Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag taiscéaladh exploring
" An bhliain seo caite, mar shampla, chuaigh muid thart ar Chontae Dhoire i mionbhus ag amharc ar uaigheanna meigiliteacha; thug muid cuairt ar Leathinis Chuaille le caisleáin ón mheánaois a fheiceáil; agus chaith muid deireadh seachtaine thíos i gContae Chorcaí, ag taiscéaladh áiteanna éagsúla, Cionn tSáile ina measc.
a thaiscéaladh exploring
" Áit eile atá go fóill lárnach ina shaol ó thaobh inspioráide de ná an Ind, áit a thosaigh sé a thaiscéaladh i 1973 agus a ndeachaigh a cultúr agus a fealsúnacht go mór i gcion air.
a thaiscéaladh to explore
" Is é atá ar siúl aige a chuid tuairimí féin a nochtadh, a scrúdú, a spíonadh, a thaiscéaladh, a mhíniú.
iniúchadh a dhéanamh to explore
" Tá Cochrane díreach tar éis tús a chur le tionscadal casta a bhfuil sé mar aidhm aige iniúchadh a dhéanamh ar na hÉireannaigh i Meiriceá, idir na hinimircigh agus iad siúd atá anois mar dhlúthchuid den phobal.
a thaiscéaladh exploring
" Ag an am chéanna, thosaigh mé a thaiscéaladh stair agus chultúr na teanga.
cuid mhaith taisceálta a good deal of exploring
" Don dinnéar, tar éis cuid mhaith taisceálta, bhí *raclette *álainn againn i mbaile beag darbh ainm Bulle (boilgín), áit a bhfuil caisleán seanda athraithe go stáisiún gardaí.
ag taiscéaladh exploring
" Cheyne Walk ======= Ba mhian liom éalú ó thormán agus brú lár na cathrach, mar sin chaith mé tamaillín ag taiscéaladh Cheyne Walk i Chelsea, ceantar an-saibhir in aice leis an abhainn.
taiscéalaíocht exploring
" Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil, na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.
ag taiscéaladh exploring
" Is féidir am an-taitneamhach a chaitheamh anseo, ag taiscéaladh na n-áiteanna atá bainteach le Ninian.
ag taiscéalaíocht exploring
" Thógadar pailis i gcruth triantáin timpeall ar an mbailtín (bhí sé níos tapúla fál trí-rinn a thógáil ná ceann ceithre-rinn), agus ghlacadar seilbh oifigiúil ar an talamh nua seo in ainm a gcomhlachta (an Virginia Company, a bhí ag taiscéalaíocht in ainm Shasana), agus an Rí.
ag taiscéalaíocht exploring
" Chinn mé ar lá a chaitheamh le cara ag taiscéalaíocht an oileáin ar an ngréasán rothaíochta seo agus Nua-Eabhrac a fheiceáil ar shlí nua: ón diallait.
ag taiscéalaíocht exploring
" Tá Gormaigh mar chuid de shochaí Mheiriceá ó aimsir na sclábhaíochta i leith, is é sin, ó thosaigh na hEorpaigh ag taiscéalaíocht sa Domhan Nua.
fhiosrú explore
" Cuirim an cheist orm féin, an ábhar dleathach scannáin é mire dá leithéid? Bhfuil sé de cheart ag scannánóir a leithéid a fhiosrú? Níl ach freagra amháin ar sin.
fhiosrú na ceiste conspóidí sin exploring that controversial question
" Deir an múinteoir leis na daltaí go mba chóir dóibh tosú in athuair ar fhiosrú na ceiste conspóidí sin agus sainmhíniú an dochtúra J.
i mbun taiscéalaíochta exploring
" Is iomaí fíoras iontais a foilsíodh dó ansin faoin dream a chuaigh chun farraige lena mbealach a threabhadh go dtí an tOileán Úr nó a thug aghaidh ó dheas i mbun taiscéalaíochta.