Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díbirt expulsion, eviction
" Is cinnte go bhfuil an moladh deireadh iomlán a chur leis an Roinn ar a raibh príomhfhreagracht don teanga, agus díbirt an Aire ó bhord an Rialtais ina chomhartha soiléir ar threo na smaointeoireachta agus ar thosaíochtaí údair na tuarascála i leith na Gaeilge.
díbirt expulsion
" Tuigeadh do Freud gur fuascailt aigne agus díbirt púcaí aigneolaíochta ba fheidhm don ghreann, ach mar a dúirt Ken Dodd tráth, “*the trouble with Freud is that he never had to play the old Glasgow Empire on a Saturday night after Rangers and Celtic both lost*.
ionnarbadh expulsion
" De dheasca na heagla atá orthu roimh ionnarbadh bíonn drogall orthu drochiompar fostóra nó pá faoi bhun an íosphá, mar shampla, a chur in iúl do na húdaráis, rud a thuigeann fostóirí go maith.
hordú díbeartha expulsion order
" Cé go raibh cead aici fanacht in Éirinn go ceann 7 mí eile, ghlac sí le hordú díbeartha ar chúis nach bhfuil soiléir.
gníomh na díbeartha the act of expulsion
" Rud eile de, sábhálfar an Stát ar na costais arda a bhaineann le gníomh na díbeartha.
a ndíbirt as an tír a iarchur to defer their expulsion from the country
" Ní hamháin go staonfaidh na húdaráis inimirce de na hinimircigh seo a ghabháil d’fhonn iad a dhíbirt, ach féadfaidh na hinimircigh iarraidh ar na húdaráis inimirce a ndíbirt as an tír a iarchur ar feadh dhá bhliain agus cead oibre a thabhairt dóibh ar feadh na tréimshe sin.
saor ó bhagairt na díbeartha free from the threat of expulsion
" Ní bhfaighfear ach tréimhse dhá bhliain saor ó bhagairt na díbeartha.
Díbirt the expulsion
" Taispeánann Ghirlandaio saibhreas a phatrúin Tornabuoni tríd na meáin mórchostais, lapis lazuli nó leac neimhe, ór agus ruaim an chachtais a úsáideann sé i bhfreascó ’s aige Díbirt Joachim ón Teampall.
Iarrachtaí Díbeartha expulsion attempts
" Iarrachtaí Díbeartha ======== Ní hionadh go raibh drogall ar Mharius filleadh abhaile, go háirithe más fíor an scéal atá le hinsint aige.
a dhonacht is a thig le scéal na díbirte how bad expulsion cases can be
" Léiríonn Alan Desmond san alt seo a dhonacht is a thig le scéal na díbirte a bheith nuair a thugtar cead a gcinn do roinnt de na comhlachtaí príobháideacha atá i mbun na hoibre.
ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é there hasn’t been fault finding, blaming, and expulsion like this before
" Dhearc Brian Ó Broin ar a bhfuil ag titim amach laistigh den ‘chóisir tae’ úd sna Stáit Aontaithe agus ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é.