Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oileadh go maith é he was well-educated
" Cuireadh ar scoil é go dtí Coláiste Éanna, oileadh go maith é agus cháiligh sé mar mhúinteoir.
an-léann uirthi who is very educated
" Fiú má labhraíonn mo pháistí Béarla liom, gheobhaidh siad freagra i nGaeilge!" Is léir gur duine í Anna a bhfuil an-léann uirthi agus atá paiseanta faoina post agus faoi theangacha go ginearálta.
triúr fear oilte, éirimiúil agus spéisiúil, three educated, intelligent and interesting men,
" Chaith mé cúpla oíche in Chipata, in aice le teorainn na Maláive, agus b'ansin a chas mé le triúr fear oilte, éirimiúil agus spéisiúil, Marcus, Michael agus Morgan.
deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach well-spoken, educated, intelligent and mannerly
" Ní shéanann siad go bhfuil ocras agus fulaingt agus SEIF i gceist, ach tá siad an-bhródúil as na dea-rudaí a bhaineann leis an tír: an tslí a bhfuil am ag daoine dá chéile, an dúlra, chomh deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach atá go leor de na daoine.
oilte educated
" I ndiaidh cúirtéireachta fada, phós sé Lydia Fraser, bean óg oilte a raibh a tuismitheoirí míshásta leis an chleamhnas.
mná a raibh ardoideachas orthu, highly-educated women
" Dáréag atá i gceist, ar mná ar fad iad - mná a raibh ardoideachas orthu, mná de chuid na meánaicme, mná a raibh roghanna acu agus mná atá, den chuid is mó, níos sine ná daichead bliain d’aois agus socair ina gcuid gairmeacha.
oilte trained, educated
" Is beag Afra-Pharaguach óg a bhfuil meánscolaíocht aige agus is beag forbairt a dhéanfaidh an pobal gan daoine oilte.
oileadh tú you were educated
" Bhí meánscoil anseo againn a ndéanfadh muid chuile shórt i nGaeilge go dtí an tríú bliain, ach bhí an múineadh trí Bhéarla chomh maith, bhíodh téarmaíocht á roinnt linn, agus bhí go leor nár thuig mé, ‘multiply and divide’ agus shíl roinnt daoine gur chineál hippy tú gur oileadh tú sa nGaeilge.
chleacht an t-aos léinn the educated classes practiced
" Tig linn Tolamaes-iú na faidhbe a ghairm den chur chuige cosantach a chleacht an t-aos léinn sa chás seo.
an-oilte very well trained/educated
" Na hinimircigh a bhain Éire amach, tá an-éagsúlacht teangacha acu agus cuid acu, is dream an-oilte iad.
le hoideachas of letters, educated
díriú ar oideachas níos fearr to concentrate on educating (the people) better
" “Anuas air sin,” a deir sí, “tá i gceist againn díriú ar oideachas níos fearr a chur ar an bpobal.