Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith you yourself create the enjoyment that you get from any place
" Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú.
sult mór great enjoyment
" Bhain mé sult mór as a bheith ag iarraidh na teachtaireachtaí Gaeilge a thuigbheáil.
sult enjoyment
" Bainim sult as an DSG gach bliain, agus gach bliain is féidir liom mo chuid Ghaeilge a úsáid níos mó agus níos fearr dá bharr.
sult enjoyment
" Bainim sult as an DSG gach bliain, agus gach bliain is féidir liom mo chuid Ghaeilge a úsáid níos mó agus níos fearr dá bharr.
sult enjoyment
" Tá Cummiskey, mar aon le go leor daoine eile, ag súil go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo, sa dóigh is gur féidir leis an páistí ó Bhéal Feirste agus iad siúd atá ag tabhairt aire dóibh sult a bhaint as a n-am luachmhar le chéile.
thaitneamh enjoyment
" Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d'fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana.
sult enjoyment
" Ó tharla gur minic naimhdeas idir an méara agus Éireannaigh Nua-Eabhrac, ba cheart do Cunningham sult a bhaint as ócáidí pléisiúrtha mar seo nuair a tharlaíonn siad.
taitneamh enjoyment
" Bhain mé taitneamh chomh maith as teanga bheo na nGael agus as an cheol, agus thit mé i ngrá leis na radharcanna tíre is mara (agus níorbh shin amháin é!) Thógfadh sé leabhar iomlán orm cuntas a thabhairt ar gach aoibhneas agus brón a bhraith mé le linn mo laethanta in Éirinn.
sult enjoyment
" Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach - chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh, a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir Oileán Mhanainn - ach an baile beag baoideach sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra le sult agus pléisiúr a bhaint as Weak Wille *Willie Week *i dtús mhí Iúil gach aon bhliain.
sult enjoyment
" Bhain muid sult astu a fhad is a mhair siad.
an-sult a lot of enjoyment
" "Beidh, cinnte," an freagra a bhí acu, mar bhain siad an-sult as an Ghaeilge, an tírdhreach, an ceol traidisiúnta le James Byrne agus a chairde, an sean-nós, na damhsaí, an léamh filíochta le Pól Ó Muirí, an fháilte a cuireadh rompu agus an deis a bhí ann a bheith ag caint le daoine as tíortha éagsúla.
an-sult great enjoyment
" Bhéarfeadh mo mhic caiséid de Daniel O'Donnell isteach chuig a seomra leapa agus ba léir gur bhain sí an-sult as glór Daniel.
an-taitneamh a lot of enjoyment
" Bhain mé an-taitneamh as an rang, as an gceantar agus as an gcomhluadar a bhí agam leis na daltaí eile (Éireannaigh den chuid is mó).
taitneamh enjoyment
" Ach cá bhfios cé chomh fada is a mhairfidh an taitneamh atá le baint as an saghas sin cumarsáide? Agus nílim ag caint ar cheisteanna morálta - tá fadhb níos mó ná sin ag teacht chun cinn anois: fógraí.
a lán taitnimh a lot of enjoyment
" Bhain na daoine a bhí i láthair a lán taitnimh as mo chuid ceoil, de réir dealraimh, agus tugadh cuireadh dom chuig seisiún a bhí ar siúl i dtábhairne Éireannach cúpla trathnóna in aghaidh na seachtaine.
sult enjoyment
" An raibh tú riamh sa cheantar thart ar na sléibhte ar a dtugtar Am Monadh Ruadh, thuas i nGaeltacht na hAlban? Ceantar álainn fiáin atá ann, a mheallann na mílte duine i rith na bliana, daoine ar maith leo sult a bhaint as an saol faoin spéir.
tuilleadh taitnimh more enjoyment
" Ach tiocfaidh feabhas ort agus, de réir mar a thiocfaidh, bainfidh tú tuilleadh taitnimh as bheith ag úsáid do chuid eolais.
