Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ina colgsheasamh standing erect
" " In áit lámh dhearg Uladh, tá méar dhearg Uladh acu, agus í ina colgsheasamh, ag déanamh comhartha mímhuinte.
curtha in airde erected
" Ní hamháin sin, ach tá soilse speisialta curtha in airde ag a n-athair sa gháirdín mór ar chúl an tí ionas go mbeadh siad in ann cleachtadh a dhéanamh i rith an gheimhridh.
chun foirgnimh a thógáil. to erect buildings.
" Formhór an airgid a chaitear ar spórt sa tír seo caitear é ar áiseanna, agus faigheann cumainn spóirt an t-airgead (deontais agus araile) chun foirgnimh a thógáil.
thógfaí dealbh dó. a statue would be erected for him.
" " Dá mba shaighdiúir in arm foirmeálta é Brendan Hughes, thógfaí dealbh dó.
chrochadh to erect
" Más mall féin an t-athrú é, gur féidir deontas a fháil le muileann gaoithe (beaga) a chrochadh agus gur féidir an fuíollach aibhléise a ghinfear leis a dhíol leis an ghréasán náisiúnta, is maith ann é.
Seasadh suas (were) erected
" php?page=archive_content&archive_id=375) Seasadh suas roinnt stáisiún aithreachais ag an am chéanna agus tá cuma fíorshuimiuil, stairiúil agus spioradálta ar an áit anois.
Tógadh was erected
" ) Níl fhios agam cén sórt amadáin a scríosfadh áit álainn le teachtaireacht mar seo, ach guím drochrath ar an chleamhnas! An Camus Binne Tógadh leacht cuimhneacháin nua i mbliana in aice leis an chosán go Port, clachán tréigthe, álainn ar an taobh thuaidh de Ghleann Cholm Cille.
crochta posted, erected
" De réir fógra a bhí crochta air, is le NWE Wireless ltd.
cuireadh were erected
" Tuairiscíodh an tseachtain seo caite, go bhfuil ‘balla síochána’ úr le tógáil i mBéal Feirste 40 bliain ó cuireadh na bacáin in airde le linn hulach halach seicteach na bliana 1969.
Tógtar are erected
" Tógtar scáileáin mhóra acu agus breathnaíonn gach éinne ar an rás mór in Melbourne, a thosaíonn ag a trí a chloig agus a mhaireann beagán os cionn trí nóiméad.
chrochadh erect
" Mar réiteach air sin, d’fhéadfaí na muilte a chrochadh amuigh ón gcósta, ach bíonn costas dhá oiread níos mó ar an obair agus ar an gcothabháil.
chrochadh to erect
" **SMM: A’b é an t-am a raibh siad ag iarraidh an leacht cuimhneacháin a chrochadh?** LÓD: Ba shin níos luaithe i ’68, sílim, ach ní raibh mé aige sin.
Chroch erected
" Learpholl i mBun an Bhacáin ============== Chroch muintir na háite bacáin leis na póilíní agus saighdiúirí a choinneáil amach as a gceantair féin: *“Liverpool is in a state of unrest.
Chroch mé m’amóg I erected my hammock
" Chroch mé m’amóg in airde i mbothán folamh agus d’itheamar dinnéar le chéile.
nochtadh dealbh ina urraim a statue was erected in his honour
" Sa réimeas nua i ndiaidh 1989 tugadh an onóir is coitianta a thabhairt do ghníomhartha dá shaghas: tá sráid i bPrág (siúd is gur cearnóg atá i gceist sa chás seo) ainmnithe ina dhiaidh agus nochtadh dealbh ina urraim.
ag athchrochadh re-erecting
" Ní raibh le cloisteáil fud fad an stáit ach dordán na dtoireasc slabhra ag gearradh crainnte scriosta an stáit agus giúnaíl ardaitheoirí na n-oibrithe leictreachais, teileafóin, agus teilifíse agus iad ag athchrochadh a gcuid línte agus sreanga.
Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua the relatives erected a new memorial plaque
" Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua taobh le geata na reilige le cur in iúl go bhfuil muintir Uí Cheallaigh curtha inti.
crochta ina chuimhne erected in his memory
" Séadchomhórtha ar leith atá crochta ina chuimhne anois mar meastar gurbh é Ó Beirn an chéad cheoltóir riamh de chuid na hÉireann ar tarraingíodh a ghrianghraf.
a chroch an fógra who erected the notice
" Tá fógra mór in aice le doras na cúirte ag cur foláirimh ar an phobal agus iad ag dul isteach chun éisteacht leis: D’fhéadfadh an cás cúirte seo dochar a dhéanamh do shláinte duine! Agus tá an ceart ar fad ag an duine a chroch an fógra.
bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil trying to erect a statue
" Anuas ar sin, bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil i nGaillimh dornán blianta ó shin in onóir Che Guevara siocair go bhfuil seans ann go raibh ceangail aduain éigin ag a shin-seanmháthair leis an chathair.
crochta ar an mbealach erected on the road
" Mar sin féin, le barr aineolais, déantar neamhaird iomlán ar an mbunleagan Ghaeilge ar an gcomhartha turasóireachta do Bhealach Ghleann na Suca, comhartha atá crochta ar an mbealach N60 idir An Caisléan Riabhach agus Béal Átha Mó i Contae Ros Comáin.
freagrach as tógáil agus cothabháil responsible for erecting and maintaining
" Tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta freagrach as tógáil agus cothabháil na gcomharthaí ar bhóithre náisiúnta an Stáit agus tá na húdaráis áitiúla freagrach as tógáil agus as cothabháil na gcomharthaí ar bhóithre áitiúla mar aon le bóithre réigiúnacha an Stáit.
mba chóir leacht a thógáil a memorial ought to be erected
" “Bheartaigh fear áitiúil, gan cheangal ar bith aige le hÉirinn, go mba chóir leacht a thógáil ag Sanaigmore.
Tógadh leac chuimhneacháin a memorial stone was erected
" Tógadh leac chuimhneacháin ansin i 2009 i gcuimhne ar 19 d’fhoireann loinge a fuair bás i 1870 nuair a briseadh an Sydney ar 16 Samhain.
an leacht chloiche crochta the erected stone plaque
" Tá clár plaisteach, leis an eolas cheannann chéanna air is atá ar an leacht chloiche crochta ann! ‘*The introduction of man-made artefacts into the natural environment*’ Sin an rud a dhéanann gach páirc náisiúnta iarracht a sheachaint, ach tarlaíonn sé san LCS seo gan stró! Dá mbeadh áit mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú, chan é a scrios.
chroch erected
" Ní bheadh aon ghlacadh ag pobail eile le cleas theaghlach Healy Rae, mar shampla, a chroch dhá phostaer ar bharr Chorrán Tuathail le linn na dtoghchán áitiúla.
crochta gach céad slat erected every hundred yards
" Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil comharthaí WAW crochta gach céad slat agus is beag an baol go rachfá amú ar an tslí seo.
atá á chrochadh which is being erected
" Léiriú maith é an spíce atá á chrochadh i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath, agus a chosain beagnach €5 mhilliún, ar an dóigh a bhfuil tús áite á thabhairt do na rudaí míchearta sa tír seo.
dealbh a chroch sé a statue he erected
" Is ealaíontóir é David Cerný a bhain siar mór as daoine i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach le dealbh a chroch sé sa Bhruiséil.
chrochadh erect
" Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na *‘white collar unions’*? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.
chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoic who’ll erect wind turbines on every hilltop
" Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa gur spaga beag folamh an rialtais áitiúil a d’fhág é ag santú comhlachtaí a chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoic.
i gcrochadh leice ina chuimhne fosta in erecting a plaque in his memory
" Tá fios an scéil faoi Big Jim Larking i Learpholl ag Tony Birtill, mar bhí sé féin gníomhach i gcaomhnú an eolais faoi agus i gcrochadh leice ina chuimhne fosta.