Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dúshaothrú exploitation
" Cuireann an dúshaothrú a dhéantar ar mhná, ar fhir agus ar pháistí i dtionscal an ghnéis ioncam rialta ar fáil dóibh.
infheidhmiú exploitation
"infheidhmiú na n-acmhainní nádúrtha ag dul ar aghaidh go han-ghasta, agus tá greim an airm ar an tír tar éis éirí níos daingne.
mar gheall ar dhúshaothrú about exploitation
" Le fada an lá, táimid ag éisteacht le scéalta mar gheall ar dhúshaothrú sa tionscal ceoil, ach faoi dheireadh, leis an réabhlóid dhigiteach agus an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag na ceoltóirí.
dhúshaothrú exploitation
" An fear a thug ‘Kathy Come Home’ dúinn, dráma don mBBC faoi dhúshaothrú na dtiarnaí talún ar a dtionóntaithe sna plódtithe cathrach.
dúshaothrú exploitation
" Dá mbeadh stádas dleathach ag an dream seo daoine, d’íocfaidís cáin, laghdófaí an dúshaothrú a d’fhéadfadh fostóírí neamhscrupallacha a imirt orthu agus ní bheidís ag maireachtáil in eagla roimh an ionnarbadh.
dúshaothraithe exploitation
" Ós rud é go mbíonn na himircigh seo lasmuigh dá stáit féin, bíonn siad níos mó i mbaol na drochíde is an dúshaothraithe.
dúshaothrú exploitation
" I ndiaidh ceithre mhí a thabhairt le fostóir Éireannach bhí deireadh leis an dúshaothrú.
dúshaothrú fíochmhar fierce exploitation
" Luann tú an tionscal eolais, ach ins an tionscal san tá dúshaothrú fíochmhar ar siúl; pá an-íseal don chuid is mó agus coinníollacha oibre atá go huafásach, go minic, ins na lárionaid ghutháin agus a leithéid.
seachas an teacht i dtír gnéasach apart from the sexual exploitation
" Ach seachas an teacht i dtír gnéasach, bíonn orthu tabhairt faoi obair i dtithe príobháideacha agus san earnáil chúraim, leis.
Ní dúshaothrú atá ansin that isn’t exploitation
" Ní dúshaothrú atá ansin, ach trácht ar an luach chomh mór sin a bhaineann le hóige na tíre seo.
an dúshaothrú ceannann céanna the exact same exploitation
" Is éard atá á rá ag Muingu ná seo: Tá Ceaușescu imithe, tá an euro i bhfeidhm mar airgead reatha, ach tá an domhan laethúil chomh duairc agus chomh leatromach agus a bhí riamh, é ar maos le saint, cruálacht agus an dúshaothrú ceannann céanna agus a bhí ann faoin seanchóras.