Ach ansin chuirfí arís na ceisteanna: cé a chuir an buama ar Eitilt Pam Am 103, agus cén fáth?
Sular cúisíodh al Megrahi agus Lamin Khalifa F’himah, nár ciontaíodh, ceapadh go forleathan gur
earcaigh an Iaráin sceimhlitheoirí Palaistíneacha le díoltas a bhaint amach mar gheall ar an 290 duine a maraíodh ar Eitilt Aer Iaráin 655 nuair a shíob an USS Vincennes as an aer é “de thimpiste” ar 3 Iúil, 1988.