Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taispeántas exhibition
" Tá athbhreithniú agus ceiliúradh ar ghníomhaíochtaí éagsúla an Orchard le feiceáil sa taispeántas *Citizens Showcase* a osclóidh ar an 6 Iúil.
taispeántas exhibition
" " Lena chois sin go léir, nuair a bhíonn taispeántas i ndánlann, bíonn coimisiún le híoc ar gach pictiúr a dhíoltar - suas le 50% go minic.
taispeántas buan permanent exhibition
" Tá sráid darb ainm Jim Larkin Way sa chathair agus tá taispeántas buan sa mhúsaem faoi, leis an mionsamhail a rinne an t-ealaíontóir Oisín Kelly le haghaidh na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Bíonn ceardlanna uirlisí, rince agus teangacha (an Ghaeilge san áireamh, le Pádraigín Ní Dhomhnaill ó Ghaoth Dobhair) i gceist; taispeántais ealaíne, fhoilsitheoireachta agus turasóireachta; scannáin; léachtaí agus comórtais mhóra idir-Cheilteacha don imreoir *pétanque* (bóláil sráide), don phíobaireacht aonair, do na píob-bhannaí agus do na grúpaí traidisiúnta.
taispeántais exhibitions
" Bíonn clár imeachtaí eagraithe don phuball Gaeltachta gach uile lá agus bhí sé spleodrach spraíúil i mbliana, le haíonna, ceoltóirí agus taispeántais.
taispeántas aonair solo exhibition
" Bíonn sé ag obair i gcomhar lena chéile, an scríbhneoir Goga della Luna, ar thaispeántais éagsúla agus is é seo a chéad taispeántas aonair.
taispeántas exhibition
" Tá **Ciara Nic Gabhann** den tuairim gur fiú go mór cuairt a thabhairt ar an chéad taispeántas atá le feiceáil i sciathán nua Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.
taispeántas cré-earraí earthenware exhibition
" As sin síos na sráideanna caola linn go dtí taispeántas cré-earraí le Mituyuki Kawase a rugadh anseo sa bhliain 1933.
taispéantais exhibitions
" Mhínigh Conall dom go raibh sé mar chuspóir acu go mbeadh smacht acu ar a gcinniúint féin ó thaobh taispéantais a eagrú agus poiblíocht a fháil dá gcuid imeachtaí.
thaispeántaisí exhibitions
" Tá a leithéid déanta againn do chomhlachtaí agus d'eagraisí eile, do thaispeántaisí músaeim, do chláracha teilifíse, agus do dhaoine príobháideacha.
taispeántas exhibition
" taispeántas eile sa ghailearaí céanna a thaitin liom ná an ceann ar ghrianghrafadóireacht faisin, a léiríonn go mbíodh na mná scafánta níos mó sa bhfaisean ná mar atá na maidí tanaí míshláintiúla a chuirtear os ár gcomhair na laethanta seo.
i dtaispeántas neamhghnách in an unusual exhibition
" Tá daoine eolach go maith ar shaothar Eamonn McAteer in iarthuaisceart na hÉireann agus le déanaí bhí roinnt dá chuid pictiúr le feiceáil i gcuideachta shaothar Brian Scampton agus Patrick Bradley i dtaispeántas neamhghnách ar bord an Toucan One, bád farantóireachta a bhíonn ag taisteal ar an Fheabhal idir Doire agus an Caisleán Nua in Inis Eoghain.
taispeántas neamhfhoirmeálta informal exhibition
" taispeántas neamhfhoirmeálta ======= Spreag grianghraf amháin den Ionad Trádála Domhanda, a bhí greamaithe suas ar fhuinneog siopa bhig i Prince Street, Manhattan, taispeántas neamhfhoirmeálta de phictiúir a tógadh ar an 9/11 agus sa tréimhse ina dhiaidh.
taispeántas exhibition
" Scríofa ar an phíosa páipéir bhí: *más ealaín é an taispeántas seo is ealáin é seo chomh maith.
taispeántas exhibition
" Bhí taispeántas mór ar siúl ag timpeall 79 dtír ar fad.
spás taispeántais exhibition space
" Chomh maith le spás taispeántais a bheith ann d'ealaíontóirí, bíonn ranganna ealaíne don phobal ar siúl ansin chomh maith.