sult enjoyment
" Baineann na Francaigh sult as an tsaol ar bhealach a thaitníonn go mór liomsa.
neart taitnimh plenty of enjoyment
" D taobh istigh de cheithre bliana (agus é sé bliana is fiche d’aois), ach d’éirigh leis neart taitnimh a bhaint as an tréimhse sin fosta! Le linn dó bheith ina iarchéimí, bhíodh sé ag scríobh píosaí do Raidió Uladh agus do *Comhar, An tUltach*, agus *Fortnight,* i measc foilseachán eile.
an sult céanna the same enjoyment
" Bainim an sult céanna as aon stíl cheoil chomh fada is go mbíonn an stíl réigiúnda le clos go ríshoiléir.
taitnimh enjoyment
" Ní bhainim féin an oiread sin taitnimh as bheith ag labhairt ar an ghuthán.
taitneamh enjoyment
" Tá réimse leathan imeachtaí eile pleanáilte chomh maith, ina measc, céilí, lá teaghlaigh, ceardlanna drámaíochta agus comórtais, chun cur leis an taitneamh.
sult enjoyment
" Ach bhain mé sult as na comharthaí bóthair dátheangacha a fheiscint, agus rinne mé iarracht iad a thuiscint, fiú má bhíos ag cur isteach ar na paisinéirí in aice liom ar na busanna áitiúla le ceisteanna.
sult enjoyment
" “Tháinig an tionscadal seo amach as ceo na mblianta, ó thraidisiún ceoil na ndaoine atá curtha ar théip ó thús na seascaidí,” a dúirt sé féin liom, ach, ina theannta sin, fáisceadh an tionscadal as fís agus fuinneamh fir a thóg air féin rud inteacht a dhéanamh ionas go mbeadh na glúnta atá le theacht in innimh sult a bhaint as seancheol agus seanchas iad siúd atá imithe agus foghlaim uathu.
sult ar dóigh great enjoyment
" Bhí idir cheol, fhilíocht agus amhránaíocht ann, chomh maith le scoth bí agus dí, agus bhain a raibh i láthair sult ar dóigh as an oíche.
sult enjoyment
" “Tháinig an tionscadal seo amach as ceo na mblianta, ó thraidisiún ceoil na ndaoine atá curtha ar théip ó thús na seascaidí,” a dúirt sé féin liom, ach, ina theannta sin, fáisceadh an tionscadal as fís agus fuinneamh fir a thóg air féin rud inteacht a dhéanamh ionas go mbeadh na glúnta atá le theacht in innimh sult a bhaint as seancheol agus seanchas iad siúd atá imithe agus foghlaim uathu.
sult enjoyment
" 50 Ná déan dearmad i ndiaidh a mbeidh de shiúl déanta agat sa tóir ar na seoda ealaíne seo suíochán deas compordach a aimsiú i gcaife nó cearnóg, d’anáil a tharraingt agus sult a bhaint as an *dolce vita* chomh maith! *Salute!* *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
taitneamh enjoyment
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Ba mhaith liom go mór go mbeadh gach Éireannach bródúil as an Ghaeilge agus ábalta úsáid agus taitneamh a bhaint aisti agus go mbeadh níos mó scríbhneoirí in ann slí bheatha lánaimseartha a bhaint amach sa Ghaeilge.
ardtaitneamh a great deal of enjoyment
" “Caithfidh mé a rá go mbainim ardtaitneamh as an obair sin.
taitneamh enjoyment
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Ba mhaith liom go mór go mbeadh gach Éireannach bródúil as an Ghaeilge agus ábalta úsáid agus taitneamh a bhaint aisti agus go mbeadh níos mó scríbhneoirí in ann slí bheatha lánaimseartha a bhaint amach sa Ghaeilge.
sult enjoyment
" Tá sé de dhualgas orm sult a bhaint as gach nóiméad de, maith nó olc.
