Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar imirce in exile
" Cúlra suimiúil an scéil ná go rabhadar ar fad 'ar imirce' i mBaile Átha Cliath tar éis do Digital dúnadh i nGaillimh i 1993.
ionnarbtha exile
" Fuair sé ceithre bliana déag ionnarbtha sa Tasmáin mar phionós, cé gur éalaigh sé tar éis trí bliana go dtí na Stáit Aontaithe.
deoraithe exiles
"deoraithe anseo ó gach áit agus léiríonn na ceisteanna agus na freagraí - gan trácht ar an aighneas bréige idir na foirne - an teagmháil chaol ghóstúil atá acu lena bhfód dúchais, má tá a leithéid acu níos mó.
deoraithe exiles
" D'imigh na deoraithe seo go Chicago agus fuair cuid mhór acu tearmann ar oileán ar Loch Michigan, Oileán na mBéabhar, áit a raibh an Ghaeilge le clos suas go dtí na 1920í.
deoraithe exiles
" Ina dhiaidh sin, bhí deoraithe ábalta pilleadh abhaile agus a dtithe a fháil ar ais, cé go raibh orthu socrú sásúil a dhéanamh do na ndaoine a bhí ina gcónaí iontu.
deoraíocht exile
" Go dtí deich mbliana ó shin, ba í an deoraíocht an t-aon rogha a bhí ag cuid nach beag d'aos óg na tíre agus lean an daonra ag titim go dtí na 1960í, ó lár an 19ú haois.
Díbríodh cuid de na baill some of the members were exiled
" Díbríodh cuid de na baill ar ais go hÉirinn.
deoraíocht exile
" Cúig bliana déag ó shin, b’iomaí deoir a sileadh in aerfoirt na tíre i ndiaidh na Nollag nuair a bhíodh ar na mílte Éireannach pilleadh ar an deoraíocht.
deoraíocht exile
" Bhí deoraíocht Dev thart – é i bhfoisceacht na cumhachta arís.
ocht mbliana deoraíochta eight years of exile
" Ina dhiaidh sin chuir sé ocht mbliana deoraíochta isteach i Los Angeles.
Deoraíocht agus seachrán exile and wandering
" Deoraíocht agus seachrán a chuireann ag scríobh thú chomh maith.
díbríodh an páirtí the party were exiled
" De thoradh an toghcháin seo, díbríodh an páirtí Prawo i Sprawiedliwość (PiS) – an páirtí Dlí is Cirt a chuir an cúpla Kaczynski ar bun in 2005 – go binsí an fhreasúra.
ar deoraíocht, in exile,
" Rugadh Ó hÉanaí, nó Joe Éinniú mar a tugadh air go minic, i gCarna i gConamara sa bhliain 1919 ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ar deoraíocht, in Albain, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, áit ar cailleadh é sa bhliain 1984.
deoraithe Tibéadacha Tibetian exiles
" 7 milliún in iomlán a d’íoc an CIA le deoraithe Tibéadacha faoi rún, mar a léirigh doiciméid oifigiúla a scaoileadh sa bhliain 1998.
ar deoraíocht in exile
" Chuaigh sí go dtí na Stáit Aontaithe i ndiaidh di teacht amach as an gcarchair agus tá sí ar deoraíocht ó shin.
dheoraíocht exile
" Ó léigh mé scéal faoi dheoraíocht Cholm Cille agus mé ar an mbunscoil i gCluain Meala fadó, bhí sé ina rún daingean agam riamh ó shin cuairt a thabhairt ar an oileán beag Albanach, inar bhunaigh Colm Cille a mhainistir sa bhliain 563, tar éis dó slán a fhágáil le Éirinn.
n-ailithre exile, pilgrimage
" Tá trácht air faoin mbliain sin in Annála Inis Fáithleann: Colum Cille i n-ailithre.
Oilithreacht exile
" Oilithreacht Cholm De réir na staire, bronnadh an t-oileán ar Cholm Cille nuair a bheartaigh sé dul ar deoraíocht tar éis cath fuilteach Chúil Dreimhne (sa bhliain 561), ar bhraith sé féin ciontach as, i mbealach nach dtuigim, ach tugadh breith air: Mona beith briathra MolaisiGun crois os Áth Iomlaise, Nochon fhuicfindse re mo lindSaeth nó galar a nÉirind.
ar deoraíocht into exile
" Oilithreacht Cholm De réir na staire, bronnadh an t-oileán ar Cholm Cille nuair a bheartaigh sé dul ar deoraíocht tar éis cath fuilteach Chúil Dreimhne (sa bhliain 561), ar bhraith sé féin ciontach as, i mbealach nach dtuigim, ach tugadh breith air: Mona beith briathra MolaisiGun crois os Áth Iomlaise, Nochon fhuicfindse re mo lindSaeth nó galar a nÉirind.
ar deoraíocht exile
" pdf) Lonnú Cambacuá Nuair a treascraíodh José Artigas, ceannaire Uragua, i 1820 chuaigh sé ar deoraíocht ó thuaidh go Paragua in éineacht le 250 saighdiúr gorm, idir fhir is mhná.
i ndeoraíocht in exile
" Is fánach an áit a dtagann iriseoirí ar scéalta (ní ligeann an umhlaíocht dom ‘scothscéalta’ a rá!) Ach fainic amháin, níl an chéad chloch tógtha go fóill agus i gcead don Skibbereen Eagle beidh ar a laghad iriseoir amháin in iarthar na tíre ag coinneáil súil ghéar ar dhul chun cinn na Comhairle sa chás áirithe seo lena chinntiú nach bhfanfaidh Teatrarc na Gaillimhe i ndeoraíocht ina chathair féin ar feadh i bhfad eile!
deoraíocht exile
" Faoi mar a dhein Joyce, tá an ghné dhomhanda agus an ghné áitiúil, an baile agus an deoraíocht, fite fuaite ina chéile i saothar Séamus Heaney, a chleachtann mar a deir sé féin: ‘making contradictions dance’.
léachtóir deoraíoch lecturer in exile
" Ach thug sí “léachtóir deoraíoch” uirthi féin freisin, agus í ag imeacht ar fud na hÉireann chun fealsúnacht Chonradh na Gaeilge a chraobhscaoileadh, gan aon chomhluadar aici, seachas ateangaire agus a cuid laindéar draíochta.
an díbeartach the exile
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
ar deoraíocht in exile
le linn dó a bheith ar deoraíocht while he was in exile
" Sheas mé: Is anseo a mhair Michael I, Rí na Rómáine le linn dó a bheith ar deoraíocht sa nGearmáin tar éis an Chogaidh Mhóir.
deoraithe Gaelacha a thionscain Irish exiles who started
" Gailísis Cois Laoi ======= Níorbh iad stiúrthóirí CLG ná deoraithe Gaelacha a thionscain an obair seo, ach lucht suime na Briotáine.
oilithreacht na nGiúdach the Jews exile
" Más ea, ba dheacair an rud é scéal níos leanúnaí ná oilithreacht na nGiúdach ó ré Pharaoh go dtí ré an tSoilsithe a dh’fháilt.
dheoraithe agus do shliocht na n-Éireannach exiles and those of Irish extraction
" Cé nach bhfuil ach dornán daltaí i gceist ar bhonn bliantúil, tá tábhacht nach beag ag baint leis an cheist seo do dheoraithe agus do shliocht na n-Éireannach i Sasana atá ag iarraidh a gcultúr agus a teanga a chaomhnú.