachta fágtha de leataobh, tá ceist eitice fite fuaite le turasóireacht i gceantair bhochta.
fágtha i réim an rialtais
left in government
Ní raibh ach cúpla mí
fágtha i réim an rialtais nuair a léirigh na pobalbhreitheanna i mí an Mheithimh i mbliana go raibh díothú uafásach i ndán dó san olltoghchán.
nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha
which have no trace of Irish left
Tóg Acht na Gaeltachta 2012, mar shampla, faoinar bronnadh stádas Gaeltachta ad infinitum ar cheantair
nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha iontu, arbh fhiú trácht air.
gan rud ar bith fágtha acu ach
left with nothing other than
Ar an Imeall
======
Daoine ar an imeall atá le feiceáil sa taispeántas seo,
gan rud ar bith fágtha acu ach a ndaonnacht agus instinn chun maireachtála.
Fágtha ar an mBlár Folamh
completely deserted
Fágtha ar an mBlár Folamh
=====
Ar Oíche Shamhna, d’eisigh Príomh-Fheidhmeannach na bPoilíní in Toronto, Bill Blair, ráiteas ina ndúirt sé go bhfaca sé físeán, agus gur léir go raibh an Méara le feiceáil ann.
atá fágtha feidhmiúil
which are effective
Caithfear cinntiú go bhfuil na cinn
atá fágtha feidhmiúil, oirbheartach agus ag fáil torthaí.
mórán teacht aniar fágtha
much capacity for recovery
Ní bheidh
mórán teacht aniar fágtha i ndaoine má leanann an ghaoth aduaidh gan staonadh.
bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach
the immigrants’ culture has left a mark
An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan?
Cumas Teanga sa Mheá
==========
Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach?
Ní thig a shéanadh ach an oiread go
bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
a rian fágtha ag an oileáinín iathghlas
the wee emerald isle has left its mark
Ní thig a shéanadh go bhfuil
a rian fágtha ag an oileáinín iathghlas ar an saol mór.
fágtha in áit na leathphingine
left in the doldrums
Mar sin, beidh Éire
fágtha in áit na leathphingine ó thaobh turasóireacht leanúnach de, leis an rialtas ag caitheamh airgid ar thograí mar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Lorg an Duine Fágtha go Fada Leitheadach
humans have left their mark far and wide
Lorg an Duine Fágtha go Fada Leitheadach
==================
Amharctar ar an domhain sa lá inniu mar ‘shráidbhaile’ – is féidir dul óna bhun go dtí a bharr measartha gasta agus níl le déanamh ach cúpla cnaipe a bhrú chun dul i dteagmháil le duine ar an taobh eile de.
bhí beirt fágtha
two people were left
”
An Iomaíocht
=====
Thosaigh an comórtas seo le níos mó ná ceithre céad duine agus ag an deireadh
bhí beirt fágtha ag an bhord; Patrick Clarke agus Dave Pollock.
Níl fágtha aige ach cuimhní cinn
he’s left with just memories
Níl fágtha aige ach cuimhní cinn, a gharáiste beag agus i bhfocail Langrishe in Deadwood, ‘*the expedition of one’s life disarray*’.
ní bheidh fiú an phingin rua fágtha
there won’t be much left
Tar éis na billiúin dollar a chur isteach san Iaráic,
ní bheidh fiú an phingin rua fágtha ag Meiriceá as.
fágtha ar an trá fholamh
left unaided
Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada
fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.
Bhíomar fágtha tréighte
we were abandoned
Bhíomar fágtha tréighte, asainn féin feasta.
a lorg fágtha
left its mark
Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil
a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé.
Níl fuíoll molta fágtha ag
has not spared his praise
Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.
fágtha lag lúbach
weakened as a result
Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir
fágtha lag lúbach.
fágtha in anchaoi i gceart
left in dire straits
Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá
fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.
Níl fuíoll molta fágtha ag
hasn’t left any praise unsaid
Níl fuíoll molta fágtha ag Pat Butler ar scannán nua Steve Mc Queen, scannán atá bunaithe ar scéal fíor sclábhaíochta a tharraingeoidh deoir faoin tsúil as an gcroí is cranda.