Thug Liz Curtis cuairt ar Inis Meáin níos luaithe i mbliana, áit a ndeachaigh sí ar thóir na carraige ar a suíodh an drámadóir Synge go minic céad bliain ó shin.
Cé gur tógadh an gearrscéalaí, úrscéalaí, drámadóir agus léirmheastóir Éilís Ní Dhuibhne i mBaile Átha Cliath tá oiread scríofa aici i nGaeilge is atá sa Bhéarla.
Is drámadóir, úrscéalaí, file, eagarthóir agus scoláire é Robert Welch, an tOllamh le Béarla in Ollscoil Uladh, a bhfuil clú idirnáisiúnta air ach tá dáimh i gcónaí aige leis an Ghaeilge.