comhionannas deiseanna
equal opportunities
Is *melting pot* cultúrtha é Meiriceá, tír atá ar nós cuma liom faoi dhath craicinn daoine, a bhfuil
comhionannas deiseanna agus cothrom na Féinne le fáil inti.
ar cóimhéid
equal in size
Sampla Rosenborg
=======
An bhfuil seans ar bith, mar sin, ag tír bheag aonarach ar nós na hÉireann club láidir sacair a fhorbairt? Tá sé soiléir go bhfuil, má fhéachtar ar shampla Rosenborg, club atá lonnaithe ar imeall an Chiorcail Artaigh, in Trondheim san Iorua, baile atá
ar cóimhéid le cathair Chorcaí.
Comhurramach
equal esteem
" Is minic Balor an Bhéil Bhinn ag caitheamh i ndiaidh laethanta a óige: "Tá cuimhne mhaith agamsa ar an tír seo nuair a bhíodh an áit dá rith i gceart: nuair a bhíodh an Chomhairle Ealaíon ann le freastal ar ealaíontóirí, sular bunaíodh an Stát Seicteach, Aon-Diach, Aon-Chultúrach, Truamhéalach sin ó dheas agus an Stát Eile Oscailte,
Comhurramach, Ilchultúrtha, Ilchreideamhach, Ileitneach, Flaithiúil, Fiúntach, Fialmhar sin ó thuaidh.
ar comhchéim
on equal footing
Roimhe sin, bhí na daoine ar fad
ar comhchéim, ach níl anois.
Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig
we were all created equal on this earth
Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig, agus tá a pháirt féin ag achan duine.
ar comhchéim
on equal terms
Cuirfidh sin deireadh leis an mhagadh!"
Níor lig Balor a chuid maidí le sruth ná níor thug sé caoi d'Ian Mór anáil a tharraingt, ach isteach go beo leis an Iriseoir calma clúiteach agus chuir ceist chliste chrua eile ar an DUPE mór, díreach suas lena bhéal:
"Plean ar bith eile agat, a Ian?"
"Agus mé i m'Ard-Rí beidh mé
ar comhchéim le hÍosa Mac Giolla Mháire thíos ansin sa Saor Stát," a d'fhreagair Ian Mór an Páiseadóir.
cothrom
equal
Tíortha na hEorpa le chéile agus gach duine
cothrom, gan deighilt ná easaontú ann ó thaobh teorainneacha nó ó thaobh cearta daonna de.
ar bhonn cothrom
on equal terms
Lean sé ar aghaidh: "Bímis soiléir faoi - cúrsaí teicniúla, polaitíocht, cuntasacht - tabhair do rogha ainm air, is sofhriotail iad uilig ar an réaltacht úr a bhfuil ar an DUP dul i ngleic léi, is é sin go gcaithfidh siad an chumhacht a roinnt
ar bhonn cothrom le poblachtánaigh nó nach mbeidh cumhacht ar bith acu.
níos cothroime
more equal
Bua eile a bhaineann leis an gcóras atá á mholadh agam ná go mbeadh dhá mhórchluiche iománaíochta breise ar an bhféilire, rud a dhéanfadh an cóimheas de chluichí iomána agus peile "beo" ar an teilifís
níos cothroime.
inchurtha le
equal to
Ceist agam ort: céard é an t-athrú ba shuntasaí agus ba thábhachtaí i gcúrsaí iompair na tíre le trí bliana anuas? Luas an dá bhealaigh? An síneadh nua ar an M1, an mótarbhealach idir Bhaile Átha Cliath agus Dún Dealgan? Éide nua na n-aeróstach in Aer Lingus?
Déarfainn féin nach bhfuil ceann ar bith díobh sin
inchurtha le hathrú radacach ach folaithe a thosaigh go ciúin agus a scaip thar chúig chontae is fiche i bhfaiteadh na súl.
ar comhthábhacht
of equal importance
Tá an dá rud
ar comhthábhacht.
inchurtha le
equal to
Is beag grianghrafadóir atá ann anois atá
inchurtha le hAdams, Weston nó Brandt, mar shampla, ach tá i bhfad níos mó grianghrafadóirí ann anois ná mar bhí riamh.
inchurtha le
equal to
Is beag grianghrafadóir atá ann anois atá
inchurtha le hAdams, Weston nó Brandt, mar shampla, ach tá i bhfad níos mó grianghrafadóirí ann anois ná mar bhí riamh.
ar comhchéim leo
on an equal footing with them
Bhíodh éad orm ansin roimhe seo nuair a bhíodh daoine timpeall orm ag brabhsáil leo ar an idirlíon – ach anois bheinn féin
ar comhchéim leo.
ar comhchéim leo
on an equal footing with them
Bhíodh éad orm ansin roimhe seo nuair a bhíodh daoine timpeall orm ag brabhsáil leo ar an idirlíon – ach anois bheinn féin
ar comhchéim leo.
ar comhaois liom
equal in age
Bheadh an brú sin níos measa mura mbeadh amhráin ná fiú ceol agam ach go hiondúil bíonn daoine sásta go bhfuil tú in ann rud éicint a dhéanamh agus nach bhfuil tú go hiomlán gan mhaith!
