Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
foinn desire, eagerness
" Is é an smaoineamh atá taobh thiar de seo go mbeidh níos mó foinn ar dhaoine freastal ar chluichí ar thrathnóna deas samhraidh seachas oíche ghruama gheimhriúil, agus go dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán na himeartha de bharr go mbeidh na páirceanna ar chaighdeán níos fearr.
fonn eagerness
" Is le fonn a dhéanfaidh mé é sin, cé nach bhfuil mé cinnte an "saol" é i ndáiríre.
cíocras eagerness
" Is é an rud atá i gcoiteann acu ná nach bhfuil aon rud eile acu ina saol seachas an cíocras seo chun iad féin a chur in iúl trí mhéan na healaíne.
cíocras léinn eagerness of learning
" Is mó go mór an cíocras léinn is litríochta is díospóireachta atá orm ná an t-áiméar atá agam ar a shásamh; ná an cumas atá ionam a shásamh, leoga.
cíocras léinn eagerness of learning
" Is mó go mór an cíocras léinn is litríochta is díospóireachta atá orm ná an t-áiméar atá agam ar a shásamh; ná an cumas atá ionam a shásamh, leoga.
flosca chun cáinte eagerness to criticise
" Tá an oiread flosca chun cáinte air gur mór an t-iontas nár chuir sé an milleán ar Shinn Féin as teip fhoirne na hÉireann i gCaerdydd agus i dTel Aviv.
díocas chun oibre eagerness to work
" Gan obair sa mbaile, ach le hoideachas nó scileanna maithe agus díocas chun oibre, thrasnaíodar an tAigéan Atlantach ar víosaí turasóireachta agus d'fhanadar, ag tógáil tithe i mBostún, ag tarraingt piontaí i Nua-Eabhrac, nó ag garraíodóireacht i Siceágó.
flosc chun comhrialtais eagerness to join a coalition government
" Ní bheadh flosc chun comhrialtais ar Higgins é féin ná ar a leathbhádóir, Clare Daly, má thoghtar í.
le díocas agus le croí with eagerness and heart
" D’imir Éire le díocas agus le croí agus thug léasadh ceart do na Sasanaigh.
oiread flosca ná fuadair as much eagerness and hurry
" Ach murab ionann agus a cur chuige i leith cheist an luath-thumoideachais agus i leith theanga teagaisc na Pobalscoile úire sa Daingean, ní léir go raibh oiread flosca ná fuadair ar an Aire Hanafin tabhairt faoin phrácás áirithe seo.
bhfonn eagerness
" Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann nach léann mo chuid scríbhneoireachta leis an bhfonn céanna a léifidís Joe Steve Ó Neachtain mar shampla.
a ndúthracht neamhleithleach their selfless eagerness
" Ach nuair a smaoiníonn tú ar a ndúthracht neamhleithleach ar son na síochána ar feadh na mblianta ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha Arabacha thart timpeall ar an stát Giúdach, is ait an rud é nach raibh Kristol agus Kagan ainmnithe don Duais Nobel go fóill.
Cuireann an flosc chun forbartha the eagerness for development (reminds me)
" Cuireann an flosc chun forbartha an borradh a bhí faoi thionscal na tógála roimh chliseadh an gheilleagair i gcuimhne dom.