Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
ag breith ar having an effect on
" Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s'againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh.
ag breith ar having an effect on
" Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s'againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh.
tionchar fadtéarmach longterm effect
" Tá an dá thaobh den argóint ann: iadsan a deir gur deis atá ann níos mó bia a chur ar fáil ar chostas níos lú, agus iadsan a deir go bhfuil sé contúirteach GMOs a scaoileadh amach sa timpeallacht ag an bpointe seo toisc nach bhfuil a fhios againn fós cén tionchar fadtéarmach a bheas acu ar an saol.
ag cur as dó go fóill having an effect on him still
" Labhair sé siúd óna chroí amach fosta agus tá na heachtraí seo ag cur as dó go fóill.
gan éifeacht without effect
" An é go bhfuil an gá seo leis an alcól i síol na nÉireannach agus go bhfuil sé á iompar ó ghlúin go glúin mar a bheadh gruaig rua ann nó súile donna? Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú gan mhoill, is dócha go mbeidh siad cosúil le go leor dlíthe eile a thagann chun cinn in Éirinn - gan éifeacht mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad.
tionchar effect
" Seirbhísí den tríú glúin ======= Cé go bhfuil roinnt daoine ag cur i gcoinne na n-aeróg seo toisc go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheidh ag na comharthaí ó na haeróga ar a sláinte, tá an chuma ar an scéal go mbeidh níos mó aeróg fós á dtógaint, anois go bhfuil seirbhísí gutháin den tríú glúin le teacht ar an bhfód.
seachthorthaí dainséaracha dangerous side-effects
" Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
drochéifeacht bad effect
" "Bhí ár sáith de na Trioblóidí againn, mar sin bhog muid," arsa Cole, nach raibh ach cúig bliana ag an am ach a chonaic go soiléir an drochéifeacht a bhí ag an leatrom ar a athair, ar phéintéir é, agus ar Chaitlicigh eile sa cheantar.
éifeacht effect
" Dúirt an Rialtas nach ndearna sé sin aon difríocht - go raibh éifeacht léi nuair a díbríodh na teifigh.
maisíocht special effects
" Níl aon easpa maisíochta ann anois agus is cinnte go mbeidh roinnt daoine ag iarraidh iad ar fad a úsáid láithreach agus clár faisnéise á dhéanamh acu as a bhfíseáin laethanta saoire.
éifeacht creatha talún earthquake effect
" In iMovie, mar shampla, is féidir mír físe a chur ag croitheadh chun éifeacht creatha talún a chruthú agus na dathanna a athrú go *sepia *chun go bhféachfadh an íomhá níos sine.
tionchar dearfach praiticiúil positive practical effect
" Go mbeidh tionchar dearfach praiticiúil ag an Acht Teanga ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
thionchar an tí ghloine the glasshouse effect
" * Glactar leis go coitianta go dtarlóidh cibé athruithe aeráide atá i ndán dúinn de bharr thionchar an tí ghloine go réidh, de réir a chéile.
tionchar dearfach positive effect
" Tá cúiseanna an-mhaith leis an bhfócas seo - ba mhaith leis an rialtas go mbeadh tionchar dearfach ag an dtaighde ar gheilleagar na tíre.
drochthionchar bad effect
" Níl aon ghá leis an reifreann seo, ach amháin más mian linn leasuithe bréagnaitheacha a dhéanamh ar an Bhunreacht, drochthionchar a imirt ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus cur ar chumas daoine áirithe vótaí lucht ciníochais na tíre a fháil.
fothorthaí ón gcógas side-effects from the medicine
" Samhlaigh an créatúr bocht má bhíonn air/uirthi filleadh ar an dochtúir de bharr fothorthaí ón gcógas a bhí sé ag glacadh! Is iad dochtúirí teaghlaigh na tíre a fheiceann daoine mar seo chuile lá, mar sin tá tuiscint mhaith acu ar an scéal.
tionchar dothomhaiste immeasurable effect
" Más féidir le leathanbhanda difríocht mhór a dhéanamh do ghnó aonfhir mar *Read-Out*, níl dabht ach go mbeadh tionchar dothomhaiste, i dtéarmaí eacnamaíocha, ag leathanbhanda ar cheantar cosúil le Conamara ina iomláine.
thionchar effect
" Cé go bhfuil sé deacair a bheith i mbun an chineáil sin clár teilifíse, agus gan dabht d'fhág sé a thionchar orm, inniu bhíos ag déileáil le cláracha a bhí go hiomlán éagsúil.