seachas taitneamh pearsanta apart from personal enjoyment
" Ach creidim go raibh cúis eile, seachas taitneamh pearsanta, a thug ar Chathal ithe sna bialanna ba dhaoire i bPáras, na léinte ba dhaoire i bPáras a cheannach agus cónaí i dteach mór.
sult enjoyment
" Athbheochan Is tír an-saibhir anois í Éire agus measann daoine go bhfuil athbheochan i ndán don Ghaeilge mar, i ndiaidh do na hÉireannaigh sult a bhaint as an airgead, go dtosóidh siad ag fiafraí “cé mé féin?” agus go bpillfidh siad ar an dúchas.
ardtaitneamh a great deal of enjoyment
" Rinne mé turas féintiomáinte ar Oileán Fraser, agus cé gur bhain mé ardtaitneamh as bheith ag tiomáint cois farraige i Land Cruiser, agus bheith ag campáil ar an trá, rith sé liom go gcaithfidh nach bhfuil an leibhéal ard turasóireachta ag déanamh mórán maitheasa don áit.
sult enjoyment
" Mhothaigh mé mar a bheadh ainmhí sa zú ann, ach bhain mé sult as an bhalla oighir, cé nach raibh sé ró-ard.
sult enjoyment
" Tá siad an-lúfar go deo, agus ní gá dóibh a bheith óltach chun sult a bhaint as imeachtaí oíche.
sult agus tairbhe enjoyment and benefit
" Tá an áit ciúin – táimid ar a laghad trí huaire an chloig ón gcéad bhaile eile – agus uaireanta bíonn an aimsir thar a bheith cantalach! Ach, gan amhras, más duine tú a bhaineann sult agus tairbhe as a bheith gar don dúlra, a bheith ag éisteacht le fuaimeanna an dúlra seachas fuaimeanna na cathrach agus a bheith in ann na réaltaí a fheiscint i gceart, is deacair Nyika a shárú.
ar thaitneamh on enjoyment
" Mar sin, ní bhíodh brú orainn an bua a fháil agus bhíodh an bhéim ar thaitneamh agus spraoi a bhaint as an gcluiche.
a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach. took out anything which would detract from listeners' enjoyment
" D’úsáid siad speisialtóirí chun na taifeadtaí a ghlanadh suas agus aon rud a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach.
gurbh é an pléisiúir is mó a lot of enjoyment
" I ndáiríre, caithfidh mé a rá gurbh é an pléisiúir is mó a bhain mé as an bpróiseas taifeadta ar fad ná na hamanna a shuigh mé istigh sa seomra taifeadta leis na ceoltóirí oilte seo ar fad.
spleodar enjoyment, fun
" Bhraith a mháthair áfach, go raibh meabhar cinn ghéar aige toisc go raibh spleodar agus éirim ag damhsa ina shúile.
siamsaíochta enjoyment
" Bíonn réimse leathan siamsaíochta poiblí ar siúl leis an lá a cheiliúradh, fágaim, ceolchoirmeacha, cluichí spóirt agus taispeántais tinte ealaíne.
taitneamh ar leith as particular enjoyment from
" Cé go mbainim taitneamh ar leith as na seanfhoinn, bím de shíor ar thóir ceoil úir.
ríméid na teagmhála the enjoyment of making (human) contact
" Ba mhór an díol trua é dá gcaithfimis an saol deighilte amach ó dhaoine eile, dár n-armáil féin leis an teicneolaíocht chun dúshláin agus ríméid na teagmhála daonna a dhíbirt.
spraoi fun, enjoyment
" Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá.
an-sult great enjoyment
" Táim ag baint an-sult go deo as, is craic iontach é agus tá na mainicíní eile a bhfuil aithne curtha agam orthu an-deas ar fad, tá an-chairde déanta agam.
sult enjoyment
" Nuair a bhí an teach faighte againn, shocraigh mé gur áiméar a bhí ann sult a bhaint as an tírdhreach, b’fhéidir ag dul amach ag siúl, ag cleachtadh mo chuid Gaeilge agus a bheith ag déanamh pictiúr.
