Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éifeachtacht efficiency
" 5% d'aschur na hEorpa), beidh méadú ar an éifeachtacht agus beidh deireadh le neamhchosaint beartaíochta agus costais fálaithe ina choinne seo i réigiún an euro.
éifeachtacht efficiency
" Focail mheallacacha ======= Tá Peter Robinson agus a chomhghleacaithe ag baint úsáide as focail mheallacacha - freagracht, daonlathas, éifeachtacht ach, taobh thiar de seo, measann naisiúnaithe gur bac eile ar an bhealach chuig roinnt na cumhachta atá i gceist.
éifeachtacht efficiency
" Taighde cuimsitheach a bheith déanta ar an gcóras oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le héifeachtacht an chórais a mheas.
“lipéad” éifeachtachta fuinnimh fuel efficiency 'label'
" Bhí caint faoi scéim nua Eorpach chun “lipéad” éifeachtachta fuinnimh a chur ar thithe nua, mar atá á chur ar chuisneoirí le 10 mbliana anuas anois (agus ní úsáideann an gnáthchuisneoir anois ach 10% den leictreachas a bhí uaidh 10 mbliana ó shin nuair a cuireadh an scéim sin i bhfeidhm).
mí-éifeacht lack of efficiency
" Ní fios dár ndóigh an mí-éifeacht MI5 ba chúis leis seo, nó an d’aon turas nár tugadh an t-eolas don Bhrainse Speisialta.
mí-éifeacht lack of efficiency
" Ní fios dár ndóigh an mí-éifeacht MI5 ba chúis leis seo, nó an d’aon turas nár tugadh an t-eolas don Bhrainse Speisialta.
fheidhmiúlacht chostais cost efficiency
" Ba léir nach mbeadh an moladh seo sásúil ar na saolta deireanacha seo agus an-bhéim á cur ar fheidhmiúlacht chostais.
feidhmiúlacht efficiency
" Ach d’éirigh leis an eite dheis smaointe a bhaineann le “feidhmiúlacht” agus “dreasachtaí” a chur ina luí ar an phobal.
ag cur le híomhá na mí-éifeachta adding to the image of in-efficiency
" D'éirigh le Ann Travers - agus Jim Alastair - bille a chur fríd a chuir cosc ar iarchimí, a chaith níos mó ná seacht mbliana ar an leaba chláir, bheith fostaithe mar chomhairleoirí speisialta i Stormont, ag díriú an spotsolais ar an SDLP nach raibh a fhios acu cén treo ina rachadh siad, ag cur le híomhá na mí-éifeachta atá orthu le fada an lá.
Cheistigh sé feidhmiúlacht he questioned the efficiency
" Cheistigh sé feidhmiúlacht agus líon na n-eagras Gaeilge: ‘*It calls into question the need for such organisations and for their funding in a time of extremely scarce public resources.
as feidhmiúlacht in the efficiency of
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.
de bharr éifeacht ár ndearthóra due to our designer’s efficiency
" Riamh ó foilsíodh Beo! den chéad uair i mí na Bealtaine 2001, is i mbláth agus i mbeatha a bhí sé ag dul de bharr éifeacht ár ndearthóra, Michal Boleslav Měchura, agus cumas ár n-eagarthóirí, Éamonn Ó Dónaill, Caoimhe Ní Laighin agus Seosamh Mac Muirí.