Ní thugann an ceathrar aon aird ar a dtimpeallacht – ní fheiceann siad na siopadóirí ag stánadh orthu agus iad ag deifriú thar bráid i mbun a ngnó, agus ní fheiceann siad na turasóirí fiosracha a bhíonn faoi dhraíocht ag a ngeáitsí réchúiseacha.
Is iomaí teaghlach i gceantar láidir Ghaeltachta a fhaigheann an deontas iomlán, ní mar gheall go bhfuil Gaeilge ón gcliabhán ag na gasúir ach mar go bhfuil Gaeilge mhaith foghlamtha acu ón scoil agus súite ón dtimpeallacht Ghaeilge ina bhfuil siad ag maireachtáil.
Sa tuarascáil sin ag a mbeadh tionchar suntasach, ní hamháin ar an réigiún ach ar an domhan go léir, mhol na húdair faoi stiúir Richard Perle go bhféadfadh an stát Giúdach a thimpeallacht straitéiseach a mhúnlú, i gcomhar leis an Tuirc agus an Iordáin, *“by weakening, containing, and even rolling back Syria.
Tá sé mar aidhm ag an AE tionchar a imirt ar a chomharsanacht ar mhaithe le cúrsaí trádála, cúrsaí síochána, agus, le bheith fírinneach, cúrsaí geopholaitíochta.