taispeántais exhibitions
" An cuspóir atá aige ná oiliúint agus eolas a chur ar fáil, chomh maith le taispeántais gharraíodóireachta orgánacha, fáis agus feirmeoireachta.
taispeántas craiceáilte mad exhibition
" *CowParade* is teideal den taispeántas craiceáilte seo agus tá an ceann atá le feiceáil i mBaile Átha Cliath ar cheann de shraith paráidí a bheas le feiceáil ar fud an domhain.
cluiche taispeántais exhibition match
" B'fhéidir go m'fhearr le cuid againn cluiche taispeántais ná scliúchais agus troid agus feallanna gránna.
taispeántas gleoite delightful exhibition
" Bailiúchán ollmhór de phíosaí ealaíne an chéad toradh atá ar an tionscadal seo agus tá taispeántas gleoite den saothar ar camchuairt timpeall an domhain faoi láthair agus ag fáil ardmholadh gach áit a dtéann sé.
taispeántais exhibition
" Is ceann de thart ar fiche teach sealadach é, a tógadh i 1935 le haghaidh an taispeántais California Pacific International Exposition.
taispeántas exhibition
" Tús ======= Cuireadh tús le taispeántas Turner chóir a bheith 20 bliain ó shin agus, go híorónta, ainmníodh é as duine de na péintéirí móra Sasanacha, JMW Turner.
taispeántas exhibition
" Thuig mé go maith an bás mall uaigneach uafásach nuair a leanas na treoracha ag an taispeántas ar an Titanic sa mhúsaem i Chicago ((www.
taispeántas exhibition
" Stáidéar daonna a bhí ann agus rith sí ina threo ag screadaíl, "Tá sé graosta!" Tá an taispeántas faoi bhagairt agus an saothar á chosaint ag gardaí ó shin i leith.
taispeántas exhibition
"taispeántas ann a léiríonn stair na háite ón chlochaois ar aghaidh.
taispeántais ghrianghrafadóireachta photographic exhibitions
" Tháinig ionaid Bharra an Teampaill le chéile le haghaidh Lá Oscailte cuimsitheach i lár mhí na Nollag, rud a thug deis don phobal blaiseadh a fháil den réimse imeachtaí atá ar siúl sa cheantar faoi láthair: inbhuanaitheacht (Cultivate), ceol (Ionad Ceoil Bharra an Teampaill), taispeántais ghrianghrafadóireachta (Scoil Ghrianghrafadóireachta DIT), amharcealaíona (Gailearaí Bharra an Teampaill), drámaíocht (Project Arts Centre) agus scannáin (Institiúid Scannán Éireann).
taispeántas exhibitions
" Cé nach leis an ollscoil Teach na hÉireann, bheireann siad cead don choláiste áiseanna an fhoirgnimh a úsáid fá choinne ranganna, léachtaí, agus taispeántas a bhaineann le cultúr na hÉireann.
dhá sheomra taispeántais two exhibition rooms
" Beidh dhá sheomra taispeántais ann fosta, ina mbeidh eolas faoin pharóiste agus faoin cheantar máguaird.
taispeántas grúpa group exhibition
" Faoi láthair tá taispeántas grúpa le feiceáil thart timpeall ar an Bhreatain Mhór dar teideal "Presence" ina ndéanann ealaíontóirí nua-aimseartha cur síos ar Pháis Chríost.
taispeántas bliantúil annual exhibition
" Sa 174ú taispeántas bliantúil, a bhí ar siúl san Acadamh Ríoga Ibéarnach ag tús an tsamhraidh, bhí suas le míle saothar ealaíne ó dhaoine éagsúla le feiceáil, agus go leor stíleanna difriúla.
taispeántas exhibition
" I bPort Láirge a bheas an chéad taispeántas eile de shaothar Phauline Bewick, agus mairfidh sé mí iomlán.
a céad taispeántas ealaíne her first art exhibition
" Bhí a céad taispeántas ealaíne aici i mí Lúnasa na bliana seo agus d'éirigh léi a cuid canbhás a dhíol ar $1,500; ó shin i leith, áfach, tá an oiread sin spéise léirithe ina pictiúir gur féidir léi anois suas le $15,000 a shaothrú orthu.
