Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eagarthóireacht editing
" Mar shampla, má dhéantar fógra a thaifeadadh sa stiúideo is féidir liomsa é a sheinm ar mo ríomhaire san oifig, eagarthóireacht a dhéanamh air anseo agus é a sheoladh ar ais go dtí an stiúideo.
seomra eagarthóireachta editing suite
" Cuireann tú iarratas isteach chun sé chlár a dhéanamh, ach dá bharr sin bíonn tú ag iarraidh an stáisiún a shásamh an t-am ar fad, ó thosaíonn tú ag cur do smaointe ar páipéar go dtéann tú isteach sa seomra eagarthóireachta, agus ina dhiaidh.
eagarthóireacht editing
" Tá spéis aici sa ghrianghrafadóireacht chomh maith, go háirithe leis na ceamaraí digiteacha mar gur féidir léi eagarthóireacht a dhéanamh ar na pictiúir í féin.
seirbhís eagarthóireachta editing service
" Chomh maith leis sin, tá seirbhís eagarthóireachta á sólathar againn do chúpla comhlacht teilifíse agus tá taighde agus forbairt á déanamh againn faoi láthair ar thionscadal úrnua a thosnóidh an samhradh seo.
eagarthóireacht editing
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí an bheirt againn i mbun eagarthóireachta do dhreamanna eile roimhe sin ach theastaigh uainn a bheith ag obair ar leabhair a raibh spéis phearsanta againn féin iontu: leabhair ar ardchaighdeán scríbhneoireachta agus deartha - *Rince ar na Ballaí *le Dermot Somers, mar shampla.
eagarthóireacht editing
" Má thug sibh fá deara go raibh crut i bhfad níos fearr ar *Beo Ar Éigean* an mhí seo a chuaigh thart, bhí cúis mhaith leis sin, nó is mé féin a rinne an eagarthóireacht ar an liarlóg.
eagarthóireacht editing
" Cuireann na ríomhchláir seo ar chumas daoine míreanna físe a chur isteach ar a ríomhaire agus ansin eagarthóireacht a dhéanamh orthu sula dtaispeántar iad do lucht féachana.
eagarthóireacht editing
" Rinne Telegael an eagarthóireacht ar na pictiúirí, chuir siad fuaimrian leis, mheasc siad an fhuaim agus réitigh siad an leagan críochnúil le craoladh.
eagarthóireacht editing
" Féadaim a rá anois ar scor ar bith, ó tá cúig bliana is fiche den eagarthóireacht curtha isteach agam, nach rómhaith a luíonn aigne na heagarthóireachta agus aigne na smaointeoireachta le chéile de mo dhóighse.
ag eagarthóireacht editing
" Bhí trí seachtaine agat chun clár a dhéanamh agus bhí tú ag scannánaíocht, ag eagarthóireacht, agus ag réiteach don chéad chlár eile.
eagarthóireacht editing
" "Bhí Gráinne O'Carroll agam arís mar léiritheoir, agus rinne Juniper Calder an eagarthóireacht.
eagarthóireachta editing
" An raibh mórán eagarthóireachta le déanamh agat orthu? JMcB: Chuir mé athruithe beaga orthu anseo is ansiúd le go dtuigfeadh bunadh an lae inniu na scéalta níos fearr.
eagarthóireachta editing
" ” Iriseoireacht ======= Nuair a d’fhág Ó Muirí an ollscoil, thosaigh sé ag obair le *Fortnight Educational Trust*, áit a raibh sé i mbun eagarthóireachta agus fhoilsiú forlíonta a bhain le cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí Gaeilge.
eagarthóireacht editing
" Cúpla lá ina dhiaidh sin, chuirtí na híomhánna réalta ar ais chugainn le heagarthóireacht a dhéanamh orthu.
eagarthóireachta editing
" Tá cuid acu le cloisteáil beo ar an aer, agus daoine eile ag obair leo sa stiúideo, ag meascadh na fuaime nó i mbun eagarthóireachta, agus iad ag foghlaim scileanna teicniúla na ceirde.
a chur in eagar to edit
" Ní hé sin le rá nach féidir le gnáthdhaoine altanna a chur ar fáil do Vicipéid nó cinn atá ann cheana a chur in eagar.
eagarthóireacht cheart proper editing
" ” Bítear ag gearán go minic nach ndéantar eagarthóireacht cheart ar leabhair Ghaeilge, go gceartaíonn duine éigin na profaí ach nach gcuirtear moltaí ar fáil don scríbhneoir nó nach gcuirtear comhairle air faoin tslí a bhféadfaí feabhas a chur ar an saothar.
