Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i ndrochthriomach in a bad drought
" Deirtear gurb é an rud deireanach a bhíonn fágtha i ndrochthriomach seachas na gníomhairí stoic.
triomach drought
" Cuireann an aimsir as dóibh go minic - triomach, cuir i gcás, nó tuilte nó tinte.
triomach neamhghnáthach an unusual drought
" (Tá triomach neamhghnáthach sa réigiún le roinnt blianta anuas; meastar go bhfuil baint ag na hathruithe san aimsir leis an triomach seo.
fógartha faoi thriomach drought-declared
" Tá New South Wales ar fad, ach amháin ruainne beag bídeach sna Snowy Mountains, fógartha faoi thriomach.
Triomach drought
" 2012: Triomach agus fuacht mór sna tíortha Lochlannacha.
triomach drought
" (Is tír an-tirim í an Astráil agus tá triomach ar siúl anseo le trí bliana anuas!) Luaigh mé an scoil samhraidh, nó An Daonscoil, níos luaithe agus faoi láthair bíonn sí ar siúl gach Eanáir ar feadh seachtaine i mbaile beag lasmuigh de Melbourne, príomhchathair Victoria, agus freastalaíonn cuid de mhic léinn Chanberra uirthi.
thriomach drought
" Ach is minic é faoi bhrú cheana agus tháinig sé slán - ó thriomach, bochtanas agus dífhostaíocht.
triomach drought
" Ach tá sé ráite gurb é an ceann seo an triomach is measa le breis is céad bliain.
a chosnódh iad in aon triomach, which would protect them in any drought,
" Is é an straitéis atá ag an dá eagraíocht seo talamh a bhfuil réimse leathan de ghnáthóga agus d’ainmhithe dúchasacha orthu, ach atá á úsáid anois le haghaidh beithíoch nó caorach, a cheannach ar an ngnáthmhargadh i gcoimhlint le feilméaraí, an stoc a dhíol agus ionad caomhnaithe a thabhairt do na hainmhithe dúchasacha a chosnódh iad in aon triomach, dá olcas é.
triomach drought
" An Turlach Mór Is díol suntais é go bhfuil an loch ollmhór seo, an turlach is mó ar domhan, b’fhéidir, le feiceáil faoi láthair i limistéar ina bhfuil triomach ann le blianta anuas.
triomach drought
" Tá bánú na tuaithe ar siúl le blianta fada chomh maith, agus meastar go gcuirfear leis an gclaonadh seo i ngeall ar an triomach a thit amach ní ba mhinice le fiche bliain anuas.
triomach drought
" Thóg siad eallach isteach agus rinne innilt na n-ainmhithe seo an-dochar do na foinsí traidisiúnta bia a raibh an mhuintir dhúchais logánta ag brath orthu, go háirithe nuair a thit triomach amach sa limistéar tirim seo.
triomach drought
" Ag cruinniú mullaigh de chuid an G20 ag tús 2010, is éard a bhí le rá ag uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, faoi Lula ná: “Sin é an fear!” Le tuiscint cad is cúis leis an ngrá seo ar fad caithfidh muid dul siar sa stair, siar chuig an triomach a chéas drochthailte an stáit bhoicht Pernambuco in oirthuaisceart na tíre sna 1950í.
De bharr an triomaigh because of the drought
" De bharr an triomaigh, ní raibh rath ar fheirm a mhuintire agus go gairid tar éis do Lula teacht ar an saol, thug a athair aghaidh ar chathair mhór São Paulo, mar a rinne na milliúin eile.
triomach dry spell, drought
" I ndiaidh an tseaca, tháinig an choscairt agus an triomach.
triomach is measa worst drought
" Idir 1895 agus 1902 a bhí an triomach is measa i luathstair na nEorpach san Astráil, ar ar tugadh An Federation Drought, agus chonaic an cailín óg an tionchar uafásach a bhí aige ar na feirmeacha timpeall ar Gunnedah.
ba mheasa buailte ag triomach struck worst with drought
" Is intuigthe má leagtar béim áirithe ar athrú aeráide leis an té a shiúil tailte agus campaí seasca na Somáile nó tíortha teo na Saiheile, an chuid sin den domhan ba mheasa buailte ag triomach agus ag leathnú an ghaineamhlaigh dá réir.
triomach drought
" Tá an triomach is measa le fada acu san Astráil faoi láthair agus tá sé ag spreagadh díospóireachta faoi thodhchaí na feirmeoireachta.
triomach drought
" D’fhéadfadh an triomach atá ann san Astráil faoi láthair leanúint ar aghaidh go ceann blianta, a deir Dáithí Ó Colchúin .