chun taispeántas a eagrú ar an toirt to organise an exhibition immediately
" Bhí sé chomh tógtha sin leis an mhéid a chonaic sé gur chuir sé a chuid laethanta saoire ar ceal chun taispeántas a eagrú ar an toirt.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Bíonn ceol, taispeántais ealaíne, cainteanna poiblí agus imeachtaí eile ar siúl sa lárionad seo.
sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta six art and photography exhibitions
" Le cois na drámaíochta seo, tá sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta de shaothar ealaíontóirí óga agus ealaíontóirí áitiúla tar éis bheith ar siúl san ionad le sé mhí anuas.
taispeántas d'ábhar earótach erotica exhibition
" "Táimid ag dul go Londain le taispeántas d'ábhar earótach a fheicéail san Olympia," a dúirt an bhean liom.
cluichí taispeántais exhibition matches
" D'imrítí cluichí taispeántais i gcathracha Mheiriceá Thoir, Thiar, Thuaidh agus Theas.
taispeántais exhibitions
" "Beidh ranganna, taispeántais, lóistín, léachtaí agus bia blasta ann," arsa Christy.
taispeántas dá shaothar exhibition of his work
" Is é an taispeántas dá shaothar atá ar siúl faoi láthair san Imperial War Museum i Londain an chéad mhórthaispeántas a bhí riamh le feiceáil i ndánlann náisiúnta a dhéanann athbhreithniú cuimsitheach ar a shaothar.
an chéad mhórthaispeántas the first major exhibition
" Is díol spéise é an chéad mhórthaispeántas de chuid an ealaíontóra Éireannaigh Dorothy Cross, a osclaíodh i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann ag tús na míosa seo caite.
taispeántais exhibitions
" Bhí neart spáis sna luscaí faoin fhoirgneamh le rudaí a stóráil - tá taispeántais mar gheall ar an phálás iontu anois.
ar taispeáint on exhibition
" Tá roinnt mionsamhla de bháid ar taispeáint, ina measc ceann darb ainm an Hector, bád atá an-tábhachtach sa scéal.
taispeántais exhibitions
" Deirtear nach é an comórtas an bealach is fearr leis an sean-nós a chur os comhair an phobail ach céard eile atá ann? Tá go leor iarrachtaí déanta ag an Oireachtas le theacht ar airgead le taispeántais, ceardlanna agus ócáidí eile sean-nóis a eagrú ach ní léiríonn lucht urraíochta aon spéis ansin ach sna comórtais.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Ní fhaigheann ealaíontóirí faoi míchumas taispeántais ealaíne… Déanann muid (i.
taispeántais exhibitions
" Bhí na taispeántais san iarsmalann thar a bheith suimiúil agus iad lán eolais ar achan ghné de shaol agus stair an oileáin agus na tíre.
taispeántais exhibitions
" Bhí na taispeántais san iarsmalann thar a bheith suimiúil agus iad lán eolais ar achan ghné de shaol agus stair an oileáin agus na tíre.
taispeántas idirnáisiúnta international exhibition
" Ealaíontóir Tí ======= I 1994, in Berkley, Cailifornia, osclaíodh an chéad taispeántas idirnáisiúnta d’ealaín cat i nDánlann Philip Wood inar taispeánadh saothar a bhí cruthaithe ag cait éagsúla agus ealaíontóir tí darbh ainm Buster ag cruthú* in situ *ina dhánlann féin.
taispeántais exhibitions
" Bhí na taispeántais san iarsmalann thar a bheith suimiúil agus iad lán eolais ar achan ghné de shaol agus stair an oileáin agus na tíre.
thaispeántas exhibition
" “Faoi láthair, tá mé ag obair ar thaispeántas ar Yeats a bheidh ag oscailt anseo i mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh.
taispeántais exhibitions
" taispeántais ======= Is iarsmalann bheag bhríomhar é an t-ionad oidhreachta, atá suite san áit a raibh stáblaí an tseantí.
taispeántais shealadacha temporary exhibitions
" Bíonn taispeántais shealadacha ann freisin - mar shampla, ealaín, grianghrafadóireacht, agus peannaireacht.
taispeántais exhibitions
" taispeántais ======= Is iarsmalann bheag bhríomhar é an t-ionad oidhreachta, atá suite san áit a raibh stáblaí an tseantí.
