dhíbir siad
they expelled
Bhunaigh siad fochoistí,
dhíbir siad Sinn Féin ó na fochoistí sin agus ansin rinne an fochoiste obair an choiste mhóir.
díbríodh as an scoil
I was expelled from school
D’fhéadfaí a rá go raibh mé cineál mífheidhmiúil sular fhág mé Nua-Eabhrac agus
díbríodh as an scoil mé.
a dhíbirt
expel
In éineacht le Danny, bhí an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, le tumar mór uisce coisricthe chun an Tóirse Oilimpeach a thumadh ann le gach rian den Chumannachas Págánach Diabhlaí
a dhíbirt amach as.
ag díbirt
expelling, driving out
Tríd is tríd, tugadh neamhaird ar ghníomhartha uafásacha mar seo, agus cuireadh an tSeoirsia bheag i láthair mar íospartach neamhurchóideach sna meáin le linn d’arm na Rúise a bheith
ag díbirt fórsaí de chuid na Seoirsia as an Óiséit Theas, réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis.
leis an ruaig a chur ar Uachtarán na hIúgslaive,
with expelling the President of Yugoslavia
Bhí Miles ag obair i mBéalgrád roimhe sin, áit a raibh baint lárnach aige
leis an ruaig a chur ar Uachtarán na hIúgslaive, Slobodan Milosevic.
ndíbreofaí
would expel
Ní éigin a dhéanfadh próiseáil orm, a thabharfadh faoiseamh éigin dom agus a dhéanfadh na cnapáin bheaga gharbha a shnasadh agus a dhíriú! Ach b'fhéidir le sin, go
ndíbreofaí an croí as an saol.
dhíbirt
deport, expel
Fágaimid an obair shalach - an ceart an duine seo a choimeád nó a
dhíbirt? - faoin stát, faoi lucht custaim agus faoi na póilíní.
Díbríodh
was expelled
Díbríodh Ella as Sasana nuair a bhí a téarma curtha isteach aici agus chuaigh chun cónaithe in éineacht le Charlie i mBaile Átha Cliath.
ruaigthe
tossed, expelled
Faoi cheann cúpla lá, bhí tuairim is 60,000 den mhionlach eitneach seo
ruaigthe amach as a dtailte sinseartha.
díbrithe
expelled
Áirítear go bhfuil suas le leathmhilliún duine ar fud na mór-roinne
díbrithe as talamh a sinsear ag rialtais atá ag iarraidh an méid airgid agus is féidir a fháscadh as tionscal na turasóireachta.
dhíbirt
to expel
Bíonn an lá le Fine Gael agus an Lucht Oibre ar éigin agus maíonn siad gur vótáil an pobal ar son Fianna Fáil a
dhíbirt tar éis chóir a bheith scór bliain i gcumhacht.
ndíbreofaí
would be expelled
Is beag duine a d’admhódh go poiblí nó go hoifigiúil gur go neamhdhleathach atá sé ag obair is ag cónaí ar eagla go
ndíbreofaí é.
dhíbirt
expel
Tá an páirtí i bpurgóid le hocht mbliana anuas, ach má táimid i ndáiríre faoi aithreachas a dhéanamh, níor mhór dúinn údar na bpeacaí a
dhíbirt go hifreann.
dhíbirt as
expelled from
Ag sionad áitiúil sa Spáinn sa bhliain 306, foraithníodh gur chóir aon sagart nach nglacfadh an aontumacht air féin a
dhíbirt as an eaglais.
díbríodh
expelled
Tháinig seisean ar an scéal i seanlámhscríbhinn a rinne cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus ar a lucht leanúna, a
díbríodh as Éirinn i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chuige Laighean.
ndíbrítear
are expelled
“Ní aithním an tsochaí,” a deir sé, “ina
ndíbrítear daoine toisc nach bhfuil na páipéir chearta aitheantais acu nó ina mbíonn faitíos ar dhaoine roimh an inimirceach.