AÓF: An bhfuil aon steip dhamhsa agat?
RNicD: Arís ar ais bhínn ag damhsa ag na feiseanna nuair a bhí mé níos óige - mar a bhí go leor eile
ar comhaois liom ag an am freisin.
ar comhphointí
on equal points
Cé go bhfuil Sasana ar bharr a ngrúpa i gcomórtas Chorn na hEorpa faoi láthair, tá siad
ar comhphointí (seacht gcinn) leis an gCróit, an Mhacadóin agus Iosrael.
beagnach cothrom
neraly equal
Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal – de réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael
beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.
ar comhchéim
equal
”
Nach íorónta é áfach, a deirim le Conor, go raibh na poblachtaí Sóivéadacha agus an tSin ag iarraidh a bheith
ar comhchéim leis an iarthar chaipitleach agus anois, nuair atá siad anois ina mbaill den chlub, go bhfuil an caipitleachas go hiomlán in aimhréidh.
sciar cothrom
an equal share
Dúirt sé gur bhronn Dia
sciar cothrom aeir, spéire agus gréine ar dhaoine.
cothrom na Féinne
equal rights
Ní raibh ann, i ndáiríre, ach iarracht chun
cothrom na Féinne a fháil do na hairí sin, le go bhfaighidís pacáiste maith scoir, mar a fuair sé féin; agus go mbeadh comhluadar aige ar na binsí cúil, áit a mbíonn sé fuar in amanna.
Is Cothroime
are more equal
ach
Is Cothroime Roinnt Ainmhithe ná a Chéile’ (Orwell)
Pléann an tAbhcóide Sinsir, Séamas Ó Tuathail, ceann de na leatroim is mó do chainteoirí Gaeilge i gcóras cúirteanna na tíre.
Ceart Dom, Ceart Duit
equal rights for all
Ceart Dom, Ceart Duit
Sa chás *Roe v Wade*, 1973, chuir an chúirt deireadh leis an chosc iomlán ar ghinmhilleadh.
bonn ar aon
on a equal footing
De réir an Chonartha, cuirim i gcás, chaithfí cóireáil leighis éigeandála a chur ar fáil d’imircigh
bonn ar aon le saoránaigh agus bheadh ceart chun oideachais ag leanaí na n-oibrithe Imirce gan aird ar stádas dlíthiúil.
Ceart Dom, Ceart Duit
equal rights, fair play
Ceart Dom, Ceart Duit
============
Maidir leis na ceardchumainn, aithnítear go bhfuil feachtas feidhmiúil curtha ar bun acu chun troid in aghaidh leasuithe an rialtais ar an gcóras pinsin.
chothroime
equal treatment
Bhí clú ar an Astráil, tráth den saol, mar thír a bhí forásach ó thaobh bheartas i réimse sóisialta de, tír ina mbíodh ardmheas ar chomhionannas agus ar
chothroime.
comhsheasmhacht
an equal stance
Tá sé feidhmiúil a fhad is a bhaineann sé le
comhsheasmhacht a bheith ann i measc réiteoirí ó thaobh cur chun cinn na rialacha, ach níl béim ar chumas nádúrtha réiteoireachta a mheas.
chomhchaighdeán
equal standard
Cad tuige go bhfuil tú ag iarraidh bualadh leis? An mbeadh mórán le foghlaim agat ón bhoc sin?”
“Ní bheadh, i ndáiríre, a Bhaloir, tá an bheirt againn ar
chomhchaighdeán i dtaca leis an mhéid atá foghlamtha againn i rith ár saoil, a déarfainn, cé go bhfuil rud beag níos mó cumhachta ag Liam ná mar atá agam féin.
An Imirt Chothrom ar Chách
equal treatment for all
An Imirt Chothrom ar Chách
========
D’fhógair an tAire Inimirce, Chris Bowen, go raibh comhaontú socraithe le rialtas na Malaeisia scéim mhalartaithe i dtaca le teifigh a cur i dtreoir.
a mhacasamhail
its equal
*Flipboard*/ Zite, irisleabhair reatha: rud amháin faoin ipad ná nach bhfuil
a mhacasamhail le fáil ó thaobh ábhar saibhir físiúil, seachas b’fhéidir, ar thaibléidí eile (ach n’fheadar cé chomh fada is a mhairfidh na taibléidí eile? <http://thisismynext.
