Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leithscéalta excuses
" Sa bhliain úr beidh na póiliní ag tabhairt fianaise agus beidh sé suimiúil a gcuid leithscéalta a chloisteáil.
leithscéal excuse
" Ní bheidh leithscéal níos mó ag na múinteoirí bunscoile sa Ghaeltacht a deir nach mbíonn an Ghaeilge ag na páistí agus iad ag teacht chun na scoile.
leithscéal lag a weak excuse
" Ba léir go raibh na póilíní ag baint úsáide as leithscéal lag chun cosc a chur ar pharáid Lá Fhéile Pádraig.
leithscéal excuse
" Anois, tá Trimble agus a chomhghleacaithe ag seachaint cainteanna ag Stormont oiread agus is féidir, ag cuartú gach uile leithscéal le fanacht ar shiúl.
leithscéal excuse
" Tá an falsóir fágtha gan leithscéal.
leithscéal excuse
" Tugaim faoi deara go bhfuil laghdú ag teacht ar an mhéid Oráisteach atá ag freastal ar na paráidí gach bliain agus b'fhéidir go bhfuil an t-ord sásta go bhfuil leithscéal acu chun gearradh siar ar na himeachtaí.
leithscéalta excuses
" Is iad na leithscéalta atá ag an lucht gnó ná go bhfuil méadú tagtha ar an árachas, go bhfuil rátaí pá ró-ard le híoc le hoibrithe agus go bhfuil costas bunábhar bia beagnach dúbailte le trí bliana anuas.
déantar leithscéalta ar a shon excuses are made on his behalf
" Déantar dearmad go minic ar an ghníomh ba chúis le díbirt an imreora agus déantar leithscéalta ar a shon.
leithscéal excuse
" "Theastaigh uaim i gcónaí a theacht anseo, ach is duine mé a mbíonn leithscéal ag teastáil uaidh.
leithscéal excuse
" Ag an am céanna, bíonn faitíos orthu í a labhairt agus is é an leithscéal a bhíonn acu ná "Tá an teanga caillte agam".
leithscéal excuse
" Níl leithscéal ar bith ag an NRA sa chás seo.
leithscéal excuse
" Ma aithníonn tú an t-ainm, b'fhéidir go bhfuil eolas éigin agat ar Pilsner Urquell, an bheoir is fearr ar domhan, b'fhéidir … ach ná ceap gur leithscéal dom an Ghaeilge le cuairt a thabhairt ar ghrúdlanna iontacha na tíre! Maidir liom féin anois, bhuel tá bliain go leith thar a bheith sásúil caite agam anseo, buíochas leis an nGaeilge.
leithscéal excuse
" Lena chois sin, tá leithscéal maith aige cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht áirithe gach cúpla bliain chun cúrsa inseirbhíse a dhéanamh.
leithscéal excuse
" "Má theastaíonn uait rud éigin a dhéanamh, níl aon leithscéal agat.
leithscéalta excuses
" leithscéalta ======= Is gnó mór é an *canned hunting*.
ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh looking for an excuse to commit genocide
" “Léigh mé alt le John Shepard, ollamh i St Martin’s College i Lancaster, agus bhí seisean ag déanamh staidéir ar an Hadith (ráitis na bhfáithe) agus an Córán agus an Bíobla agus rith sé leis dá mbeifeá ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh, go raibh sé le fáil sna trí leabhar seo,” arsa Fisk.
leithscéal excuse
" "Ní raibh mé ar bháirse riamh i mo shaol," an leithscéal a bhí aige, ach bhí mé féin an-tuirseach fosta agus thuig mé an fáth go raibh sé ag iarraidh síbe.
leithscéal excuse
" Ós rud é go bhfuil dlúthchara de mo chuid ina cónaí thall, bíonn leithscéal agam le cuairt a thabhairt ar phríomhchathair na Catalóine go minic.
leithscéal excuse
" Ós rud é go bhfuil dlúthchara de mo chuid ina cónaí thall, bíonn leithscéal agam le cuairt a thabhairt ar phríomhchathair na Catalóine go minic.
leithscéal excuse
" Bhí mise óg ag an am agus ghlac mé leis *matter-of-factly* mar go raibh leithscéal maith aige.