taispeántais shealadacha temporary exhibitions
" Bíonn taispeántais shealadacha ann freisin - mar shampla, ealaín, grianghrafadóireacht, agus peannaireacht.
taispeántais exhibitions
" taispeántais ======= Is iarsmalann bheag bhríomhar é an t-ionad oidhreachta, atá suite san áit a raibh stáblaí an tseantí.
taispeántais shealadacha temporary exhibitions
" Bíonn taispeántais shealadacha ann freisin - mar shampla, ealaín, grianghrafadóireacht, agus peannaireacht.
ionad do thaispeántais agus cheolchoirmeacha a centre for exhibitions and concerts
" Pálás chúntaí Barcelona a bhí san fhoirgneamh seo i gcaitheamh an 14ú céad agus is ionad do thaispeántais agus cheolchoirmeacha é anois.
taispeántas álainn a beautiful exhibition
" Thíos staighre tá taispeántas álainn agus earraí le feiceáil a fuarthas san eaglais agus sa cheantar máguaird.
taispeántas speisialta special exhibition
" Sa bhliain 2007 beidh ceiliúradh cultúrtha ar siúl ar fud Gharbhchríocha na hAlban agus, mar chuid den fhéile sin, cuirfidh Groam House Museum taispeántas speisialta ar siúl faoi George Bain.
taispeántas mór péintéireachta a big exhibition of painting
" Thosaigh a bhliain le taispeántas mór péintéireachta san óstán clúiteach Le Chateau Marmont i Los Angeles agus tá Colin Farrell, Tom Cruise agus an Banphrionsa Haya ón Iordáin i measc na gcustaiméirí atá aige.
cúpla taispeántas áitiúil a few local exhibitions
" Corruair, bhí mo sheomra codlata mar a bheadh príosún ann!” D’éirigh leis cúpla taispeántas áitiúil a chur ar siúl, agus mar thoradh air sin agus ar a dhíograis, fuair sé taispeántas aonair i mBaile Átha Cliath, aitheantas i bpáipéar nuachta náisiúnta agus cuireadh chun dul ar an chlár teilifíse “The Late Late Show” ar RTÉ.
taispeántas aonair solo exhibition
" Corruair, bhí mo sheomra codlata mar a bheadh príosún ann!” D’éirigh leis cúpla taispeántas áitiúil a chur ar siúl, agus mar thoradh air sin agus ar a dhíograis, fuair sé taispeántas aonair i mBaile Átha Cliath, aitheantas i bpáipéar nuachta náisiúnta agus cuireadh chun dul ar an chlár teilifíse “The Late Late Show” ar RTÉ.
ag déanamh réidh do thaispeántais getting ready for exhibitions
" Chomh maith le bheith i gcónaí ag iarraidh a chumas mar phéintéir a fhorbairt agus bheith ag déanamh réidh do thaispeántais (beidh ceann aige i Nua-Eabhrac gan mhoill), tá mac beag aige darb ainm Lucas, nach bhfuil ach cúig mhí dhéag.
taispeántais mhóra dealbhadóireachta big exhibitions of sculpture
" Táimid le seinnt in ionad ceoil i Sopparo Art Park, páirc ollmhór a bhfuil taispeántais mhóra dealbhadóireachta ann, gairdíní gleoite fiáine, siopaí agus stiúideonna d’ealaíontóirí.
taispeántas exhibition
" Is minic a spreagann na saothair a bhíonn ar ghearrliosta chomórtas bliantúil ealaíne an Turner conspóid agus, go deimhin, ní eisceacht é taispeántas na bliana seo.
taispeántas pictiúrtha pictorial exhibition
" com D’eagraigh sé taispeántas pictiúrtha faoin ábhar chéanna agus tá sé ar camchuairt faoi láthair.
ar an ardán mar dhamhsóir taispeántais. on stage as an exhibition dancer.
