Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo.
Tá an praghas íslithe anois ag an nGníomhaireacht um Thionscadail Iarnróid, ach chun costais a spáráil chaith siad uathu na staighrí beo agus roinnt mhaith geataí ticéad sna stáisiúin agus chuir siad cosc ar thraenacha níos mó ná trí charráiste (i gcomparáid le teorainn 8 gcarráiste i gcás an DART), rud a chuirfidh srian chomh maith ar chumas iompair na líne.