leithscéal excuse
" Gabhaigí mo leithscéal, sibhse a bualadh, ar dódh bhur gcarranna, ar briseadh bhur gcuid fuinneog, ar cuireadh sceimhle oraibh, Charlie Bird féin, ach ba é an chéad smaoineamh a bhí agam ná an dochar a dhéanfadh an foréigean do-mhaite don phróiseas polaitiúil ó thuaidh agus an tionchar a d’imreodh na híomhánna uafásacha a chonacthas ar an teilifís ar mheon na n-aontachtach sa tuaisceart.
leithscéalta excuses
" leithscéalta agus finscéalta ======= Tharraing eachtraí na hÓmaí mórán cainte agus anailíse, mar is iondúil i gcásanna den sórt seo.
leithscéalach fond of excuses
" Is é an claonadh go ginearálta ná bheith bog, leithscéalach seachas dian ar dhaoine a bhriseann rialacha, fiú amháin nuair atá foréigean i gceist.
leithscéal breise an extra excuse
" Faoi láthair, agus an DUP ag diúltú cumhacht a roinnt le Sinn Féin, is deacair a shamhlú go gceadódh ceannairí ghluaiseacht na poblachta d’aon ní tarlú a thabharfadh leithscéal breise don DUP gan cumhacht a roinnt agus, dá bhrí sin, a chuirfeadh brú breise ar an dá rialtas glacadh le seasamh an Dr.
mar leithscéal don oibríocht as an excuse for the operation
" Ba leor an neamhaird a thug an tUasal Saddam ar chigirí airm na Náisiún Aontaithe a úsáid mar leithscéal don oibríocht; dar leo, agus iad ag lua ailt a scríobh William Kristol sa *Weekly Standard *roinnt míonna roimhe sin, ba riachtanas é fórsaí Mheiriceá a chur ar an talamh sa Meánoirthear, fiú in éagmais Saddam, chun srian a chur ar an Iaráin sa réigiún.
an tsiocair the excuse
" Dealraíonn sé, mar shampla, nach mbíonn ach an tsiocair ó dhaoine anseo le bláthanna a cheannach dá gcairde.
leithscéalta leamha. lame excuses.
" Níl sna fáthanna ach leithscéalta leamha.
leithscéal excuse
" Gearán eile atá agam ná an nós atá ag tráchtairí áirithe imirt gharbh a chosaint nó leithscéal a dhéanamh dó.
Chualathas na leithscéalta arís the excuses were heard again recently
" Chualathas na leithscéalta arís le déanaí tar éis scliúchas Staid Semple ag tús mhí an Mheithimh inar thug iománaithe an Chláir agus Chorcaí faoina chéile sular cuireadh tús leis an gcluiche.
leithscéal excuse
" Thug *Fanny and Alexandra* leithscéal dóibh an rud ceart a dhéanamh, agus rinneadar.
mar leithscéal, as an excuse
" Dealraíonn sé nach féidir linn an bháisteach a úsáid mar leithscéal, mar sin! Sampla eile ná Portland, ar cathair sna Stáit Aontaithe Mheiriceá é ina bhfuil tábhacht mhór ag baint leis an rothaíocht.
leithscéal excuse
" Agus ní dhéanfainn aon leithscéal di.
na leithscéalta the excuses
" Bhí na leithscéalta ag teacht chomh fras le heascainí as béal an Taoisigh agus an Tánaiste.
mar leithscéal as an excuse
" Táthar ag diúltú do na pleananna móra go leanúnach, agus níltear ag tabhairt mar leithscéal ach amháin, ‘níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge.
leithscéal excuse
" Bhí ceist amháin eile agam do Ní Mhearraí: Cad é a tharlaíonn i gcás mo leithéidse a bhfuil dhá chos chlé uirthi! “Iarraim orthu cos amháin a mhalartú le duine a bhfuil dhá chos dheasa air!” Le freagra mar sin, níl leithscéal ar bith agat gan triail a bhaint as! Má tá tú ag iarraidh a theacht ar rang oíche atá rud beag éagsúil, áit a gcasfar daoine úra aclaí ort, tig leat tuilleadh eolais a fháil ar (www.
