Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
traochta exhausted
" Is minic agus mé tuirseach traochta tar éis seachtain fhada dhian oibre go dtugaim cuairt orthu le strus agus frustrachas na seachtaine a chur díom.
scriosta exhausted
" "Tar éis na cigireachta, bhí muid ar fad scriosta, bhí *Transit Van* lán páipéir agus cáipéisí againn agus mhothaigh muid uilig gur am agus airgead amú a bhí ann.
tugtha traochta totally exhausted
" Nuair a tháinig siad ar ais as Meiriceá ag tús mhí na Nollag, deir Colm go raibh siad tugtha traochta.
scriosta exhausted
" Bhí siad scriosta agus gan chodladh i rith na Nollag agus gach seans go mbeidh cúrsaí chomh dona céanna go ceann cúpla mí go fóill.
traochta exhausted
" D'imigh muid abhaile agus muid traochta.
traochta exhausted
" Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas … Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach, ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
spíonta exhausted
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
traochta exhausted
" An rud a chuir iontas orm ná go raibh aoibh mhaith ar Adams nuair a bhí an pobal i gcoitinne traochta, buartha, gruama.
tuirseach traochta exhausted
" Bhí mé tuirseach traochta agus mé ag filleadh ar an mbrú ach b'fhiú go mór é.
tuirseach traochta completely exhausted
" Cibé céard a tharlós san Iaráic, is léir go bhfuil arm Mheiriceá tuirseach traochta ag troid sa tír sin agus nach féidir leanacht ar aghaidh leis an méid sin saighdiúirí ann, go háirithe nuair atá freagrachtaí eile orthu timpeall an domhain.
traochta exhausted
" Obair mhór! An éiríonn tú tuirseach di riamh? SMP: Bhí obair mhór i gceist in 2004 agus bhí mé traochta amach is amach! Bhí briseadh na Nollag ag teastáil go géar.
spíonta exhausted
" Cailleann sé an úire agus na tréithe a bhí aige ar dtús agus is féidir leis an saothar éirí tuirseach agus spíonta.
traochta exhausted
" Is minic ag an am seo den bhliain, agus muid traochta i ndiaidh rírá na Nollag, go mbíonn sé go deas éalú ó dhuairceas an gheimhridh agus briseadh beag a thógáil i gceann de mhórchathracha niamhracha na hEorpa.
spíonta exhausted
" Bhíos suaite – crá croí orm mar gheall ar chúrsaí grá agus bhí teannas sa ghrúpa –bhí deireadh tréimhse fada taistil tagtha agus bhíomar uilig spíonta.
traochta exhausted
" Agus mé ar mo bhealach abhaile, traochta, fliuch—bhí báisteach ann—agus ocras orm freisin, stop póilín ar ghluaisrothar mé.
spíonta amach exhausted
" An Taoiseach, Bertie Ahern: An chuma ar an scéal ar na mallaibh go bhfuil sé spíonta amach agus naoi mbliana caite mar Thaoiseach aige.
Táimid spíonta. We're exhausted.
spíonta, exhausted,
" Bhí suim mhór ag Rembrandt san aghaidh dhaonna agus d’fhill sé ar an ábhar sin arís agus arís eile ar feadh a shaoil – seanaghaidheanna agus aghaidheanna óga agus go háirithe a ghnúis féin, ó Rembrandt an t-ógánach spionnúil aigeanta, go dtí an seanduine spíonta, ag machnamh ar an saol.
traochta exhausted
" Bhí mé traochta nuair a bhain mé an barr amach.
Maraithe, exhausted,
" Cén chaoi a bhfuil sibh inniu? Peadar: Beo ar éigean, agus thú féin? Peaitín: Maraithe, a mhac, maraithe ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí ó mhaidin is gan a’m ach dhá sheanchois is maide agus Rex bocht atá ag éirí caoch.
Spíonta! Exhausted!
" Spíonta! An cúigiú míle is fiche 25/8/07: Gig an tsamhraidh.
Táimid spíonta. We're exhausted.
Spíonta! Exhausted!
" Críochnaithe! Spíonta! Amaidíocht! Tá comhad fuaime den amhrán de chuid Kíla, "Cabhraigí léi", a mheasc The Thrills le fáil thíos, os cionn na gluaise.
spíonta. exhausted.
" Is maith sin óir go bhfuil mé féin spíonta.
traochta agus díscithe. exhausted and dried up.
" Bíonn tionchar na beorach agus an *gluwein* le brath go gasta cionn is go mbíonn tú chomh traochta agus díscithe.
marbh tuirseach, totally exhausted,
" Agus do chuid ite agat – agus bhí na béilí in ionad sciála Saalbacherhof ar na cinn is fearr a d’ith mé riamh – bíonn tú marbh tuirseach, agus bhí mé cinnte nach raibh mórán foinn orm dul a dhath níos faide.
tugtha traochta. totally exhausted.