ndíbreofaí
would be expelled
Nuair a gabhadh an oligarch Giúdach ar imghabháil cánach, claonchasadh, agus calaois i 2003, thug Soros “géarleanúint pholaitiúla” ar na cúiseanna, d’éiligh go
ndíbreofaí an Rúis as an G-8, agus d’áitigh ar Dhomhan an Iarthair idirghabháil a dhéanamh.
bata agus bóthar a thabhairt
to expel
Ar fud na hAfraice Thuaidh tá saoránaigh ag baint úsáide as na meáin sóisialta chun iad féin a eagrú d’fhonn
bata agus bóthar a thabhairt dá gceannairí uathlathacha, agus cé nach bhfuil torthaí an scéil fós ar eolas againn tá sé soiléir go mbeidh cumhacht an phobail ag dul ó neart go neart de réir mar a théann cumhacht chumarsáid an idirlín i dtreis.
ar dhíbir
was expelled
Baineann cuid shuntasach de scéal an leabhair le fear Gaeltachta, Caoimhín Ó Caiside,
ar dhíbir bainisteoir foireann peile Dhún na nGall, Jim Mag Aonasa, den fhoireann é le déanaí i ngeall ar a scéal a scaoileadh sa leabhar.
díbríodh
expelled
Thug sé cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus a lucht leanúna, a
díbríodh as Éirinn sa bhliain 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chúige Laighean.
dhíbir
expelled
Bhíodh na heachtraí cuimhneacháin chéanna ina siocair chaismirte go hiondúil idir fórsaí slándála éagsúla an rialtais agus lucht an chuimhneacháin i rith an fhiche bliain a lean bás Palach gur
dhíbir agóidí na Réabhlóide Veilbhite na Cumannaigh ó chumhacht.
dhíbirt
expel
Is cuma cén constaic ná íobairt a fheiceann Stephen ó 1914-1918, ní féidir leis Isabelle a
dhíbirt as a intinn.
dhíbir
expelled
Cé gur chuir an Fuascailteoir deireadh leis an gcosc dleathach a
dhíbir Caitlicigh na hÉireann as parlaimint *Westminster*, agus cé gur deineadh laoch domhanda as fé 1829, scríobh MacDonagh *“there would never be escape from his own inherent ardour, or the hereditary bondage of his ancestry, time or place.
iad a dhíbirt as an tír
to expel them from the country
Ós rud é nach bhfuil cead dleathach acu a bheith i pé stát ina bhfuil siad, is féidir leis na húdaráis
iad a dhíbirt as an tír.
an eagla roimh dhíbirt
the fear of being expelled
Cé go ndearnadh roinnt cainte le linn an fheachtais faoi chearta an duine agus
an eagla roimh dhíbirt a thréithríonn saol an inimircigh lasmuigh den dlí, bhí ról ag cúrsaí geilleagair i gcinneadh na Polainne an tríú tionscnamh a chur ar siúl, leis.
d’fhonn iad a dhíbirt
in order to expel them
Ní hamháin go staonfaidh na húdaráis inimirce de na hinimircigh seo a ghabháil
d’fhonn iad a dhíbirt, ach féadfaidh na hinimircigh iarraidh ar na húdaráis inimirce a ndíbirt as an tír a iarchur ar feadh dhá bhliain agus cead oibre a thabhairt dóibh ar feadh na tréimshe sin.
líon díbeartach
number of those expelled
Tá an teorainn le Meicsiceo níos daingne ná mar a bhí riamh agus tá breis is milliún inimirceach díbeartha as an tír faoi réimeas Obama,
líon díbeartach nach bhfacthas sna Stáit le breis is leathchéad bliain.
an ruaig a chur air
expelling him
Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Al-Assad má éiríonn leis na dreamanna ceannairceacha Ioslamacha
an ruaig a chur air?
Seirfean Dlí
====
Más comhartha ar bith é an méid atá tarlaithe i bPoblacht Éimin, Libia agus san Éigipt, tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh Ioslamaigh cheartchreidmheacha i gceannas ar an tSiria amach anseo agus an Dlí Sharia dá réir.
