Cuireadh an tuairim chun cinn go raibh cuid den mhilleán ar lucht oiliúna go raibh imreoirí Shasana agus, cé chreidfeadh é, imreoirí na Brasaíle, á scrios ag drochoiliúint – oiliúint a leagann béim ar mhéid, neart agus láidreacht an imreora agus ar thaicticí do-lúbtha seachas ar scileanna an chluiche a fhorbairt agus a dhaingniú.