leithscéal ar leathmhaig lame excuse
" ” Lean John McCain lorg fealltach a athar nuair a mhol sé The Liberty Incident, leabhar le Jay Cristol a foilsíodh i 2002 a thacaigh le leithscéal ar leathmhaig na n-Iosraelach.
leithscéal excuse
" Bhain Rangers sraith na hAlban an la sin i ndiaidh iad Dundee United a bhualadh agus Celtic cluiche cothrom a imirt in éadan Hearts agus ba leor sin mar leithscéal ionsaí a dhéanamh ar cheantar Caitliceach.
Leithscéal excuse
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar Leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
leithscéal excuse
" Gearrtar fíneáil $20 ar dhaoine nach gcaitheann vóta mura bhfuil leithscéal inghlactha acu.
seanleithscéal old excuse
" Tá na blianta fada printíseachta thart agus seal gach seanleithscéal tugtha.
Cloistear gach leithscéal every excuse is heard
" Cloistear gach leithscéal, “Níl an t-am ag daoine”, “Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”, “Tá branda ar leith uaim”, “Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” agus neart fáthanna eile.
leithscéal excuse
" Ní hamháin gur leithscéal maith é gan na dea-rúin a choinneáil má bhí sibh ar na cannaí ag am a scríofa, ach cuidíonn staid na meisce le cuid de na hailt aisteacha in Beo Ar Éigean a léamh.
Gabh mo leithscéal excuse me
" ” “Gabh mo leithscéal, a Thaoisigh,” a dúirt Balor i nglór a bhí lán d’umhlaíocht agus d’uirísle, agus é á nochtadh féin don Taoiseach úr.
Ba leithscéal were an excuse
" Ba leithscéal iad na tréithe ‘Gaelacha’ seo chun an coilíneachas a ‘cheadú’.
leithscéalta excuses
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
gabh mo leithscéal excuse me
" Bin Ó Loideáin ======= Chonaic an domhan is a mháthair Beairic ag ionsaí pionta Gnéas – ó gabh mo leithscéal, pionta Guinness, i dteach tábhairne Ollie Hayes i Muine Gall.
leithscéalta excuses
" Ar ndóigh níl sna deochanna seo ach leithscéalta chun turasóirí óga gan chéill a dheighilt lena gcuid airgid, ach más é saol an óil atá uait, ba cheart duit aghaidh a thabhairt ar *Bourbon Street*.
mar leithscéal as an excuse
" Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt? Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005 =========================== Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
i measc na leithscéalta among the excuses
" Go deimhin bhí cuimhní cinn na seanmhná áirithe go hard i measc na leithscéalta a ríomh an t-iriseoir Frank McNally ina cholún clúiteach *“a history of Ireland in 100 Excuses.
chruthaigh mé an leithscéal I offered the excuse
" Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach.
amhail is go mba leithscéal é sin as if that was a (plausible) excuse
" Mar mhíniú dúradh liom go raibh na foirmeacha céanna á úsáid ar an gclár ‘Féilte’, amhail is go mba leithscéal é sin.
leithscéal excuse
" 3 milliún Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Drochshaoil, agus ár ndóigh ‘feidhmniú fórsaí an mhargaidh’ an leithscéal a bhí ag Rialtas Shasana ag an t-am sin chomh maith.
Mar leithscéal the excuse being
" Mar leithscéal, dúirt tú go raibh cuimhne dornálaí agat.
leithscéal ar bith chun coisir a reáchtáil any excuse to organize a party
" 
Tá mise i bhfách le leithscéal ar bith chun coisir a reáchtáil, ach tá seo ag dul thar fóir dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain, tá na Gaeil á ndíbirt ón taifead oifigiúil.
nach cóir aon leithscéal a dhéanamh ar a shon it’s not to be excused
" Ualach na Tarrthála ar an Iar-Cheann Feadhna ======================= Cad ba shiocair le hiompar gan choinne Uí Dhrisceoil? Ní mór a rá ar dtús nach cóir aon leithscéal a dhéanamh ar a shon, ach is féidir tosca áirithe a chur san áireamh má tá míniú ag teastáil ar a iompar neamhghnáthach.