Díbríodh roinnt de na tuismitheoirí seo
some of these parents were expelled
Díbríodh roinnt de na tuismitheoirí seo as Éirinn, bíodh is gur saoránaigh de chuid na tíre seo a gcuid leanaí.
an osna faoisimh a ligeadh
the sigh of relief expelled
Thug cairde na Gaeilge na cosa leo an iarraidh seo agus bhí
an osna faoisimh a ligeadh le cluinstean ó Chnoc Fola go Céim an Fhia.
dhíbirt
to expel
Ní raibh stad ná staonadh ón bhfear léannta seo agus é ag iarraidh iargúltacht an corpus liteartha Gaelach ón 19ú aois a
dhíbirt.
chun iad a dhíbirt
to expel them
Is minic a dhéanann póilíní Mharacó breith ar dhreamanna ón bhFo-Shahára
chun iad a dhíbirt as an tír.
agus iad á ndíbirt sa tslí seo
having been expelled in this way
Ní hionadh, ach oiread, go bhfuil leanaí gan bhreith caillte ag roinnt ban
agus iad á ndíbirt sa tslí seo.
díbríodh ag uaslathaithe agus breithimh éillitheacha
expelled by an Übermenschen and corrupt judges
Maíonn daoine áirithe go raibh na daoránaigh ina n-íobartaigh, a
díbríodh ag uaslathaithe agus breithimh éillitheacha, agus go raibh an t-ádh dearg ar na cimí gur cuireadh chuig tír ní b’fhearr iad ina raibh saol ní ba rathúla acu.
bhfuil daoine díbeartha
people have been expelled
Tá curtha i leith FRONTEX, áfach, go
bhfuil daoine díbeartha aige ó theorainneacha an AE agus tearmann á iarraidh acu, rud a thagann salach ar dhlí Eorpach is idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.
a ruaigfeadh na geabhróga
which would expel the terns
Chun cur leis an dúshlán, tá teannas ag éirí idir Mark agus muintir Gwen, atá ag iarraidh síneadh a ngnó oisrí amach i bpáirc mara cosanta, rud
a ruaigfeadh na geabhróga.
díbríodh muintir na hÁise
the Asians were expelled
Le linn réimeas Idi Amin,
díbríodh muintir na hÁise ón tír i 1972 agus fuair sé dídean anseo ó thuaidh agus ghlac sé go fonnmhar le cleachtais an phobail Phrotastúnaigh a raibh sé ina chónaí ina measc agus a raibh sé buíoch beannachtach de.
a dhíbhirt as an gcúige
to expel from the province
Deirtear go bhfuil cur i gcéill leis sin, áfach, mar gur mhaith leis an rialtas mionlaigh na grúpaí a chaitheann na suaitheantais chreidimh seo
a dhíbhirt as an gcúige.
a díbríodh
who was expelled
Luaigh sé Enoch Powell, an ball parlaiminte Sasanach
a díbríodh i ndiaidh é a aitheasc faoi ‘Aibhneacha Fola’ a thabhairt ach a fuair dídean Pháirtí Aontachtach Uladh ag cur síos air mar fháidh.
Muintir a chuir deireadh le goirteannas
a people who expelled the hurt, bitterness
An bhféadfadh duine ar bith agaibh gan a bheith bródúil as muintir a tháinig chomh fada seo chun cinn le scór bliain anuas?
Muintir a chuir deireadh le goirteannas as súil na ndeorachtaí, tré monarchana a éileamh agus a fháil.
fear a díbríodh as Éirinn
a man who was expelled from Ireland
Jimmy Gralton agus Jimmy’s Hall
===============
**SMM: Bhí an fear an-cháiliúil sa chomharsain leat, Aifrinneach, blianta fada ó shin,
fear a díbríodh as Éirinn agus a ndearna Ken Loach scannán faoi, Jimmy Gralton.
dhíbirt
stopped, expelled
Caithfear an mí-iompar a
dhíbirt as an spórt.