éifeacht effect
" Ní raibh éifeacht ar bith acu ar na ciaróga.
tionchar effect
" Seachas an t-ábhar spéisiúil seo, an rud atá sáite i mo chuimhne faoin óstán ná go raibh folcadán in ionad cithfholcadáin i ngach seomra! Áit ghaofar ======= Le linn dúinn bheith i Nis, i dtuaisceart Eilean Leòdhais, thugamar cuairt ar Rubha Robhanais, an pointe is faide ó thuaidh sna h-Eileanan Siar (agus, táim ag rá leat, bhí sé gaofar!) Agus muid ag breathnú ar an Aigeán Atlantach sínte amach romhainn, smaoinigh mé ar na scéalta a bhí cloiste againn le cúpla lá anuas, faoi thubaistí mara, faoi na céadta duine óg agus iad ar an mbád bán go Meiriceá nó Ceanada, agus faoin tionchar a bhí ag a leithéid ar phobail bheaga na n-oileán.
drochthionchar bad effect
" Nuair a fógraíodh cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh le linn mhí Eanáir, mhaígh 02 agus Vodafone go mbeadh drochthionchar ag an moladh ar iomaíocht sa mhargadh toisc go mbeadh orthu gearradh siar ar infheistíocht agus nuálaíocht.
éifeacht effect
" An t-amhrán a bhfuil an éifeacht sin is mó aige orm ná "Caisleán Uí Néill".
éifeacht effect
" Is mó i bhfad an éifeacht atá ag an seisear ban atá ar a gcamchuairt timpeall na cruinne ag nochtadh rúin faoi imeachtaí coiriúla an “*rafia*” agus faoin chultúr imeaglaithe i bpobail náisiúnacha ó thuaidh a chinntíonn nach sárofar an *omerta *riamh.
drochthionchar bad effect
" Agus, gan na turasóirí, bheadh cuid mhaith de na tithe tábhairne agus siopaí faoin tuath folamh, nó druidte fiú, rud a mbeadh drochthionchar aige ar ghnáthshaol na bpobal ansin.
éifeacht thocsaineach toxic effect
" Go sonrach, fuair sé amach go raibh éifeacht thocsaineach ag caitheamh tobac ar an reitine.
tionchar influence, effect
" ” Agus cén tionchar a bhí ag seo go léir ar a saol? “Tugann sé misneach duit.
éifeacht dhiúltach gheilleagrach negative economic effect
" Beidh éifeacht dhiúltach gheilleagrach ar thíortha atá ag brath go mór ar easportáil le haerlasta.
tionchar effect
" Ón bhliain 2003 ar aghaidh tá táillí á ngearradh ar an phobal agus tá tionchar nach beag aige seo ar an titim, dar liom.
éifeacht éigin diúltach some negative effect
" Mar sin, in ionad bheith i gcoinne an athraithe mar gheall ar éifeacht éigin diúltach ar an saol gnó (mar dhea), tá siad ag cur fáilte roimhe de bharr go gcuideoidh sé lena n-iomaíocht as seo amach.
tionchar diúltach negative effect
" Ach má bhíonn tionchar diúltach ag na harduithe úis ar an earnáil tógála, deir an Banc Ceannais go bhféadfadh líon na dtithe úra a thógfar titim siar go dtí an líon a tógadh sa bhliain 2001 agus roimhe sin.
de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo because of the ecological effect of this mining
" Tá an ceantar máguaird ag fulaingt go fóill de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo.
éifeacht effect
" Ach is beag éifeacht a bheidh aige ar an bpobal áitiúil atá ag brath fós go huile is go hiomlán ar an bhfarraige, agus a mhaireann gan uisce píoba agus gan leictreachas, agus, bhí an chuma ar an scéal, gan oideachas oifigiúil ar bith.
