Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níor lig sé air féin gurbh ann di he didn't let on she existed
" Bhí a súil ar Adam le fada anois agus, cé gur iomaí leide a thug sí dó gur shuim léi é, níor lig sé air féin gurbh ann di.
le freastal ar an éileamh atá ann to satisfy the demand that exists
" Bíonn thart fá ochtar nó deichniúr múinteoirí ag teagasc na ranganna seo, a théann ón bhunrang suas go dtí an ardcheardlann, agus dúradh liom gurb é ceann de na fadhbanna is mó atá acu ná go leor múinteoirí a fháil le freastal ar an éileamh atá ann.
le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann to take advantage of the support systems which exist
" Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.
maireachtáil to exist
" "Mar gheall ar an chiníochas, tá orainn maireachtáil inár dtithe mar a bheadh francaigh i bpoill ann.
más ann dá leithéid if such a person exists
" "Agus cad é an ceart seo a bhí aige?" a fhiafraíonn an léitheoir nach nós leis nó léi an t-alt seo a léamh go rialta - más ann dá leithéid.
nach maireann which no longer exists
" An uair dheireanach a tugadh amach na conarthaí OSP, in 2002, ní raibh ach trí dhream san iomaíocht: Aer Arann, Loganair, agus comhlacht beag nua, Euroceltic (nach maireann).
nach bhfuileadar ann that they don't exist
" Níl muid ábalta sióga a fheiscint ach an féidir linn a bheith cinnte nach bhfuileadar ann? Ar nós an cheoil.
nuair nach ann don aicmíocht. when class distinction doesn't exist.
" Ba é an tuigbheáil a bhí ag Marx de “dheireadh na staire” ná tréimhse nuair nach ann don aicmíocht.
Ní ann dóibh níos mó. They no longer exist.
Ní ann dóibh ach inár n-aigne! They only exist in our minds!
" Ní ann dóibh ach inár n-aigne! Leanann Dee ag seinnt an fhoinn agus a lámha ag éirí tuirseach.
atá ann sa chiall fhíorúil amháin. which exist in the virtual sense only
" Ach tá saothair eile i gceist chomh maith – dealbha cinéiteacha, cuir i gcás – atá ann sa chiall fhíorúil amháin.
nach mbeadh ann don IRA that the IRA wouldn't exist
" Is minic ráite é nach mbeadh ann don IRA mura mbeadh Paisley ann.
mhaireann stick, remain, (exist)
" Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a chruthaítear nuair atá na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile.
nach ann dóibh which don't exist
" Céard atá na daoine idir sinn agus na firicí ag iarraidh a chur ina luí orainn faoi láthair? Tá siad ag rá go bhfuil feabhas ag teacht ar an ngeilleagar agus go bhfuil airm eithneacha na hIaráine, nach ann dóibh, ina bhagairt mhór ar an domhan trí chéile.
An ann dóibh do they exist
" An ann dóibh?’ - **Ó Seighin**: ‘Tá 1,900 duine sa pharóiste s’againne.
a leithéid ann such exists
" Agus ní féidir dul i ngleic le haon fhadhb mura dtuigtear go bhfuil a leithéid ann sa chéad dul síos.
más ann dóibh if they exist
" Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh) teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh.
nár mhair didn’t exist
" N’fheadar céard a bheas fágtha: cúpla puirtleog raithní, crogall agus armadillo? Ach fásfaidh bláthanna agus feilecáin, rud nár mhair faoi ré na ndionosár.
ab fhearr a bhí ariamh ann ever existed
" Maidir le Cill Chainnigh, curaí na hÉireann don iliomad uair, cad tá le rá fúthu nach bhfuil ráite cheana? An fhoireann iomána ab fhearr a bhí ariamh ann; Brian Mac Óda an bainisteoir ab fhearr a bhí riamh ann; Henry Ó Seibhleáin an t-iománaí ab fhearr a bhí riamh ann agus mar sin de.
Mura mbídís ann if they didn’t exist
" Mura mbídís ann, bheadh orainn iad a shamhlú.
Mura mbeadh an eagraíocht ann if the organization didn’t exist
" Mura mbeadh an eagraíocht ann bheadh ar áisíneacht eile ar nós Fiontar Éireann nó an tÚdarás Forbartha Tionscail cúram a dhéanamh d'infheistíocht sa Ghaeltacht.
níor náisiún go stair without a history a nation doesn’t exist
" B’shin í an tuiscint chomhaimseartha Eorpach; níor náisiún go stair, is níor stair go stair scríofa.
ar an tsaol exists
" Níl a fhios ag a lán daoine i Learpholl go bhfuil An Ghaeilge ar an tsaol, nó go raibh Gaeilgeoirí ón chathair suntasach san athbheochan.
nach bhfuil ann i ndáiríre which doesn’t really exist
" Bhí díoma orm nuair a d’amharc mé ar RTÉ *Primetime* ar 30ú Aibreán mar bhí mé díreach tar éis seal a chaitheamh mar cheannaire ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, in iardheisceart Dhún na nGall agus bhí na daoine ar an chlár teilifise ag cíoradh ceist a bhaineann le ceart slí in Éirinn – ceart nach bhfuil ann i ndáiríre! D’éirigh go hiontach le Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh i nGleann Cholm Cille ar 19ú Aibreán, nuair a rinne scaifte mór cuairteoirí Turas Cholm Cille (amharc an nasc Na Seanoilithreachtaí ar dheis) ach bíodh go raibh an aimsir go hálainn ar feadh deich lá as a chéile, bhí easpa cuairteoirí eile ann.
nár mhair aon ghreann riamh ann where humour never existed
" Shiúil John-Paul Mc Carthy seal i ndomhan nár mhair aon ghreann riamh ann nuair a léigh sé an bheathaisnéis a scríobh Charles Moore ar Margaret Thatcher.