Rinneadh an pictiúr *Interior Scene* i gConamara i 1948, mar shampla, ina dtaispeánann sé radharc brionglóideach de bhean agus a corp leathchlúdaithe ag géag sméar dubh agus cuirtín.
Is fear millteanach brionglóideach
mé, agus imíonn m’intinn ar strae mar a bheadh leipreachán beag ann, agus roimh i bhfad, bhí mé ar shiúl leis na féileacáin in ionad a bheith sa léachtlann – an áit ba chóir domh a bheith, ag diúl isteach gach focail a bhí le rá ag na daoine léannta agus tábhachtacha seo.
Spreagann portráidí ciúine aislingeacha Leonardo Da Vinci an croí mar shampla agus tugann portráidí de leithéid, Francis Bacon spléachadh dúinn ar an anam chéasta.
Nuair is in ísle brí ar fad atáim casaim ‘Window To Paris’ le Yuri Mamin (1993) – pléaráca ceart faoi dhornán beag Rúiseach ar féidir leo dreapadh caol díreach isteach i bPáras mealltach na mbrionglóidí trí fhuinneog a n-árasán suarach i gCathair Naoimh Peadar! Mairid idir ganntanas na scuainí vodca sa bhaile agus an rabharta raidhsiúil thar lear.