éifeacht theoranta limited effect
" Cad is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar an scéal, mar sin? Caithfear níos mó béime a chur ar oideachas i measc na ndaoine óga agus leanúint leis na feachtais atá ar siúl sna meáin chumarsáide, ach ní bheidh ach éifeacht theoranta ag na tionscnaimh sin.
éifeachtaí speisialta special effects
" Ar éifeachtaí speisialta a d’oibrigh sé i Nua-Eabhrac agus ar ais arís i dTóiceo.
le héifeacht an athrú teochta. with the effect of temperature change.
" Deir Tuarascáil Stern go gcaithfí idir 5-20% d’Olltáirgeacht Intíre (GDP) an domhain ar dhul i ngleic le héifeacht an athrú teochta.
tionchar tubaisteach disastrous effect
" Óir is é an tátal atá le baint as Tuarascáil Stern ná go mbeidh tionchar tubaisteach ag téamh domhanda ar gheilleagar na cruinne.
drochéifeacht bad effect
" Tá níos mó plé san Eoraip ar chánacha a ghearradh ar an aerthaisteal mar gheall ar an drochéifeacht atá aige ar an chomhshaol.
ó thionchar díobhálach an tobac from the harmful effect of tobacco
" Ina leaba sin, tá díospóireacht sheafóideach ar siúl faoin gcaoi arbh fhearr na daoine a chosaint ó thionchar díobhálach an tobac gan cosc iomlán a chur ar chaitheamh tobac.
an tionchar diúltach the negative effect
" Ba é an cosc ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí an chéad bhuille, cé nach raibh an tionchar diúltach aige is a bhí á thuar ag na tábhairneoirí ag an am.
a héifeacht ar an chomhshaol. its effects on the environment.
" An comhshaolAch ní féidir trácht ar an eitlíocht gan trácht ar a héifeacht ar an chomhshaol.
éifeacht na muilte gaoithe i nGaineamhlach an Ghobi. the effect of windmills in the Gobi Desert.
" Seo an dóigh ar tharla sé: Samhradh amháin d’iarr sé orm aire a thabhairt dá chuid cabáistí orgánacha a bhí ag fás aníos as carn aoiligh taobh thiar dá theach, ’fhad agus a bheadh sé féin ar shiúl ar saoire ag déanamh staidéir ar éifeacht na muilte gaoithe i nGaineamhlach an Ghobi.
tionchar diúltach negative effect
" “Tá áthas orm go bhfuil clabhsúr curtha le ré (Michael) McDowell! Measaim go raibh tionchar diúltach aige ar chúrsaí polaitíochta.
éifeacht mhór big effect
" “Ní hamháin sin, beidh cuntais ar stailceanna ocrais a raibh éifeacht mhór leo thall agus abhus; an chríochdheighilt a tharla i 1947 san Ind, a múnlaíodh, de réir cosúlachta, ar an gcríochdheighilt sin, ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu in Éirinn.
an tionchar céanna the same effect
" Cén fáth ar shocraigh tú go gcuirfeá tionlacan leo? Cad as ar tháinig an cóiriú seo? LMacM: Agus mé ag éisteacht le hamhrán, músclaíonn sé mothúchán faoi leith ionam ach tuigim nach mbíonn an tionchar céanna aige ar gach duine.
ach is beag a ghoilleann an t-eolas agus an tuiscint seo orm. but this knowledge and understanding effect me little.
" Tuigim go ndearnadh feall mharfach ar an gcine daonna ar an láthair seo ach is beag a ghoilleann an t-eolas agus an tuiscint seo orm.
tionchar mhéadú an tráchta. the effect of the increase in traffic.
