Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stró agus anró exertion and hardship
" Bhíodh stró agus anró agus éiginnteacht ag baint leis an mbealach seo taistil.
stró exertion
" Dá thairbhe sin níor chuir sé aon stró air féin i rith na Bealtaine agus a thóin mhór mhaorga á coinneáil teolaí te aige cois na tine ina phluais.
stró stress, exertion
" Cé go raibh cuid acu faoi bhrú, measaim nach bhfuil an méid céanna stró i gceist i mBéal Feirste is atá atá thall i Londain, áit a raibh mé i mo chónaí ar feadh tamaill fhada agus ina ndearna mé obair shealadach anois is arís thar na blianta.
stró exertion
" Cad é mar a cheap sibh teideal seanscannáin mar *Vertigo *le cur ar an turas?” “Bhail, a Bhalor Mhóir,” arsa Bono Beag, agus é ag cur stró nach beag ar mhatáin a mhuinéil le hamharc suas thar bholg shaineolaí an rac-cheoil, “tá a fhios agam go bhfuil an focal sin rud beag aisteach, ach thosaigh sé amach níos aistí fós.

" An t-am sin, dhá bhliain is fiche ó shin, chuaigh sé ar ais go hInis Meáin, agus cuireadh agallamh air ar Raidió na Gaeltachta, agallamh nár chuir stró ar bith air, a deir sé.
friochnaimh exertion
" Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh.
suaitheadh exertion
" Má théinn ócáid na breithe go mór i bhfeidhm ar an tuismitheoir, áfach, ní doiligh a chreidiúint gur mór (agus b’fhéidir gur uafásach) an suaitheadh a fhaigheann an leanbán agus é ag teacht ar an tsaol.