eagarthóireacht editing
" Caighdeán na Gaeilge san ollscoil Chomh maith le bheith ag gabháil don scríbhneoireacht agus don eagarthóireacht, tá léachtaí agus ranganna á múineadh ag Seán Ó Coileáin leis na blianta.
eagarthóireacht editing
" Ciallaíonn sé seo gur féidir aon ríomhaire le ceangal idirlín a úsáid chun eagarthóireacht a dhéanamh ar cháipéis.
eagarthóireacht editing
" Ach nach bhfuil seisean ag baint sochair astu ar mhaithe lena leas féin agus, ceist níos lárnaí arís, an ealaín atá i gceist leis an saothar seo nó tuairisciú de chineál éigin ar an dúil mhillteanach atá againne, daoine, clú agus aitheantas a bhaint amach dúinn féin, is cuma cén praghas atá le híoc againn? Tá “oifig” ag Collins istigh sa Tate atá mar chuid den taispeántas agus ina ndéanann sé eagarthóireacht ar a chuid scannán.
eagarthóireacht editing
" Rinne sé eagarthóireacht ar an tsraith *Te Ao Marama,* bailiúchán de chúig leabhar ficsin agus neamhfhicsin Maorach, 1980-93.
curtha in eagar edited
" Cúig imleabhar atá i gceist, a fhoilseoidh Oxford University Press, agus tá an chéad cheann foilsithe cheana, Imleabhar III, a phléann an leabhar i mBéarla ó 1550 – 1800, é curtha in eagar ag Andrew Hadfield agus Raymond Gillespie.
i gcórais eagarthóireachta dhigiteacha in digital editing systems
" Mar thoradh ar dhul chun cinn i gcumarsáid na satailíte agus i gcórais eagarthóireachta dhigiteacha thig le hiriseoirí a gcuid tuairiscí teilifíse a tharchur go gasta ó achan chearn den domhan.
áiseanna eagarthóireachta editing facilities
" B’éigean dóibh a gcuid áiseanna eagarthóireachta féin a cheannach leis an tsraith a léiriú mar go raibh orthu na buaicphointí a chur in eagar agus an clár á chur le chéile go gasta le go mbeadh sé “eisiach”.
a chur in eagar edit
" B’éigean dóibh a gcuid áiseanna eagarthóireachta féin a cheannach leis an tsraith a léiriú mar go raibh orthu na buaicphointí a chur in eagar agus an clár á chur le chéile go gasta le go mbeadh sé “eisiach”.
a chur in eagar. to edit.
" Fágadh faoi na páistí iad féin é ábhar na míreanna a roghnú agus rinne lucht Raidió na Life an t-ábhar sin a thaifeadadh agus a chur in eagar.
eagarthóireacht editing
" Is furasta a mhíniú céard is "físiriseoireacht" ann: déanann an físiriseoir chuile rud! Déanann sé an taighde agus an tiomáint; bíonn sé i mbun an cheamara agus na n-agallamh, agus go minic, na heagarthóireachta.
eagarthóireacht editing
" Tá an cur chuige foinse oscailte seo radacach ó thaobh léarscáileanna de toisc go dtugann sé deis do dhaoine eagarthóireacht a dhéanamh ar an eolas agus é a thabhairt cothrom le dáta go tapa.
é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach edit it in an understanding way
" "Ní fheicfidh daoine an chuid is measa de mar gurbh éigean do Jim é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach sa dóigh is nach múchfadh daoine a gcuid teilifíseán agus é ar siúl.
eagarthóireachta editing
" Bhris mé isteach i seomra eagarthóireachta chun eagarthóireacht a dhéanamh ar na físeáin saor in aisce – bhí mé ag dul i bhfiontar di.
in eagar edited
" In aon lá amháin, de réir an chuntais chéanna, cuireadh cúigear saighdiúirí Éireannach chun báis i St Germain toisc go bhfuarthas ciontach iad i ngoid agus i marú (féach freisin ‘The Stuart Court in Exile and the Jacobites’, curtha in eagar ag Eveline Cruickshanks agus ag Edward Corp).
eagarthóireacht editing
" Is féidir cáipéisí is pictiúir a tharraingt ó do ríomhaire féin; is féidir eagarthóireacht a dhéanamh ar na cáipéisí céanna; agus is féidir daoine breise a tharraingt isteach más gá.
fo-eagarthóireacht sub-editing
" ” Ní raibh aon neart ar ndóigh, ag údair na turascála (ó Ollscoil Uladh agus Ollscoil Luimnigh) ar an cheannlíne úd agus thiocfadh le fo-eagarthóireacht níba thomhaiste é a chur i láthair níos cruinne: “*Bilingual People Have a Social and Educational Advantage - Report*.
