Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dtraipéisí in the dustbin
" Glactar le beartais áirithe de chuid na bpáirtithe éagsúla fad is a chaitear cinn eile i dtraipéisí.
mbosca bruscair na staire the dustbin of history
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
mbosca bruscair ar leith a particular dustbin
" An é go gcuirtear na liathróidí ‘contúirteacha’ i mbosca bruscair ar leith a thugtar go dtí an t-ionad athchúrsála tar éis an chluiche agus go gcuirtear na liathróidí neamhchontúirteacha in áit eile agus go mbaintear feidhm astu arís an chéad lá eile? Rud eile, chuala mé tráchtaire amháin á rá nár mhór ‘creidmheas’ a thabhairt d’fhoireann a rinne cosaint mhaith nó a leithéid.
le cinntiú go bhfolmhaítear na boscaí bruscair to ensure that the dustbins are emptied
" Mar a dúirt an fear grinn tuaisceartach, Jake O Kane, ní ann do Chomhairle Bhaile na Mainistreach le sinn a shábháil ó Ifreann; tá siad ann le cinntiú go bhfolmhaítear na boscaí bruscair agus go gcuirtear daoine atá marbh sa chré.