an-sult great enjoyment
" Dúirt sé gur shuigh sé síos lena theaghlach féin ar na mallaibh le féachaint ar *The Commitments* agus bhain siad an-sult as, go mór mór nuair a shíl siad go raibh cead acu a rá *‘that was fucking great dad’* leis nuair a bhí sé thart.
sult enjoyment
" Is agam féin a bheas na pitchers, agus cac an diabhail ar an tábla!” Ach ba mhór an sult a bhain sé as rudaí eile fosta agus é san athbhaile sin ar an taobh eile den domhan.
siamsaíocht enjoyment
" Bíonn tarraingt agus siamsaíocht sa nuacht, gan amhras, ach ar cheart don nuacht a bheith ina spórt, agus ar cheart tionchar a bheith aige ar thuairimíocht daoine? Bhí na meáin Éireannacha lán leis an scéal le déanaí go ndearnadh tagairt do Thaoiseach na hÉireann, Brian Cowen, mar phótaire ar chlár cainte oíche NBC, ‘The Tonight Show’.
scléip enjoyments
" Isteach leis an mbrídeach faoi ghradam agus cuireadh tús leis an scléip.
an-ghreann agus an-spraoi great fun and enjoyment
" Bíonn sé i gcónaí nuair a bhí dráma nua á chleachtadh, bíonn sé i gcónaí sa seomra cleachtaidh agus is breá leis aisteoirí agus tá an-ghreann agus an-spraoi ag baint leis.
is gearr go raibh an greann in uachtar arís enjoyment soon overtook all other matters
" Shíl mé gur ceachtanna staire go maidin a bheadh ann ansin, ach faoi mar a tharlaíonn ag féilte go leor, is gearr go raibh an greann in uachtar arís.
sult as enjoyment from
" Mathshlua Ceoltóirí agus Lucht Ealaíne =============== Ba léir go mbíonn na ceolteoirí agus na rinceoirí óga ag cleachtadh agus ag athchleachtadh mar bhí siad go hiontach ar ardán na seaneaglaise - bhain gach duine i láthair sult as agus bhí ardú meanman ann nuair a chonacthas idir mheisceoirí agus na *smack heads* ag damhsa chomh maith.
mó an sásamh a bhainfimis as we’d find more enjoyment from
" B’fhéidir gur mó an sásamh a bhainfimis as ár gcuid ama a thairiscint do chumainn ar nós an Simon Community, Cumann Uinsionn de Pól nó Arm an tSlánaithe.
faoin sult a bhaintear as about the enjoyment received
" com/Harvard_Press/status/446294248309403648> ● Tá neart plé sna hirisí ar líne agus ar bhlaganna faoin sult a bhaintear as an léitheoireacht.
sásamh as enjoyment from it
" Ar an aos óg atá an saothar dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sásamh as go cinnte.
taitneamh enjoyment
" Tugann sé ardú meanman do dhaoine, dar le Colm Mac Séalaigh, agus cuireann sé leis an taitneamh a bhaineann siad as an spórt nuair a bhíonn an bua ag duine atá macánta agus nach mbriseann na rialacha, leithéidí Phádraig Harrington.
an-sult a lot of enjoyment
" Bhain Máire Ní Chuagáin an-sult as a saoire sa tSlóivéin, go háirithe mar gheall ar a laghad sin turasóirí bheith sa tír.
ar thaitneamh on enjoyment
" Caitheann sé a shúil siar ar a óige féin agus an bhéim a cuireadh ar rannpháirtíocht agus ar thaitneamh ar an bpáirc imeartha.
siamsa enjoyment
" Tá Robert McMillen den tuairim gur mór idir mórshiúl spraoi agus siamsa i dtír ínteacht eile agus an mórshiúl abhus thrí cheantar nach bhfuil fáilte roimhe ann.
an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil great enjoyment from viewing more than 30 films
" Bhain Alan Desmond an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil le linn Féile Scannáin na Veinéise.