" Damhsóir céime a bhí i m’athair féin a bhíodh ar an ardán mar dhamhsóir taispeántais.
ag déanamh taispeántais giving an exhibition
" An mbíonn tú ag éisteacht le réimse leathan ceoil? HB: Tá an t-uafás téipeanna agam sa bhaile, cinn nach bhfuil ar an mhargadh ar chor ar bith! AÓF: Bhí tú ag rá liom nach maith leat gigeanna a dhéanamh, is é sin, tú féin a bheith ag déanamh taispeántais ar feadh uair an chloig agus daoine eile a bheith ina suí ag éisteacht leat.
cluiche taispeántais exhibition match
" Níorbh é an chéad chluiche idirnáisiúnta, neamh-Ghaelach é, áfach, a imríodh ann riamh, mar, dar ndóigh, bhí cluichí faoi na Rialacha Idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile ann go minic agus bhí cluiche taispeántais den pheil Mheiriceánach ann roinnt blianta ó shin freisin.
líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon the number of exhibition and art centres
" Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon ar fud na tíre agus tá fás agus forbairt le feiceáil sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Ina measc beidh stallaí, ceardaíocht, péinteáil éadan, cluichí do pháistí, taispeántais ealaíne agus iarsmaí.
taispeántas ealaíne art exhibition
" Thaitin sé liom, áfach, go mór mhór a mháthair ag caint faoina óige, ach ba é an ní ba mhó a thaitin liom ná a dheirfiúr ag rá go raibh a chluasa chomh mothálach sin nach n-íosfadh sé calóga arbhair ar maidin don bhricfeasta – an SNAP, CRACKLE agus POP ró-ard dó! I lár na cathrach, ag seoladh taispeántas ealaíne de chuid Martin Egan, a bhuaileas leis den chéad uair.
taispeántas ealaíne art exhibition
" Bhí taispeántas ealaíne ar siúl ansin agus mná cairdiúla i mbun na háite.
Taispeántas Domhanda World Exhibition
" Bhí an t-ealaíontóir Spáinneach Pablo Picasso i bPáras nuair a scriosadh Gernika agus é ag obair ar shaothar don Phailliún Spáinneach a bhí le bheith mar chuid den Taispeántas Domhanda níos moille sa bhliain.
sa taispeántas. in the exhibition.
" ” Chomh maith le saothar de chuid an triúir thuasluaite, bhí ealaíontóirí mar Francis Bacon, Cecil King, Mary Fitzgerald, Eamon Colman (mac le Seamus), Alan Davie, Guy Boulay, Rafael Baixeras, Trewin Copplestone agus Bryan Kneale páirteach sa taispeántas.
dátaí taispeántais a dhearbhú. to confirm exhibition dates.
" ” Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh dátaí taispeántais a dhearbhú.
taispeántas exhibition
" Istigh sa seomra caidéil, tá taispeántas ann faoi stair an spá, agus samhlacha de chuid de na custaiméirí agus den fhoireann le feiceáil.
taispeántas suntasach ollmhór a remarkable and large exhibition
" Beidh taispeántas suntasach ollmhór de shaothar an ealaíontóra cháiliúil Lucian Freud le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath ón 6 Meitheamh.
neart taispeántas idirghníomhach plenty of interactive exhibitions
"neart taispeántas idirghníomhach ann agus ranna éagsúla faoi bholcáin, creatha talún agus faoin gcultúr Maorach.
taispeántas píobaireachta exhibition of piping
" Ba smaoineamh na leas-ardmháistreása é ceolchoirm bheag nó taispeántas píobaireachta a thabhairt do na páistí.
taispeántas exhibition
"taispeántas maith faoi Hugh Miller sa teach béal dorais, áit ar chaith sé féin agus a bhean Lydia trí bliana.
taispeántais, exhibitions,
" Beidh clár mór imeachtaí ar siúl sa chathair i rith 2007 – ceolchoirmeacha, taispeántais, léachtaí agus mar sin de.
taispeántas exhibition
" taispeántas Bogaimid ar aghaidh agus téann Louis agus John isteach i gceann de na beairicí adhmaid ina bhfuil taispeántas a dhéanann cur síos ar roinnt de na daoine a cimíodh in Majdanek, mar aon le heolas faoi na Naitsithe a rith an sluachampa.
taispeántas aisbhreathnaitheach retrospective exhibition
" Bhí taispeántas aisbhreathnaitheach dá chuid saothar le feiceáil san Aho Art Museum, ar dánlann chlúiteach de chuid an tsuímh Second Life í, agus tá cuid mhór bailitheoirí ealaín idirlín i ndiaidh samplaí dá shaothar a cheannach.
