Cibé duine atá ceart nó mícheart sna cúrsaí seo go léir, is deacair a rá, ach is cinnte nach bhfuil deireadh fós le ceisteanna, leath-thagairtí, ná le ráflaí faoi ábhar atá ag creimeadh spórt na rothar agus spórt eile le fada.
Tá créacht agus loscadh cléibh eile ag creimeadh misnigh óg is aosta, in Éirinn go háirithe, agus braithim, ceart nó mícheart, go bhfuil ciúnas aduain ina thaobh.