ar comhchéim le
on an equal footing with
Bheadh an foréigean as ar baineadh feidhm le go mbeadh rialtas i Sráid Chill Dara
ar comhchéim le láimh láidir an IRA.
cothrom
equal
Is fuath leo na deighiltí idir na haicmí sóisialta atá coitianta i Sasana thar aon ní eile agus maíonn siad go bhfuil an tsochaí Astrálach go hiomlán
cothrom ó thaobh aicme sóisialta de.
níos cothroime
more equal
Má chuirtear an cruth ceart ar a leagan amach ón tús, is cáin í atá
níos cothroime agus níos forchéimnithí ná roinnt cánach eile.
ar chomhcheim
on equal footing
Rinneadh ceithre chóip de An Scread agus is pictiúr é atá
ar chomhcheim anois leis an Mona Lisa ó thaobh cáile de.
nach ionann
doesn’t equal, is not the same as
Ba cheart a lua
nach ionann an Ghailís agus Spáinn na gréine, ná Spáinn na n-óstán chois cladaigh, ná Spáinn na mangairí is na margaí ach chomh beag.
na comhréireachta
of equal treatment
An aontódh éinne go mba chóir daoine a chur i ngéibheann mar gheall ar an iompar seo? An mbeadh téarma ar an leaba chláir as sárú na luasteorann ag teacht le prionsabal
na comhréireachta?
Is lú comhréireacht fós atá ag baint le hordú díbeartha a thabhairt do dhuine nach bhfuil sáraithe aige ach teorainn stáit nó téarmaí víosa.
tá stádas comhionann ag
has equal status
Is í Maorais an teanga atá ag muintir dhúchais na Nua-Shéalainne agus
tá stádas comhionann ag Aotearoa, ainm na Maorach ar an tír, le fada an lá.
mothaíonn a lánoiread
an equal amount feel
Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach
mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
scartha ach comhionann
separate but equal
D'fhan dlíthe eile a cheadaigh na ciníocha a dheighilt ("
scartha ach comhionann") go dtí 1964.
níos cothroime
fairer, more equal
Gan a bheith ag caint ar na rudaí saolta, tá an tír níos oscailte,
níos cothroime, agus níos toilteanaí inniu.
Is ionann an líon sin
that number is equal to
Is ionann an líon sin agus 43% de na daoine san aoisghrúpa.
is beag duine a bhí inchurtha leis
few equalled him
Thug sé go fial dóibh siúd a bhí i gcruachás agus
is beag duine a bhí inchurtha leis ó thaobh na flaithiúlachta.
tá cuma níos cothroime ar na foirne iomána idirchontae
the inter-county hurling teams look a lot more equal
B’iontach an speach a thug taispeántais Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, Uíbh Fháillí agus Átha Cliath i gcoinne Chill Chainnigh agus Laoise i gcoinne na Gaillimhe don chomórtas craoibhe agus don iománaíocht féin agus i ngeall orthu sin
tá cuma níos cothroime ar na foirne iomána idirchontae thar mar a bhí le roinnt blianta anuas.
comhcheart don
equal right(s) to the
3 ná go dtugann sé
comhcheart don mháthair agus don ghin sa bhroinn.
le sochaí níos cothroime a chruthú abhus
to create a more equal society here
Ar an chéad dul síos, gheall rialtas na Breataine Acht na Gaeilge mar chuid de phróiseas na síochána agus mar cheann de na héilimh ar leith i gComaontú Chill Rímhinn
le sochaí níos cothroime a chruthú abhus.
ar comhchéim
on a equal footing
"Má tá réiteach ann maidir le hiar-sceimhlitheoirí a bhí gníomhach, is cóir go mbeadh sé amhlaidh i gcás bhaill fhórsaí slándála na Breataine,” ar sé, ag cur an dá ghrúpa
ar comhchéim.
Is ionann
it equals
Is ionann O’Keeffe vs Hickey et al agus diúltú na Cúirte Uachtaraí cead a thabhairt di faoiseamh a dh’fháilt ón Stát féin ós rud é ná raibh an Stát sin i bhfeighil de facto ar an gcóras bunscolaíochta a cruthaíodh le cabhair cánacha ginearálta.
sochaí chothromaíoch
an equal society
Is dóigh liom go dtagann cinneadh Abbott salach ar thuairim dhaingean na ngnáthdhaoine abhus gur tír í an Astráil ina bhfuil
sochaí chothromaíoch gan aon aicmíocht bainte amach acu.
cothrom don chéad uair
equal from the start
Níor leag siad amach an dóigh cheart le cinntiú go mbeadh na táillí
cothrom don chéad uair.
níos cothroime
more equal
Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go mbéarfaidh imeacht John Paul Stevens ar scor as Cúirt Uachtarach SAM deis do Barack Obama an chúirt a dhéanamh
níos cothroime.
Ceart dom, ceart duit
fairplay/ equal rights for everyone
‘
Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn, nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.