" Léiríonn staidrimh ó Bhus Átha Cliath tionchar mhéadú an tráchta.
dea-thionchar good effect
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm the regulations would come into effect
" Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm i ndiaidh 21 lá in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal.
tionchar díreach direct effect
" Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post.
a chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm which the last government brought into effect
" WorkChoices* *a tugadh ar na dlíthe seo, aa chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm go luath in 2006.
a chuirfí i bhfeidhm which would be put in place, into effect
" Shuigh sé féin agus an Graoisín síos le chéile agus d’oibrigh siad amach plean oibre a chuirfí i bhfeidhm dá bhfaigheadh Huck an jab mór – péindlithe le rith ina n-éadan siúd nach WASPS iad, céasadh ar an chros a thabhairt isteach mar phionós ar chraiceann a bhualadh, toitíní a chaitheamh, alcól a ól nó a dhíol nó a cheannach, agus vótaí a chaitheamh ar son Daonlathach.
tionchar na beorach the effect of the beer
" Bíonn tionchar na beorach agus an *gluwein* le brath go gasta cionn is go mbíonn tú chomh traochta agus díscithe.
faoi thionchar na ruathar ar na daoine, about the effect of the raids on the people,
" Bhí imní air faoi thionchar na ruathar ar na daoine, ach chuir sé in iúl go láidir nach raibh siad go léir ag iarraidh scaradh ón Stát.
faoin tionchar about the effect
" Sa chlár seo, labhróidh Caitlín faoin eachtra agus faoin tionchar a bhí aici ar a saol.
a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: which had a big effect on me
" ” Dúirt sí rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: “Thaitin sé liom, fiú amháin, an scéal a insint an uair seo toisc nach raibh i láthair ach tú féin.
Cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag an gcibirbhulaíocht what effect could cyber-bullying have
" Más féidir leat na ceisteanna a fhreagairt i d’fhocail féin, léireoidh tú gur thuig tú an t-alt!** CEIST A hAON(I) Cén fáth ar chuir Megan lámh ina bás féin? (p2) (II) De réir an ailt seo, cé a bhfuiltear ag cur an mhilleáin uirthi maidir le bás Megan? Cén fáth a bhfuiltear ag cur an mhilleáin ar an duine seo? (p3) (III) Céard a léiríonn torthaí an taighde ar thug "Primetime" agus *The Irish Independent *faoi? (p4 agus p5) CEIST A DÓ (I) Cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag an gcibirbhulaíocht ar shaol an duine a ndéantar bulaíocht air? (p6) (II) Cén fáth a bhfuil an chibirbhulaíocht níos nimhní ná bulaíocht a dhéantar aghaidh ar aghaidh? (p8)(III) Céard iad na ceantair is mó a mbíonn an chibirbhulaíocht coitianta iontu? Cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh? (p11) CEIST A TRÍ(I) Ar chóir, dar le húdar an ailt, an locht a chur ar an teicneolaíocht? (p12) (II) Cé hiad na dreamanna a bhfuil freagracht orthu ó thaobh polasaithe i leith na cibirbhulaíochta a stiúradh? (12)
ó dhroch-thionchar an domandaithe from the bad effects of globalisation
" Más féidir – agus más mian – leis an Aontas Eorpach a chuid saoránach a chosaint ó dhroch-thionchar an domandaithe, ba chóir dá chuid ceannairí é sin a chur in iúl.
tionchar effect
"tionchar an radachuir fós le sonrú inniu, agus beidh na mílte duine thíos leis an tubaiste sna glúin atá le teacht.
toradh uafásach na mbuamaí terrible effect of the bombs
" Bhí Ken dulta i dtaithí ar scéala físiúla a insint – má bhíonn cogadh i gceist, feiceann tú toradh uafásach na mbuamaí agus na n-urchar; má bhíonn gorta i gceist, is léir duit na coirp chnaíte.
tionchar diúltach negative effect
" Go bunúsach, creideann scoil smaointeoireachta amháin nár fhág an pléascadh aon tionchar diúltach ar mhuintir na gceantar seo.
an dóigh a rachaidh sé i gcionn ar the way it shall effect
" Tugtar gaoth an fhocail d’iriseoir éigin faoin phlean chonspóideach atá ar na bacáin le tástáil a dhéanamh ar an dóigh a rachaidh sé i gcionn ar an phobal.
Tionchar an chultúir the effect of culture
" Tionchar an chultúir An leabhar fá Mheiriceá ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar O'Clery, '*What’s the Matter with Kansas'* an teideal a bhí air.