taispeántais phoiblí, public exhibitions,
" Baineann sé úsáid as taispeántais phoiblí, mar shampla, chun a chuid smaointe a chur i láthair.
reáchtálfar taispeántas an exhibition will be held
" I measc na n-imeachtaí éagsúla a bheas ar siúl lena linn, reáchtálfar taispeántas ina mbeidh ealaín chomhaimseartha de chuid na hÉireann le feiceáil, beidh sraith cainteanna ar siúl ina bpléifear tionchar na Gaeilge agus na nÉireannach ar stair Learphoill agus taispeánfar cláracha faisnéise Gaeilge.
an taispeántas amharcealaíon the visual arts exhibition
" Beidh an taispeántas amharcealaíon seo ar siúl ar feadh sé seachtaine.
D'eascair an taispeántas seo as this exhibition arose from
" D'eascair an taispeántas seo as alt a scríobh mé in *Beo!* (c.
taispeántais exhibitions
" Easpa ‘carachtar’ nó pearsan suimiúla a luaitear mar chúis eile leis an easpa suime, is é sin, imreoirí áirithe a mheallfadh daoine ina sluaite go dtí na comórtais agus chuig taispeántais fiú amháin, níl siad chomh líonmhar is a bhíodh.
léargas exhibition
" Má bhí na heisimircigh tréigthe ag an rialtas i mBaile Átha Cliath, bhí an (Irish) Post ann chun léargas Éireannach a thabhairt ar chúrsaí.
dtaispeántais exhibitions
" Caillfidh tú leis, i dtaispeántais Kare Hedebrand (Oskar), agus Lina Leandersson (Eli), léiriú fíneálta ar ghrá an teacht in aois a fhanann dochomhlíonaithe.
léargas exhibition
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
taispeántas exhibition
" Dream damhsóirí comhaimseartha óga dubha a bhí iontu a chuir a gcéad taispeántas i láthair i YM-YWHA i 92nd Street Nua-Eabhrac.
taispeántas exhibition
" Beidh taispeántas ealaíne Seacht mBliana i nGleann Cholm Cille ag an ealaíontóir Feirsteach, Michael Doherty, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag oscailt ag tús na míosa seo.
fíorléiriú true exhibition, example
" Níl achan duine sásta go bhfuil an chathair páirteach i gcomórtas náisiúnta sa Ríocht Aontaithe, áfach, agus deir go leor nach fíorléiriú an rannpháirtíocht seo ar dhearcadh agus ar dhílseacht an chuid is mó de phobal Dhoire.
taispeántas exhibitions
" Cuirimid roinnt mhaith taispeántas ar siúl.
taispeántas taistil travel exhibition
" Is taispeántas taistil é Endurance: *Shackleton’s Antarctic Adventure*, atá eagraithe ag *The American Museum of Natural History*, Nua-Eabhrac, agus tá sé le feiceáil anseo i Learpholl, don chéad uair sa Bhreatain, go dtí Feabhra 27 2011.
taispeántas exhibition
" Dúirt stiúrthóirí an chomórtais, agus iad ag míniú na gcúiseanna a bhí acu leis an chomórtas a thabhairt amach as Londain, go raibh siad dóchasach go meallfadh an taispeántas lucht féachana níos fairsinge agus níos éagsúla ach é a bheith le feiceáil i gcathracha difriúla.
taispeántas exhibition
" (Más spéis leat tuilleadh, féach *A Silver Saga* le Fiona Philpott agus leis an Ollamh James Graham-Campbell, 1990) Taisce Cuerdale ======== Chonaic mé taispeántas spéisiúil in Iarsmalann Learphoill i 1990 faoi Thaisce Cuerdale, cnuasach mór airgead Lochlannach a fuarthas i 1840, agus bhí mé ag iarraidh an áit ar fritheadh é a fheiceáil dom féin anois.
Taispeántas exhibition
" Ar an Aoine 14 Eanáir, fógraíodh príomhbhuaiteoir an 47ú Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT 2011 nó an *BT Young Scientist & Technology Exhibition* mar a thugtar air go coitianta, faraor.
taispeántas damhsa a dancing exhibition
" Cuireadh bia traidisiúnta an réigiúin ar fáil taobh leis an mbia idirnáisiúnta agus rinne scata d’ógánaigh áitiúla taispeántas damhsa agus amhránaíochta.