ó thaobh na heagarthóireachta de as regards editing
" Chuir muid romhainn caighdeán ard a bhaint amach fosta ó thaobh na heagarthóireachta de agus, ar ndóigh, scríbhneoireacht ilghnéitheach den scoth ar chur ar fáil do na léitheoirí.
eagarthóireacht editing
" Déanaim eagarthóireacht ar an ábhar a thaifeadaim agus úsáidim *Audacity*, bogearra saor in aisce chun é sin a dhéanamh.
eagarthóireachta editing
" Dá mhéid an réimse atá ann is amhlaidh is fearr é, ach san am céanna tá sé tábhachtach go mbeadh caighdeán maith ann ó thaobh ábhar an leabhair, ó thaobh eagarthóireachta, ó thaobh dearadh agus más féidir, ó thaobh díolaíochta agus dáiliúcháin.
eagarthóireacht editing
" ’Sé sin, go nglacann sé míreanna fada aon-seat, agus, nuair a chuirtear le chéile iad, cruthaítear an seachmall go dtiteann an scéal amach i bhfíoram, os ár gcomhair féin le linn fhad an scannáin sa cineama, gan seift ná cleas ná eagarthóireacht d’aon tsaghas eile ag teacht idir an léiritheoir agus a phobal.
na ngnás eagarthóireachta the usual editing habits
" Mar sin, tugann Kiarostami dúshlán na ngnás eagarthóireachta agus inste scannáin atá ina bhíobla sa ghairm againn ó aimsir Eisenstein agus ‘Sraith na gCéimeanna Odessa’ anall - bíodh is nárbh Eisenstein amháin a chum ná a cheap na bun-choischéimeanna graiméara scannáin sin.
chuir na dánta in eagar edited the poems
" Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar.
eagarthóireacht editing
" Ar *Quora* is féidir vóta a chaitheamh ar son an freagra is fearr ar cheist, is féidir tráchtaireacht a fhágáil ar cheist agus fiú amháin, is féidir eagarthóireacht a dhéanamh, ní hamháin ar fhreagra ach ar an gceist féin.
eagarthóireacht editing
" Tá an eagarthóireacht chomh snoite sin nach feasach dúinn go minic cioca ar amlíne na máthar, nó ar aistear na hiníne atáimid.
eagarthóireacht editing
eagarthóireacht is thaighde editing and research
" Oibríonn an chuid is mó d’fhoireann Raidió na Life ar bhonn deonach agus bíonn éagsúlacht deiseanna ar fáil d’oibrithe ann mar sin idir léamh na nuachta, thuairiscí le déanamh ar ócáidí speisialta, daoine a chur faoi agallamh, eagarthóireacht is thaighde.
Curtha in eagar ag edited by
" Curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus Máire Ní Neachtain.
chursaí eagarthóireachta matters of editing
" , Praghas: €20, Foilsitheoir: Cois Life, ISBN: 9781907494260 Eagrán nuachóirithe den treoirshaothar do na meáin chumarsáide Gaeilge ina gcuirtear forbairtí nua san earnáil, na meáin nua, plé ar chursaí eagarthóireachta agus gnéithe eile san áireamh.
post eagarthóireachta editing job
" ” ‘A Dhaidí na Nollag, a chara mo chroí, bhí mé i mo ghasúr maith le bliain anuas, agus i gcúiteamh air sin ba mhaith liom post eagarthóireachta eile a fháil mar bhronntanas Nollag.
láimhseáil cheamara agus eagarthóireacht using a camera and editing
" 
Bhí suim riamh aici sa taobh theicniúil den tionscal, láimhseáil cheamara agus eagarthóireacht, srl.
ceardlanna go dtí an eagarthóireacht workshops to editing
" Toisc na hoibre ar fad (ó na ceardlanna go dtí an eagarthóireacht) a bheith sa teanga mhionlaithe, bhí comhthuiscint agus comtháthú idir na baill foirne.
eagarthóireacht, riarachán editing, administration
" Déantar gach gné den obair a bhaineann leis an iris, idir eagarthóireacht, riarachán, agus obair theicniúil, go hiomlán i nGaeilge.
curtha in eagar edited
" Scéalta John Ghráinne Uí Dhuibheannaigh, an seanchaí Conallach, atá le léamh agus le cloisteáil sa phacáiste (i)An áit a n-ólann an t-uan an bainne(/i), atá curtha in eagar ag Seán Mac Labhraí agus a bhfuil leabhar agus DVD mar chuid de.