ó thionchar olc from the evil effect
" Tháinig an triúr as Iáva agus go dtí lá a mbás d’fhan siad neamhaithreach, ag maíomh nach raibh siad ach ag cosaint thír Mhoslamach ó thionchar olc an Iarthair.
tionchar effect
" Thosaigh fadhb na n-iasachtaí foshuíomh i Meiriceá agus tá a tionchar le mothú anseo in Éirinn, ach ní raibh muid réidh chun déileáil leis an chúlú dhomhanda eacnamaíochta.
an-tionchar great effect
" Carachtair shuntasacha Bhí an-tionchar ag an fhear ghrinn Joseph Grimaldi, a tháinig chun cinn sna 1800í, ar chúrsaí geamaireachtaí.
toradh iarmhartach knock-on effect
" Ar ndóigh, tá toradh iarmhartach (knock-on effect) ag seo i réimsí eile.
tionchar aige sin that had an effect
" Agus is dócha go raibh tionchar aige sin orm.
tionchar effect
" Agus is dócha go raibh tionchar aige sin orm.
tionchar effect
" Níor tugadh an 57 ceann eile dom ar chúpla cúis, ach go príomha, de bharr an tionchar a bheadh ag a leithéid ar an chaidreamh Thuaidh Theas! Bhain an 72 doiciméid le dhá eagras státurraithe – Bord na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.
tionchar effect
" Cé go bhfuil tionchar Ghaeilge ar logainmneacha Merseyside ó an 10ú aois i leith (Dinnseanchas Merseyside, Beo, eagrán 32, Nollaig 2003), ba é an 19ú aois nuair a tháinig na mílte Gaeilgeoir go dtí Learpholl.
tionchar effect
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi had a great effect on her
" ” Labhair Cathy píosa maith faoin scannán seo, ceann a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi, is cinnte.
tionchar an effect
" Cén aicme nó cén roinn den cheol traidisiúnta a rangfadh sí Dervish mar sin? Bhí tionchair éagsúla ar an ngrúpa Dervish, ach d’imir leithéidí Planxty agus an Bothy Band tionchar ar leith orthu a deir sí.
i bhfeidhm effected, took effect
" Chuaigh óráidíocht Obama i bhfeidhm go mór orm.
Imirt an Ama the effect of time
" Imirt an Ama Pé scéal é, is ag breathnú isteach i gcupán plaisteach caife a bhí mé nuair a rith sé liom: Cén uair nach nglaofar a thuilleadh ‘Bríd Óg’ ar Bhríd Óg Ní Bhuachalla.
cineál tionchair type of effect
" Imeacht in Iomrall Sin an cineál tionchair a bhíonn ag an stáisiún seirbhíse ar dhuine is dócha.
mothaíodh a thionchar its effect was felt
" Achrann áitiúil a bhí ann idir an dá thír sin, ach mothaíodh a thionchar sách géar fada go leor ó bhaile.
tionchar effect
" De réir mar a thuigim, is mó an tionchar atá ag an gcúlú geilleagair ar an saol in Éirinn ná ar an saol anseo sa Fhrainc.
tionchar effect
" Bhí an ghráin acu ar an bhalla agus an tionchar a bhí ag an teorainn ar a saol.
cur i bhfeidhm put into effect
" Ba mhaith liom chomh maith, go ndéarfadh cumann na n-imreoirí, an GPA, go soiléir go bhfuil siad ar son cur i bhfeidhm rialacha na gcluichí agus údarás an réiteora, agus i gcoinne gach saghas calaoiseadóireachta, claonbheartaíochta, bréagadóireachta, imirt neamhspórtúil agus drochbhéasa ag imreoirí.
thionchar effect
" Tá a leithéid de thionchar á cheilt anois, áfach, insa tríú cuid de bhunscoileanna na hÉireann.
tionchar effect
" Agus é ag labhairt ar an fhealsúnacht san eacnamaíocht, ’sé sin an tionchar a bhíonn ag smaointí agus barúlacha an duine ar an gheilleagar, dúirt sé gur cheart dúinn uile go léir ár gcuid teilifíseán a mhúchadh agus éirigh as a bheith ag léamh scéalta nuachtáin faoin gcruachás ina bhfuil muid faoi láthair.