iarracht leithscéal a dhéanamh do an attempt to excuse
" Rinne roinnt daoine iarracht leithscéal a dhéanamh do Suárez, á rá go raibh Ivanovic á ghríosadh agus á chiapadh le linn an chluiche, ach dáiríre, ní cóir agus ní féidir cás a dhéanamh ar shon iompair den chineál atá i gceist i gcomhthéacs spóirt.
iarrachtaí leithscéal a dhéanamh ar son attempts to excuse
" Rinneadh iarrachtaí leithscéal a dhéanamh ar son an imreora rugbaí de chuid na Mumhan agus na hÉireann, Pól Ó Conaill, tar éis dó cic dhamanta a thabhairt do chloigeann Dave Mac Cearnaigh de chuid foireann Laighean.
gan bheann ar leithscéalta faoi regardless of excuses about
" Leanfaidh scéal ghuagacht chórais airgid an domhain ar aghaidh go ceann cúrsa, ach in Éirinn agus in gach tír, ba cheart an dlí a chur i bhfeidhm gan bheann ar leithscéalta faoi ‘a culture of x nó y’.
Níor deineadh aon leithscéal ariamh the excuse was never given
" Níor deineadh aon leithscéal ariamh go raibh sé mar aidhm ag an togra brabach a shaothrú don dá nuachtán trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir.
an leithscéal the excuse
" Is tábhachtach an ghné dhearfach imshaoil ní mar gheall ar an leas atá ann féin, ach toisc gurb shin é an leithscéal atá an stát ag tarraingt chuige féin ina gcuid blúiríní eolais chuig na meáin chumarsáide, d’ainneoin an milleadh go léir a dhéanann siad chaon bhliain trí Bhord na Móna.
ach leithscéal feiliúnach just a suitable excuse
" Níl sa gcaint seo faoin dáiliúchán ach leithscéal feiliúnach do dhreamanna, go mb’fhearr leo nach mbeadh orthu bacaint le nuachtán clóite a chur ar fáil don dá thrian (68%) a bhfuil sin uathu.
is bocht an leithscéal é sin that’s a pretty poor excuse
" ” Ar ndóigh ní hé an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an t-aon roinn stáit a ghlac le cúraimí nua le dornán blianta anuas agus is bocht an leithscéal é sin le droim láimhe a thabhairt dá gcuid dualgais reachtúla.
leithscéal a ghabháil as to excuse ourselves for
" Mar sin de, níl aon chall dúinn leithscéal a ghabháil as ár bhféiniúlacht ar Lá 'le Pádraig.
leithscéal na haimsire a reic to use the excuse of weather
" ” Is é Lá na Báistí Lá na bPáistí ========== “Rud eile atá soiléir ná go bhfuilimid rósciobtha mar Éireannaigh, leithscéal na haimsire a reic in ionad éadaí oiriúnacha a chaitheamh le dul amach” a deir sí.
fuarthas mea culpa eile another excuse was found
" Agus fuarthas mea culpa eile ó Robert Mc Namara, iar-rúnaí cosanta le linn ré Kennedy agus Johnson, ina leabhar, In Retrospect, ach go háirithe ó thaobh Vítneam de.
leithscéal na coiriúlachta the excuse of criminality
" Tá an DUP ag úsáid leithscéal na coiriúlachta chun nach gá dóibh suí síos i Stormont le Sinn Féin agus, dar le Robert McMillen, tá na meáin chumarsáide ó thuaidh agus ó dheas ag foilsiú scéalta atá ag cuidiú leis an pháirtí aontachtach leanstan orthu leis an mhoilleadóireacht.
leithscéal excuse
" De thairbhe go bhfuil leithéidí GPS, GoogleMaps agus Loopt ar fáil go fairsing, níl aon leithscéal agat a bheith caillte a thuilleadh.
leithscéal excuse
" Caithfidh daoine athrú agus bogadh amach as an aois seo chuaigh thart a deir Robert McMillen, óir ní gné de shaol na linne seo é an marú seicteach, ná ní leithscéal ar bith é go raibh bratach ar foluain sa cheantar nó nach raibh.