" An phríomhchúis, de réir dealraimh, ar éirigh sí as an obair theilifíse ná go raibh sí tugtha traochta.
spíonta exhausted
" ***Míbhuntáistí:*** Theip uirthi go n-uige seo dul i ngleic go sásúil lena cuid dualgas agus tá cuma spíonta uirthi le deireanas.
sceithphíopa exhaust pipe
" Faoin tuath, is cuma cén sórt sceithphíopa atá ar do charr nó más suim leat gunnaí uathoibríocha a bheith agat, ach sna cathracha, is fadhbanna móra iad.
traochta exhausted, worn out
" Nuair a bhínn ag imirt ana-chuid sacair ní raibh aon ní níos fearr le mo chorp traochta a chneasú tar éis cluiche crua ná folcadán, lán go béal le uisce deargthe, a ghlacadh.
thraochadh to exhaust
" Anuas ar sin, glacfaidh sé dhá bhliain na madraí a thraenáil leis na coiníní a thraochadh gan a bheith ag cur isteach ar ainmhithe dúchais na háite.
tnáitheadh exhausting
" ie ar an fhocal 'collapsing' - imphléascadh, loiceadh, teip, tnáitheadh, tabhairt chun talún, turnamh, cliseadh srl.
traochtúil exhausting
" Tá sé seachtaine déag i gceist, beo, agus tá sé sin traochtúil go maith mar tá tú beo gach domhnach.
traochta exhausted
" Ní chun tairbhe na tíre a bheadh sé ár gcuid airí rialtais a bheith tuirseach, traochta agus iad i mbun dualgais stáit.
ídithe exhausted
" Ní hé go bhfuil na cúltaiscí ola ar fad ídithe, ach níl fágtha anois ach ola a bhfuil dua mór ag baint lena fháil.
Ídeoidh shall exhaust
" Ídeoidh an chosaint leanúnach inmheánach fuinneamh na heagraíochta chomh mór sin go gcloífear í de réir a chéile.
traochta exhausted
" Gan rud ar bith ceannaithe againn, agus muid traochta, d'imíomar ar thraein go dtí chathair Mhinneapolis.
níos traochta more exhausted
" Tá muid cinnte go bhfágfadh cluiche iománaíochta duine níos traochta ná an rothaíocht ar fad a rinne muidne.
traochta exhausted
" Bhíomar traochta, agus níos measa fós, ní raibh le feiceáil ach Baltimore na Sreinge agus muid ag déanamh bealaigh isteach sa chathair.
Bhíodar spíonta they were exhausted
tnáite exhausted
" Cé a chreidfeadh go bhfeicfidís a leithéid i gcathair seo Mhic Shuibhne is Mhic Curtáin, cathair Thóirse Mór na n-Auxiliaries i 1920, cathair Tom Barry, Cill Mhichil, Cros an Bharraigh, Béal na mBláth - príomhchathair An Sciobairín tnáite, trascartha féinig.
traochta exhausted
" Ní haon rún d'éinne go bhfuil pobal an domhain thiar traochta faoi seo.
Sáraithe Glan Amach completely exhausted, frustrated
" Sáraithe Glan Amach ============ Níor léir ach oiread céard a d'fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal na polaitíochta, go háirithe agus polaiteoirí go hiomlán i bpócaí lucht an rachmais.
sáraithe glan amach completely exhausted
" Ceann Scríbe ====== Bhí mé ag fanacht ar an mbruach, i mo líb allais, scríobtha gearrtha agus sáraithe glan amach.
traochta exhausted
" Is dráma gearr atá ann, uair go leith, agus seans go rithfidh sé gan aon bhriseadh ach tá go leor i gceist agus bíonn tú traochta mar sin ag deireadh an lae.
spíonta exhausted
" Murach peannaireacht ghéarchúiseach Sorrentino agus scil Penn, ní dóigh liom go ngéillfinn gan troid do chonsaeit an scannáin – racréalta spíonta sa tóir ar Neatsaí.
bhíos tuirseach traochta I was exhausted
" Ach fiú leis na sosanna uisce, bhíos tuirseach traochta, agus bhí mé ag mothú níos laige le himeacht ama.
traochta exhausted
" Agus fórsaí an stáit traochta, don chéad uair ó tháinig an chríochdheighilt isteach, imscaradh saighdiúirí Shasana ar shráideanna na Sé Chontae agus tháinig ciúnas bhagarthach go malltriallach ar Dhoire.
Bhí cuma an-traochta, spíonta air he looked really tired and exhausted
" Bhí cuma an-traochta, spíonta air agus é ag siúl den pháirc tar éis cluiche fíochmhar eile idir Éirinn agus an Fhrainc an mhí seo caite.
iarracht éalú óna chathair thnáite an attempt to escape his exhausted city
" Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
Spíonadh exhausting
" Spíonadh ===== Bíonn Oisín ag traenáil go minic, gach lá geall leis, uaireanta faoi dhó in aon lá amháin de thoradh líon na bhfoirne a bhfuil sé ag imirt leo faoi láthair.
bíonn sé spíonta he’s exhausted
" Is breá le hOisín an traenáil ach le tamall anuas bíonn sé spíonta go minic, chomh spíonta sin gur thit ina chodladh cúpla uair i rith léachtaí sa choláiste le déanaí.
Bhímis tuirseach, traochta we used to be tired, exhausted
" Bhímis tuirseach, traochta ag deireadh an lae ach sona, sásta agus ag tnúth le lá mór eile i mbun spóirt an lá dár gcionn.
níor cheart éinne a spíonadh amach uilig no one should be exhausted entirely
" Caithfear éisteacht leis an gcolainn, dar le Colm Mac Séalaigh, mar is féidir éachtaí a dhéanamh ar feadh na mblianta, ach níor cheart éinne a spíonadh amach uilig, thar a acmhainn.