dul i bhfeidhm ort to effect you
" Tabhair seans do Oskar agus Eli dul i bhfeidhm ort sara ndeineann Hollywood praiseach den athleagan.
i bhfeidhm in operation, in effect
" Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
tionchar what effect
" Cén tionchar oideachais is mó a chuaigh i bhfeidhm ort? Is tábhachtaí, dar liom, an tionchar a imreofar ort le linn d’óige ná níos faide anonn sa saol.
imreofar ort shall have an effect on you
" Cén tionchar oideachais is mó a chuaigh i bhfeidhm ort? Is tábhachtaí, dar liom, an tionchar a imreofar ort le linn d’óige ná níos faide anonn sa saol.
i bhfeidhm into effect
" Beidh ciorruithe á gcur i bhfeidhm leis i seirbhísí Bhus Éireann agus Bhus Átha Cliath.
tionchar millteach terrible effect
" D’éirigh thar barr leis na cait sa ról seo, ach bhí tionchar millteach acu ar an éanlaith, ar an drochuair.
cur i bhfeidhm putting into effect
" Ní hé go raibh teicneolaíocht nua i gceist; is cur i bhfeidhm nua a bhí i gceist agus tuiscint níos fearr ar na bealaí a raibh daoine sásta úsáid a bhaint as an dteicneolaíocht sa saol gnách laethúil.
tionchar effect
" Bhí tionchar ní nach beag freisin ar rochtain níos fairsinge ar leathanbanda sreangtha, gan sreang agus soghluaiste i dtíortha forbartha.
i bhfeidhm into effect
" Ach an ndéanfadh sé aon dochar dá dtéidís i léig faoi mar a chuaigh an fhístéip nó an gramafón? Leanfadh deachtóireacht i bhfeidhm gan aon nuacht a bheith á scaipeadh inti, ach tá an oscailteacht mar fhuil i gcóras daonlathach.
tionchar effect
" Deich mbliana ó shin bhí sé soiléir go mbeadh tionchar an-mhór ag an idirlíon ar thodhchaí an nuachtáin.
imirt have (effect)
" Is mar a chéile domsa lá an chomhairimh agus Cluiche Ceannais na Mumhan le Tiobraid Árann ag imirt i bPáirc Semple.
tionchar a imirt ar have an effect on
" Bhí barúil an Dr O Malley ag teacht sna sála ar cholún a bhí ag an iar-Thaoiseach, Garret Fitzgerald, san *Irish Times* inar nocht sé an tuairim gur cheart don Chomhaontas Glas tionchar a imirt ar an rialtas le stop a chur le caiteacha peannaideach na n-eagraíochtaí stáit ar chúrsaí teangan.
chur i bhfeidhm put into effect
" Bliain chorraithe a bhí ann i measc mac léinn agus lucht ollscoile toisc go ndearna an tAire Ard-Oideachas, Valérie Pécresse, raon leathan leasuithe ar an gcóras ollscolaíochta sa Fhrainc a chur i bhfeidhm, leasuithe ar chuir mic léinn agus múinteoirí araon ina n-aghaidh.
chur i bhfeidhm to put into effect
" Más buan mo chuimhne, ní raibh léitheoirí in ann tráchtaireachtaí a fhágáil fiú: is cuimhin liom seirbhís eile a shuiteáil i gcód mo bhlag chun tráchtaireacht a chur i bhfeidhm.
chur i bhfeidhm to put into effect
" Bheartaigh mé ó mhí roimhe sin maireachtáil shláintiúil a chur i bhfeidhm – neart aclaíochta a dhéanamh, gan an iomarca a ól, agus gan a dhath ach bia follán a ithe.
n-imreoidís would play, effect ...
" Bhí an baol ann go n-imreoidís feall ar an phobal Moslamach agus go leathnódh an deighilt idir an dá phobal.
tionchar effect
" Ní léir go hiomlán fós an tionchar a bheadh ag feidhmiú mholtaí na tuarascála ar shaol na craoltóireachta Gaeilge, ceann de na gnéithe is mó costas maidir le tacaíocht an stáit don teanga, lasmuigh den chóras oideachais.