Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhféadfaí tarraingt astu which could be drawn on
" - Bhí, ag an am céanna, neart cur chuige, tallainne agus acmhainní a bhféadfaí tarraingt astu ar fáil sa chontae.
tarraingíonn sí ar she draws on
" Is marthanóir í Donna agus tarraingíonn sí ar fhoinsí inmhéanacha agus seachtracha le í féin a choinneáil slán agus, mar aon leis an tacaíocht agus sólás a fhaigheann sí óna muintir féin, a máthair agus a deirfiúracha Anna agus Martha, a fhanann go dilís léi i gcónaí.
ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar guilty of drawing contempt and hatred on
" Ghearr an breitheamh dhá bhliain charcrach ar Nadezhda Tolokonnikova (22), Maria Alyokhina (24) agus Yekaterina Samutsevich (30) as a n-agóid, a mhair 40 soicind agus dúradh leo, ‘gur diamhasla míofar a bhí ann a bheith ag mallachtú san eaglais’ agus go raibh siad ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar an Eaglais Cheartchreidmheach.
tharraing sé cic ar an liathróid he drew a kick on the ball
" Is féidir glacadh leis nach raibh sé i gceist ag Ó Conaill a chéile comhraic a ghortú, ach ní mó ná cúramach a bhí sé nuair a tharraing sé cic ar an liathróid a bhí an-ghar do chloigeann an imreora a bhí ar an talamh ag an am.
an fhearg sin a tharraingt orthu féin to draw that temper of his on them
" Is cosúil, nó tá sé ráite ar aon nós, go raibh faitíos, sceon b’fhéidir, ar imreoirí roimh fhearg Ferguson agus nár mhaith leo an fhearg sin a tharraingt orthu féin trí chluiche a chailleadh.
tharraingeodh fíor-dhrochmheas ar would draw really bad disrepute on
" Ach níorbh iad na rudaí sin ba mheasa; bhí baol mór ann go rithfeadh an tír as airgead reatha chun iasachtaí a íoc, rud a tharraingeodh fíor-dhrochmheas ar na Stáit Aontaithe mar fiachóir.
iompar poimpe a tharraingt anuas orthu go léir to draw down pomp (and ceremony) on all
" Is ait an mac saol na polaitíochta nuair a chinneann duine aonair iompar poimpe a tharraingt anuas orthu go léir.